iGaeilge - podcast cover

iGaeilge

Concubhar O Liathainpodcasters.spotify.com
Podchraoladh a thugann mo léargas ar chúrsaí an tsaoil agus rudaí a mheallann mo shúil is m'áird.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

iGaeilge - an phingin ag titim maidir le Breatimeacht agus na meáin scríofa Gaeilge

Dá mba rud é go mbeinn ag tosnú amach le ceachtar den dhá cheist seo - an Bhreatimeacht nó na meáin scríofa Ghaeilge - ní bheinn ar shon bheith ag tosnú san áit seo. Tá an phingin - nó an cent - ag titim le Tóraithe go mbeidh deireadh le hAontas amháin má leanann an phlean ar son Breatimeacht crua, agus ní h-é Aontas na hEorpa a bheidh deireadh leis. Maidir leis an gcomhairliúcháin ar na meáin scríofa Gaeilge atá tionscnaithe ag Foras na Gaeilge. Tá moltaí déanta acu a thabharfaidh breis airgid ...

Jul 09, 201935 minSeason 2Ep. 6

iGaeilge203 - Iarnród Éireann, Google Translate agus RTÉ

Ar maidin inniu agus mé á cheistiú ar chlár Breakfast Newstalk, dúirt Barry Kenny, úrlabhraí Iarnród Éireann, go mbeadh réiteach ann gan mhoill, an mhí seo chughainn, mí Iúil, nó Mí Mheán Fómhair ar a mhoille, ar an fhadhb a fhag go mbíodh cacstaí déanta d'ainmneacha Gaeilge le sínte fada ar chomharthaí leictreonacha ar shuíocháin traenach a bheadh curtha in áirithe. Tá Google Translate á léiriú anois mar aistritheoir meaisín nach bhfuil ionchurtha le mór theangacha na hEorpa, Fraincís is Gearmá...

Jun 26, 201927 minSeason 2Ep. 3

iGaeilge202 - Corn an Domhain Sacar na mBan, Comharthaíocht Dhá Theangach ó Thuaidh agus eile

Tá mí caite, beagnach, ó bhíos ar na podthonnta go deireannach. Bím ag podchraoladh le Litriocht de ghnath na laethannta seo nó tá post nua faighte agam le Litriocht.com. Ar an eagrán seo táim ag caint faoin páirc éagothrom imeartha atá ann do thrachtaireacht Ghaeilge sa chraoltóireacht atá á dhéanamh ag TG4 agus RTÉ, comharthaíocht dhá theangach uaidh...agus eile....bígí ag éisteacht.

Jun 20, 201921 minSeason 2Ep. 2

IGaeilge. 22 chloch naoi bpúnt

Meascán d'abhair inniu ach tús á fhógairt agam lem' fheachtas folláíne nua anseo. Is é mo mheachan ná 22'9" agus táim tosnaithe ar fheachtas 12 sheachtain deag chun sin a thabhairt síos faoi 20 cloch. Clochmhle mór é sin i dtreo a thabharfaidh mé níos faide ó dheas arís! Tuilleadh ábhair sa chlár faoi toghcháin, Jade Pepper agus eile.

May 03, 201911 minSeason 1Ep. 42

iGaeilge - Lá Mór na Filíochta agus Sciorradh Teanga Mhícheál Martin

Inniu Lá Náisiúnta na Filíochta agus tá cúpla dán á aithris san eagrán seo de iGaeilge. Dánta le Risteárd de HIndeberg, 'Gael Mise', agus Liam Ó Muirthille ( a aistriúchán ar dhán le Rimbaud). Chomh maith tá trácht ann ar theanga mhíchúramach Mhicheál Martin a mhaígh go raibh SF ag déanamh úirlis cogaidh den Ghaeilge. Ní gá aontú le seasamh SF ar an nGaeilge le h-aithint gur caint gan chiall é seo, caint seanachaite a bhionn in úsáid ag phairtithe aondachtacha. Tá gach páirtí an DUP, TUV agus UU...

