Bhí ana cheiliúradh againn inné ar an bhféile náisiúnta i Múscraí agus paráid ana shiamsúil i mBéal Átha'n Ghaorthaidh. Inniu, táimíd ag smaoineamh ar an ghnath shaol, Éire Aontaithe agus an 'brat úd' i Nua Eabharc, an Bhreatimeacht agus casadh eile arís ar an mbóthar agus rudaí deasa Gaelacha a thárla inniu cheana féin.
Mar 18, 2019•23 min•Season 1Ep. 16
Inniu, 15 Márta 2019, tá ceannaras nua Ráidío Fáilte ag oscailt i mBéal Feirste. Is mór an spreagadh a scéal, thosnaigh siad ag craoladh gan cheadúnas. Taca an ama seo anuraidh a bronnadh an gradam 'Staisiún Ráidió na Bliana' ar Ráídió Fáilte ag Féile na Meán Cheilteach. Is fada an bóthar é sin! Spreagann sé mé le tabhairt faoin bpodchraoladh seo - agus podchraoladh a bheidh á sheoladh agam go luath le díriú ar Chúil Aodha, m'áit dhúchais anseo i nGaeltacht Mhúscraí. In éagmais irischlár dár gcu...
Mar 15, 2019•9 min•Season 1Ep. 15
Seo é an eagrán is déanaí de iGaeilge ina dtugaim m'fhreagra ar an chorr is déanaí i gcás theaghlaigh Dhomhnach na Fola ar son na cora agus an chasadh is déanaí ar bhóthar chasta na Breataine i dtreo na Breatimeachta. Domhnach na Fola Eanair 1972 Le Dónal Ó Liatháín Mar a shníonn an Fheabhail go leathan, go ngéilleann sí don ghlas-mhuir, Thárla slad-mharú an Eanáir san bhliain a seachtó dó Nuair a ghluais an slua gan airm ar mhór-shiúl d’éileamh cearta Is i nDoire teann na bhfallaí d’ardaíodh an...
Mar 14, 2019•21 min•Season 1Ep. 14
Tá an podchraoladh seo dírithe ar thuismitheoirí le daltaí ar scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga teagaisc ann - scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, tuismitheoirí ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Tá an podchraoladh ag díriú ar chúrsaí scoile, ag scríobh nóta chuig an Priomhoide/Múinteoir, ag cabhrú le do pháiste obair bhaile a dhéanamh. This podcast is aimed at parents whose children are attending Irish medium schools and who want to improve their Irish. This particular...
Mar 14, 2019•11 min•Ep. 4
San eagrán seo de iGaeilge, tugaim faoi fhíseán atá éisithe ag Fianna Fáil ag déanamh ionsaí ar an Rialtas faoin slad atá á dhéanamh ag an nGaeltacht. Cé go bhfuil go leor den fhírinne sa bhfíseán, tá slad déanta ar an nGaeltacht le tamall de bhlianta anuas, deich mbliana a luaitear san fhíseán, bhí FF i gcumhacht nuair a thosnaigh an slad seo. Go deimhin i 2002/3, bhí Éamon Ó Cuív ina Aire nuair a gearradh go substaintiúil buiséad an Údaráis (agus buiséad an Fhorais). Agus FF i gcumhacht i 2010...
Mar 13, 2019•18 min•Season 1Ep. 13
Seo áis do thuismitheoirí atá páistí leo ag freastal ar Scoil Gaeltachta nó Gaelscoil nó scoil ar bith ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh ann agus iarracht á dhéanamh ar an tumoideachas. This is a resource for parents/guardians whose children are attending Irish medium schools. Díríonn an eagrán seo ar an scoil. This edition focuses on the school. Beidh páirteanna eile ar an ábhar seo. There will be follow up editions on this subject.
Mar 13, 2019•6 min•Ep. 3
Tá éagsúlacht ábhar faoi chaibidil ar phodchraoladh an lae inniu agam. An údar íoróín a bhainim ó bhuairt Rialtas na Breataine go ndéanfaidh Aontas na hEorpa feall orthu maidir leis an gCúl Stad, ar cheart d'Éirinn dul go dtí an Eoraifís, an bhfuil an cheart ag Seosamh Ó Cuaig go bhfuil daoine buartha faoi SF i gcomhrialtas agus an chorr is déanaí is sobal fada na sínte fada......
Mar 12, 2019•23 min•Season 1Ep. 12
Seo an dara mhír den rang Ghaeilge seo. Tá sé dírithe ach go h-áirithe ar thuismitheoirí atá páistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna. This is the second installment of my Irish class. It's aimed specifically at parents/guardians whose children are attending Gaeltacht schools or Irish medium schools.
Mar 11, 2019•2 min•Ep. 2
Roinnt tuairimí fánacha uaim faoin bpop up Gaeltacht i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, fograí Gaeilge ar an raidió agus na meáin soisialta agus go leor eile. Cúpla fógra freisin.
Mar 11, 2019•23 min•Season 1Ep. 11
Seo podchraoladh speisialta do dhaltaí atá ag freastal ar ranganna atá á múineadh agam faoi láthair. Tá na ranganna seo dírithe ar thuismitheoirí go bhfuil a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoileanna/Scoileanna Ghaeltachta. Sna scoileanna seo is í an Ghaeilge teanga na scoile. Tá fáilte romhaibh an podchraoladh seo a scaipeadh ar bhúr gcáirde atá ag foghlaim más maith libh. Gaeilge/Gaoluinn Mhúscraí isea an chanúint atá agam.
