27 Samhain 2021 (Baile Átha Cliath) - podcast episode cover

27 Samhain 2021 (Baile Átha Cliath)

Nov 27, 20214 minEp. 70
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an 27ú de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Bhuaigh Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir as Maigh Eo atá ina chónaí ar an Spidéal, an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na ‘An Post Irish Book Awards’ ar son a leabhair, Madame Lazare. Roghnaíodh leabhar Mhic Dhonnagáin don ghradam as gearrliosta de chúig theideal. Baineann plota an úrscéil le bean óg a dhéanann iarracht tuiscint a fháil ar rúndiamhair shaol a seanmháthar, a theith ón Eastóin sna 1930idí chun géarleanúint na Naitsithe ar Ghiúdaigh a éalú. Dúirt Breandán Ó hEaghra as ‘Love Leabhar Gaeilge’ gur éacht iontach é don scríbhneoir agus don fhoilsitheoir an gradam a bhuachan don chéad úrscéal agus gur dea-thuar é an bua do thodhchaí fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Sa tSibéir, tá ceithre dhuine dhéag ar a laghad tar éis bás a fháil agus na scórtha eile fós ar iarraidh i mianach guail Rúiseach. Ar an Déardaoin, lasadh smúdar guail i seafta aerála, rud a líon an mianach le deatach de réir na Seirbhísí Éigeandála. Mar gheall ar na leibhéil chontúirteacha meatáin sa mhianach, ba ghá an oibríocht tarrthála a chur ar fionraí ar eagla go dtarlódh pléascadh. Sin a dúirt gobharnóir an réigiúin, Sergei Tsivilev. Osclaíodh cás coiriúl chun faillí sa mhianach a imscrúdú.

Tá an chéad Phríomh Aire baineann sa tSualainn, Magdalena Anderssen, tar éis éirí as a post seacht n-uair an chloig tar éis dian ról a ghlacadh. Thit rialtas Anderssen as a chéile nuair a d’fhág a comhpháirtithe sa chomhrialtas ón gComhaontas Glas mar agóid i gcoinne dhiúltú na Parlaiminte tacaíocht a thabhairt do bhuiséad an rialtais. Agus í ag éirí as, dúirt Anderssen go raibh sí corraithe cailíní a spreagadh ar fud na Sualainne lena ceannaireacht ach nár íomhá mhaith í seo de pholaitíocht na Sualainne.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

rúndiamhair - mystery

géarleanúint - persecution

smúdar guail - coal dust

meatán - methane

oibríocht tarrthála - rescue mission

comhrialtas - coalition

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android