Ar an gclár seo bhí Aindriú Ó Ciardha ag caint linn faoina vóta a chaitheamh i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe go luath an tseachtain seo caite agus cuid mhór de mhuintir na Stát Aontaithe ag caitheamh vótaí inniu, príomhlá vótála an toghcháin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Sheán Ó Muiris i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin linn le labhairt faoina bPreabGhaeltacht a bheas acu mar cheiliúradh ar an Samhain! D'éisteamar le ceol freisin ó Ghael eile sa chathair, Dónal Danny Ó Ceall...
Nov 05, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Cabríní de Barra ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid. Chomh maith leis sin, chualamar scéalta daoine sa Soláthar Díreach agus na cúinsí maireachtála sna hionaid S.D. faoi láthair.
Oct 29, 2024•27 min
Ar an gclár seo chualamar ó Angus Lambkin a labhair linn faoi chúrsaí sa Phalaistín i láthair na huaire agus a chuid oibre i nGaza, théis na bliana is measa den chinedhíothú ar an tír le fada. Chomh maith leis sin, d'éisteamar le meascán ceoil speisialta a rinne Aindriú Mac an Rí do dhúnadh Club Chonradh na Gaeilge agus i gcuimhne Seosamh Ó Conchúir agus labhraíomar faoin gclár seo a rinne iaraoi ar an gclár seo Nadia Dobrianska le TG4 faoi éalú a teaghlaigh ón Úcráin go Corcaigh ag tús ionsaí n...
Oct 15, 2024•26 min
Ar an gclár seo chualamar ó Mhollaí Nic Céile linn le labhairt faoina leabhar úr nua 'Gaeilge i mo Chroí'! Chomh maith leis sin, labhair muid le Trevor Ó Clochartaigh ar bronnadh gradam "H.E.A.R.T" air ón Idaho Museum of International Diaspora mar chuid den Chomhdháil "Climate on Culture" a bhí ar siúl le gairid i nGaillimh le daoine as gach cearn den domhan!
Oct 08, 2024•27 min
Ar an gclár seo chualamar ó Thomás Ó Riain ag caint linn ó Learpholl Sasana faoi tríú léacht bliaintiúil a bheidh ar siúl sa chathair ar an 22 Dheireadh Fómhair in omós do Tony Birtill, comheagraithe ag Conradh na Gaeilge, Learpholl agus Féile na nGael Learpholl. Chomh maith leis sin, chualamar ó Mhicheáilín Nic Sheoin, Ellen Corbett agus Amergín Ó Caoindealbháin faoi chúrsaí Gaeilge i Strasbourg agus an Pop Up Gaeltacht a bheas ar siúl acu sa chathair Déardaoin beag seo!
Oct 01, 2024•26 min
Ar an gclár seo chualamar ó Stiofán Ó Foghlú, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin linn le labhairt faoi Thionól na Gearmáine, an tábhacht a bhaineann leis an méid gur féidir linn a fhoghlaim ó ghrúpaí Gaeilge timpeall na cruinne agus inimircigh, agus go leor eile!
Sep 24, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Brent Ó Casaide linn le labhairt faoi Fhleadh Ghaelach Oulu san Fhionlainn, ar siúl ón 25-29 Meán Fómhair le héagsúlacht ceoltóirí agus scéalaithe i measc go leor eile ar an gclár spleodrach! Chomh maith leis sin, labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge faoin imeacht ag a mbeidh sí ag labhairt, comheagraithe ag @Conradh na Gaeilge Craobh na Bruiséile agus Feisire Pharlaimint na hEorpa, Cynthia Ní Mhurchú sa Bhruiséil, díospóireacht painéil ar "Theangacha ar s...
Sep 17, 2024•24 min
Ar an gclár seo bhí an tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag caint linn ó na Cluichí Parailimpeacha i bPáras na Fraince faoi bhuanna uile Foireann na hÉireann, searmanas mór dúnta na gCluichí agus go leor eile. Chomh maith leis sin labhraíomar le Máirín Nic Fhionghuin as an oileán Leodhais ó dhúchas faoin léacht a thabharfaidh sí féin faoi logainmneacha a léiríonn ceangail stairiúla idir Éirinn agus Albain ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gai...
Sep 10, 2024•27 min
Ar an gclár seo bhí Seanán Ó Coistín ag labhairt linn faoina úrscéal Gaeilge grafach úr 'Scott Pilgrim', ainmniúcháin an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe mar chuid de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, faoi fhreastal ar Comic Con Bhaile Átha Cliath le gairid agus go leor eile!
Sep 03, 2024•22 min
Ar an gclár seo bhí an scéalaí, drámadóir, draíochtóir agus eile, Quentin Reynolds a bhog ó Mhanchain go Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin, linn le labhairt faoina chuid oibre agus léiriú dá chuid scéalaíochta a rinne sé le gairid ag Oideas Gael le Gaeil as gach cearn den domhan. Chomh maith leis sin bhí Tony Ó Floinn linn le labhairt faoin léacht a thabharfaidh sé faoi Phádraig Phiarais Cúndún agus a shaol in Éirinn agus i Meiriceá ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in...