Mar 08, 2019•5 min•Ep. 1
Fáilte go dtí an eagrán is déanaí de mo phodchraoladh, iGaeilge. Seo mise ag caint faoin gconspóid is déanaí maidir le méid an Bhéarla ar TG4. Dar liom tá an cainéal idir dhá thine Bhealtaine. Ní féidir leis an croí phobal a shásamh gan níos mó Gaeilge a chraoladh ach ní féidir leis an staisiún maireachtain san aeráid pholatúil (na déine) atá ann gan an mór phobal a thabhairt lei. Tá gá dár liom le cainéal nua ar líne ar nós Molscéal agus Bloc chun riar a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí fásta. Tá gá ...
Mar 08, 2019•2 min•Season 1Ep. 9
Bhíos ar mo shuaimhneas glan ar maidin agus mé ag siúl le mo dhá ghadhar. Chuas suas i dtreo Barr d'Ínse agus stopamar ag an droichead thar an tSuláin in aice leis an scoil. Chuala mé fuaim na h-abhann ansan. Agus d'áírigh mé na grastaí ó Dhia - grastaí an tsaoil más fearr leat - agus ansan d'fhilleas agus briseadh isteach ar mo shuaimhneas le smaointe faoin mhéid a bhí le rá ag Karen Bradley i leith na daoine ar mharaigh Arm na Breataine agus Póilíní ó thuaidh le linn na coimhlinte. Dar lei, na...
Mar 07, 2019•28 min•Season 1Ep. 8
Mo fhreagra ar Lá na Meán Soisialta 2019, ceann de mhór laethannta Seachtain na Gaeilge na bliana seo. An tabhacht atá leis an Ghaeilge a úsáid ar líne agus gan beag a dhéanamh den mhéid Gaeilge a labhartar/a úsáidtear ar na meáin soisialta. Deir daoine nach ionann é agus an fíor chomhrá a bhionn agatsa agus agamsa nuair a chastar ar an sráid sinn. Ní aontaim. Tá luach leis agus ní beag é, ní beag é in aon chorr. Tagraim freisin don nós atá ag Gaeil bheith ró bhreithiúnach i leith Gaeilge dhaoin...
Mar 06, 2019•18 min•Season 1Ep. 7
A cháirde, seo léargas níos pearsanta b'fhéidir ar mo shaol inniu, tar éis dom filleadh ar m'áit dhúchais ó bheith ó thuaidh, mo shaol i Múscraí, thar nais le mo chlann agus mo mhuintir, Cór Chúil Aodha, múineadh na Gaeilge/Gaoluinne, cén fath go bhfuilim ag déanamh an podchraoladh seo in aon chorr. Maireann sé timpeall leath uair a chloig. Ná h-ábair ná bhfuair tú foláireamh.
Mar 05, 2019•29 min•Season 1Ep. 6
Seachtain na Gaeilge atá ann agus ba cheart go mbeimís ag ceiliuradh na Gaeilge - agus tá - ach ar dtúis roinnt nótaí do chraoltóirí ar nós an BBC a chreideann gur deá smaoineamh é bheith ag déanamh cocstaí d'ainmneacha Gaeilge a fhoghrú - rud nach ndéanfadh siad le teangacha eile de réir mo thaithí. Tá an BBC agus craoltóiri seirbhíse poiblí eile - táim ag caint fúibh, RTÉ - in ainm is a bheith neodrach. Tá rud éigean le rá agam faoi éileamh iar imreoirí aitheanta an CLG ó thuaidh go mbeadh an ...
Mar 04, 2019•25 min•Season 1Ep. 5
Podchraoladh ina gcuirtear fáilte roimh cheapachán Victor Bayda ó Mhoscó ina Oifigeach Pleanála Teanga in Uibh Ráthach agus ina ghuítear rath ar a chuid oibre. Is mór an spreagadh atá tugtha ag Victor dúinn cheana féin lena chaint ar na meáin. Ba cheart freisin bheith chomh cúramach faoi bheith ag fógairt bhás na Gaeilge sa Ghaeltacht agus atá Met Éireann ag moladh dá faisnéiseoirí aimsire bheith i dtaobh 'Téamh Domhanda'. Agus tuilleadh....
Feb 26, 2019•19 min
Ní ghlacaim leis an dtuar a rinne Seán Ó Cuirreáin, iar choimisinéir teanga, agus é ag tagairt don mbaol go n-iompófaí an Ghaeilge ina 'zombaí theanga' de bharr go bhfuil an Rialtas tar éis a hata a chaitheamh leis an dteanga. Fúinn féin atá slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Nach bhfuil an ceacht sin foghlamtha againn go fóill! Is tá go leor tuair dóchais ann ach iad a thabhairt faoi ndeara.
Feb 18, 2019•24 min
San eagrán seo tugaim mo léargas ar scannán nua Netflix, Velvet Buzzsaw, scannán atá lonnaithe i saol ealaín Los Angeles agus atá gné scanrúil ósnadúrtha ag baint leis. Tá suim agam san ábhar ós rud é go rabhas mé féin ag obair i nDánlann go dtí le déanaí. Agus tugaim gairdeas freisin do mo sheancháirde, Seamus agus Seán Mac Seáin atá ag fáil Gradam Ghlór na nGael ag an deireadh seachtaine nuair a bronnfar na gradaim ar fad ag ocáid in Óstán Ghlasáin, Co. na hIarmhí.
Feb 07, 2019•17 min
Podchraoladh i nGaeilge, iontas na n-iontas. Beidh míreanna éagsúla sa phodchraoladh - rachtanna feirge, tuairiscí nuachta, agallaimh, léamhanna, ranganna is eile.
Feb 06, 2019•18 min