May 02, 201918 minSeason 1Ep. 41

iGaeilge - An Báidín Teanga, Glúin na Gaelscoilise agus Ard Teist

Tá sé á thuairisciú ag Tuairisc.ie ar maidin nach mbeidh aon marcanna/pointí bónais ann do dhaltai Ard Teiste a thugann fé ábhar nua Ghaeilge a bheidh dírithe ar aos na Gaeltachta is na nGaelscoileanna nuair a thabharfar isteach an bhliain seo chughainn é. Ar ndóigh tá an iomarca béime ar scruduithe sa leagan amach atá againn ar ár gcóras oideachais. Ar cheart níos mó béime a bheith ar fhoghlaim na Gaeilge, seachas ar mharcanna arda ann? An bhfuil ár gcóras oideachais ag cur ár bpáistí sa treo m...

Apr 30, 201921 minSeason 1Ep. 40

iGaeilge - Cad a tharlóidh anois?

Tar éis an méid a bhí le rá ag an Athair Martin McGill inné ag sochraid an iriseora dúnmharuithe, Lyra McKee, agus é ag diriú a mhéar, de réir cosúlachta ar na polaiteoirí nár sheas le chéile go dtí a h-anbhás, cad a tharlóidh anois? Ceist casta í sin le ríomh agus ceist atá ag spreagadh go leor ceisteanna, cuid acu ciallmhar. Cíoraim an cheist sin agus ceisteanna eile sa chaint seo.....

Apr 25, 201922 minSeason 1Ep. 39

iGaeilge - 'Saighdiúirí na Spéaclaí Gréine' agus eile

Bhaineas ana thaithneamh as an Cháisc i mbliana idir searmanaisí, uibheacha cásca agus,go h-áirithe, bheith sa bhaile le mo mhuintir. Bhaineas taithneamh ar leith as Ionramh an Chamino a craoladh ar TG4 oíche Luan Cásca. Ach rud amháin a chur olc orm, an 'máirseáil' a thug Saighdiúirí na Spéaclaí Gréine, baill de 'Saoradh', ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, dhá lá tar éis dhúnmharú an iriseora óg, Lyra McKee. Is iomaí duine ar maraíodh le linn an Chogaidh ó thuaidh ach goil...

Apr 23, 201916 minSeason 1Ep. 38

iGaeilge - Dúnmharú Lyra McKee agus Gile Mo Chroí

Inniu Aoine an Chéasta. Bliain is fiche ó shin mhúscail mé i mBéal Feirste ar Aoine an Chéasta agus bhí dóchas san aer mar go raibh Comhaontú Aoine an Chéasta á aontú agus bhí ré nua ag breacadh, shamhlaíomar. I mbliana mhúscail mé agus an scéal a raibh ar an raidío bhain sé bean óg,iriseoir cumasach, a maraíodh agus í i láthair ag ciréib i nDoire Cholmcille. Is amhlaidh go raibh Lyra McKee ag seasamh ar chúl poilíní nuair a scaoil gunnadóir leis na poilíní. Bhuail piléar Lyra agus maraíodh í. B...

Apr 19, 201918 minSeason 1Ep. 36

iGaeilge -Corn Domhanda Sacar na mBan agus imeachtaí spóirt eile, Bréag Nuacht agus eile

An mbeidh rogha trachtaireachta Gaeilge ar fáíl le h-aghaidh na cluichí ón gCorn Domhanda do Pheil na mBan a bheidh á chraoladh ar RTÉ an Samhradh seo (comhthogra atá ann idir RTE agus TG4)? Agus beidh mé ag caint ar an ndiospóireacht faoi Bhréag Nuacht a bhí ar 7 Lá an oíche dheireannach - agus cad é a cheapaim faoin gconspóid?

Apr 17, 201922 minSeason 1Ep. 35

iGaeilge - Notre Dame, Corn Domhanda Sacar na mBan agus an Ghaeilge

Rith roinnt smaointe liom agus mé ag éisteacht leis an gcaint ar fad faoi Notre Dame Pharas, a loisceadh i dtine aréir, agus an scéal go mbeidh craoladh beo ar chluichí ó Chorn Domhanda Sacar na mBan ar TG4 agus RTÉ 1 an Samhradh seo. Maidir le Notre Dame, is uafásach an scéal é ach ar a laghad nior nior maraíodh éinne. Rith sé liom go bhfuil sé ait go bhfuil an oiread san imní ar roinnt trachtairí faoin ardeaglais seo, siombal de Chultúr na hEorpa agus cuid tabhachtach den oidhreacht sin, ach g...

