6 Samhain 2021 (Gaillimh) - podcast episode cover

6 Samhain 2021 (Gaillimh)

Nov 06, 20215 minEp. 67
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá de mhí na Samhna. Is mise Ella Hassett.

Thosaigh an Chomhdháil um Athrú Aeráide nó COP26, atá ar siúl i nGlaschú in Albain, an tseachtain seo. Is tionól é COP26 ina dtagann tíortha, ceannairí cultúrtha, gníomhaithe agus grúpaí eile le chéile chun na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach agus beart a dhéanamh chun athrú aeráide a stopadh. Thug an Taoiseach Micheál Martin a aitheasc i nGlaschú tráthnóna Dé Máirt agus bhí dearcadh dearfach aige maidir leis an todhchaí. Dúirt sé nach raibh sé ródhéanach le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus go ndéanfadh Éire a cuid chun an domhan a thabhairt slán. Dúirt sé go raibh dualgas ar Éirinn agus ar thíortha eile níos mó a dhéanamh chun na fadhbanna a bhaineann leis an athrú aeráide a réiteach. Tá sé i gceist ag an Rialtas Éireannach anois a phlean aeráide a fhoilsiú roimh dheireadh na seachtaine. 

Cheiliúir an stáisiún teilifíse Gaeilge TG4 a bhreithlá Oíche Shamhna. Seoladh Teilifís na Gaeilge, an tríú stáisiún teilifíse sa stát, i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara i 1996. Bhunaigh Míchéal D. Ó hUigín an stáisiún agus é ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus thug sé cuairt ar Ros na Rún ar an deireadh seachtaine seo caite le haitheantas a thabhairt don cheiliúradh cúig bliana is fiche ar aer. Chomh maith leis sin sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin leabhar nua TG4@25 ag ócáid i mBaile Átha Cliath Déardaoin. Sa cheathrú céid ó bunaíodh TG4, is é sprioc an stáisiúin an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun cinn i bpobal na hÉireann agus ar fud an domhain. I mí Dheireadh Fómhair, chuir TG4 fáilte roimh fhógra an rialtais sa Cháinaisnéis go mbeidh ceithre ponc dhá mhiliún euro de mhaoiniú breise don stáisiún i fiche fiche is a dó.

Tá sé ráite ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil. Is líne chabhrach é Childline, a bhunaigh Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí i 1989 chun tacaíocht a thabhairt do pháistí suas le hocht mbliana déag d'aois. Dúirt Childline nach bhfuil polasaí acu faoi labhairt na Gaeilge nó aon teanga eile ach gurb é an Béarla an teanga a úsáidtear chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do pháistí. Tháinig an scéal seo chun cinn nuair a dúradh le hoibrí Childline gan Gaeilge a labhairt le páistí a úsáideann an tseirbhís tacaíochta, cé gur éirigh leis an oibrí céanna comhrá a dhéanamh as Gaeilge. Faigheann Childline thart ar ceithre chéad míle glaoch gach bliain ó pháistí ar fud na tíre. Tá thart ar fiche cúig míle páistí ina gcónaí sa Ghaeltacht faoi láthair.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe - Global Goals for Sustainable Development

aitheasc - address

aitheantas - recognition

an Cháinaisnéis - the Budget

líne chabhrach - helpline

Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí - Irish Society for the Prevention of Cruelty to Children

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android