Apr 16, 201917 minSeason 1Ep. 34

iGaeilge - Kneecap, Cluiche na gCorónach agus Pleanáil Teanga

Is maith liom Kneecap agus tá áthas an domhain orm go bhfuil siad ag saothrú clú agus cáil - agus cúpla púnt - ón gceol aisteach a bhionn ar siúl acu. Ní fhásann na 'baggies ar an talamh' ar na crainn. Is maith liom Game of Thrones. Ní maith liom go bhfuil ciníochas á cheangal in aon slí le pleanáil teanga sa Ghaeltacht....

Apr 15, 201913 minSeason 1Ep. 33

iGaeilge - Diospóireacht faoi Phleanáil Teanga ar 7 Lá

Is duine 'gloine leath lán' mise. Ní thagaim leis an smaoineamh atá coitianta go bhfuil an Ghaeltacht ar leaba a báis. Feictear dom go bhfuil dóchas agam as an nglúin atá le teacht agus an tasc atá romhamsa ná an oiread agus is féidir a dhéanamh chun feabhas ar chúrsaí san idirlinn. Tá an eagrán seo de iGaeilge ag féachaint ar phlé a bhí idir Ronán Mac an Iomaire, Stiurthóir Phleanála Teanga an Údaráis, agus an teangeolaí, Brian Ó Curnáin ar an eagrán is déanaí de 7 Lá, a chuir Máirín Ní Ghadhra...

Apr 11, 201922 minSeason 1Ep. 32

IGaeilge - an leithscéal sin ar 7 Lá agus cad a deir sé faoi sláinte an dhioschúrsa phoiblí i saol na Gaeilge - agus síntí fada arís!

San eagrán seo cuirim ceist faoin leithscéal sin ar 7 Lá aréir - cén fath ar gabhadh leithscéal? Cá bhfuil an clár ar a raibh an t-abhar a spreag an leithscéal? Tá 7 Lá, 26 Márta, imithe den seinnteoir. Dá mba rud é go raibh mise ar ais ar Bhórd TG4 bheinn ag cur go leor ceisteanna faoin eachtra áirithe seo mar go bhfagann sé TG4 faoi scamall.

Apr 10, 201923 minSeason 1Ep. 31

iGaeilge - Tír Gan Teanga, Tír gan Ainm!

Tir gan teanga, tír gan ainm. Chuala mé an plé ar maidin idir Ciarán Ó Cofaigh agus Seán Ó Rourke faoi chonspóid na sínte fada. Seo mo thuairim faoi....

Apr 09, 20199 minSeason 1Ep. 30

iGaeilge - Is Breá Liom Gaeilge ach...sínte fada, postaeir toghcháin

Dea smaoineamh an lae: Cuir ceist ar do choiste bailte shlachtmhara áitiúil iarraidh ar pholaiteoirí gan ach postaeir i nGaeilge nó dhá theangach leis an Ghaeilge in uachtar a chrochadh in airde sa Ghaeltacht. Cuir ceist ar do pholaiteoir áitiúil nuair a thagann siad chuig do dhoras....má tá sé iontu teacht go dtí do dhoras ag lorg do vóta.... Aon litríocht a thagann ó aon iarrthóir atá i mBéarla amháin a thagann chughamsa, ní bhfaighidh sé nó sí aon vóta d'aon uimhir uaimse..... Abhair eile atá...

Apr 08, 201927 minSeason 1Ep. 29

iGaeilge - Baile Mhúirne/Baile Bhuirne agus Gaeltacht Mhúscraí

Fáilte rómhaibh go dtí an eagrán is déanaí de mo phodchraoladh. Seo iGaeilge ar an Luan, 25 Márta, 2019. Tá an podchraoladh seo á thaifeadadh agus ó chraoladh ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí. Ag caint aréir i mBaile Mhúirne mhol Cormac Ó hAodha go n-úsáidfeadh daoine sa cheantar 'Gaeltacht Mhúscraí' ina seoltaí poist le tabhairt le fios do na h-údaráis gur ann don Ghaeltacht i gContae Chorcai agus gan ligint don tuiscint sin imeacht as radharc.

Mar 25, 201921 min

iGaeilge - Sceimhlitheoirí Chultúrtha

Fáilte romhaibh a chomh Sceimhlitheoirí Chultúrtha, sinne atá ag iarraidh inár slí beag féin bheith ag obair ar son na Gaeilge agus rud éigean a dhéanamh chun í a thabhairt slán agus beo beathach don ghlúin a thagann inár ndiaidh. Inné thug an Choimisiún um Ghearáin Craolacháin breith i leith ghearán a rinne Julian de Spáinn faoi théarma maslach, Cultural Terrorists, a thug Ivan Yates ar dhaoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge. Diultaíodh don ghearán ar an ábhar gur diospóireacht poiblí a bhí a...

Mar 22, 201917 minSeason 1Ep. 20

iGaeilge - Oibiachtúlacht agus cás na Gaeilge/na Gaeltachta

Fáilte romhaibh chuig an eagrán seo de iGaeilge. Inniu an 21ú Márta, comhnocht an Earraigh. Tá síneadh breá sna trathnóntaí. Ábhar a fhéadfadh bheith conspóideach atá á phlé inniu - oibiachtúlacht na h-iriseoireachta, an bhfuil feidhm leis i ré an idirlín? Agus conas mar a bhaineann sin le cás na Gaeilge/na Gaeltachta?

Mar 21, 201925 minSeason 1Ep. 19

iGaeilge - 7LáTG4 agus Gluaiseacht Cearta Sibhíalta na Gaeltachta

Fáilte romhaibh chuig an eagrán is déanaí de iGaeilge. Cothrom an ama seo, ar an 18ú Márta 1969, a cuireadh tús le Gluaiseacht Cearta Sibhíalta na Gaeltachta. Eagrán suimiúil agus ba mhór is fiú an leath uair breise. Ba bhreá a thuilleadh eagráin mar seo. Ag an am chéanna bhí an fócas ró mhór ar an aimsir atá caite agus an méid a baineadh amach i 1969 agus ó shin - gan a dhothain béime ar na ceachtanna atá le foghlaim ag an nglúin seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Bhí sé ...

Mar 20, 201925 minSeason 1Ep. 18

Gaeilge105 - Corp/Éadaí/Bia/Dathanna/Cruthanna (Body/Clothes/Food/Colours/Shapes)

Fáilte romhaibh go dtí an podchraoladh seo ina bhfuilimíd ag díriú ar thuismitheoirí le páistí atá ag freastal ar scoileanna lán Ghaeilge nó Gaeltachta. Díríonn an eagrán seo ar an gcorp, éadaí, bia agus deoch, dáthanna agus cruthanna. Bain taithneamh as. Welcome to this podcast which is focused on supporting parents whose children are attending Irish medium and/or Gaeltacht schools. This edition focuses on terminology to do with the body, clothes, food and drink, shapes and colours. Enjoy....

Mar 19, 20198 minEp. 5

iGaeilge - Gluaiseacht Cearta Shibhíalta na Gaeltachta 1969-2019 agus Mise Éire le Tura Aratura

Seo chughaibh an eagrán is déanaí de iGaeilge agus inniu táim ag plé Gluaiseacht Cearta Shibhialta na Gaeltachta, gluaiseacht a tháinig ar an bhfód leath chéad bliain ó shin agus a bhain go leor amach lena linn. An bhfuil gá lena leithéid arís? Cad é a bheadh á éileamh againn? Cad é atá de dhith chun sin a bhaint amach? In eagrán an lae inniu, den chéad uair, tá píosa ceoil againn ó Tura Aratura, an ceoltóír is an ealaíontóir a tháinig chughainn ón Aifric agus atá anois níos Gaelaí ná na Gaeil f...

Mar 19, 201925 minSeason 1Ep. 17
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android