Aug 27, 2024•27 min
Ar an gclár seo bhí Darach Ó Tuairisg linn ó Fíbín le labhairt faoi "Súil Eile: Oíche Idirnáisiúnta Drámaíochta" inar ghlac Fíbín páirt ann le gairid. Chomh maith leis sin éistfimid siar le píosa ó níos luaithe sa samhradh inar labhair Bríd Anna Ní Bhaoill linn faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a chomhreachtáil sí féin agus a chomhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste le Gaeil sna Stáit Aontaithe, Seoirsín Ní Mheachair ina measc!
Aug 20, 2024•26 min
Clár speisialta a bhí anseo le breathnú siar ar na Cluichí Oilimpeacha 2024 agus buanna uile Foireann na hÉireann. Labhair tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh linn tar éis dó filleadh ó Pháras!
Aug 13, 2024•27 min
Ar an glcár seo bhí an t-Ollamh Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn ó Mhinnesota, áit a bhfuil sí mar léachtóir, faoina léamh is déanaí ar thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí an Dr Pádraig Ó Liatháin ó Ollscoil Chathair BhÁC, atá i mbun taighde ar lámhscríbhinn Gaeilge in Ollscoil Columbia University, Nua Eabhrac, ag breathnú ar naisc trasAtlantacha ag an Leabharlann "Rare Books and Manuscripts", linn le labhairt faoina cuid taighde sall.
Aug 06, 2024•29 min
Ar an glcár seo bhí an Dr Ronan Ó Conghaile ó Let's Learn Irish ag labhairt linn faoi na folúntais atá acu do mhúinteoirí Gaeilge dá gcuid daltaí i Washington DC agus ar fud na cruinne! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Dunbar ag labhairt linn faoi phodchraoladh 'Seachtain' leis an Irish Independent a rinne sé le Brian Ó Broin agus Séamus Ó Neachtain sna Stáit Aontaithe faoi Trump agus na feachtais toghchán uachtaránachta faoi láthair.
Jul 23, 2024•25 min
Ar an gclár seo bhí Bríd Anna Ní Bhaoill linn le labhairt faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a chomhreachtáil sí féin agus a chomhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste le Gaeil sna Stáit Aontaithe, Seoirsín Ní Mheachair ina measc! Chomh maith leis sin bhí Seán Ó hUltacháin ag labhairt linn faoina chuid ealaíne agus a chuid oibre ar chúrsaí oidhreachta agus filíochta, go háirithe an píosa a rinne sé le déanaí mar cheiliúradh ar Logainmneacha Gaidhlige, dar teideal Glasraighe.
Jul 16, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí an Feisire nuathofa Cynthia Ní Mhurchú linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, torthaí na dtoghchán agus a cuid pleananna dá tréimhse mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill linn ón ngrúpa Gaeltacht sur Seine le labhairt faoi cheiliúrdh 15 bliana den ghrúpa agus torthaí toghchán uachtaránachta na Fraince.
Jul 09, 2024•30 min
Ar an gclár seo bhí Hannah Ní Dhoimhín, Bainisteoir Dréimire, eagraíocht dírithe ar Sheirbhísí Teanga a chur ar fáil ar fud na cruinne, linn le labhairt faoina bhfuil i gceist le Dréimire agus faoin seoladh a hoifige nua a bhí acu sa Phota café ar an Tulach i gConamara an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin bhí Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin ag labhairt linn faoin scoláireacht de chuid Fondúireacht Ollscoil Éireann Ceanada a bronnadh uirthi chun an Ghaeilge a theagasc i dToronto, Ce...
Jul 02, 2024•25 min
Ar an gclár seo, bhí Lorna Johnson beo i stiúideó Raidió na Life linn le labhairt faoina turas ón Nua Shéalainn go hÉirinn i láthair na huaire, cúrsaí polaitíochta na Nua-Shéalainne agus a turas leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin bhí an Feisire nua-aththofa Seán Kelly MEP linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa le gairid, torthaí na dtoghchán agus a chuid pleananna dá chéad tréimhse eile mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.
Jun 25, 2024•27 min
Ar an gclár seo, chualamar haidhcú dar teideal "Santōka: A Bhealach Féin" ón scríbhneoir agus Stiúrthóir Imram, Liam Carson a léirigh an haidhcú úd mar chuid d'Fhéile na Gealaí le gairid. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Molly Nic Céille faoina turas go Bostún do Phop-Up Gaeltacht leis an Irish Network Boston ansin le gairid agus a cuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn trína gcainéil ar na meáin shóisialta 'Gaeilge i mo chroí'.
Jun 18, 2024•25 min
Ar an gclár seo bhí Patrick O'Leary, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann ag labhairt linn faoi léacht a thug an Dr Katriona O'Sullivan san ollscoil an tseachtain seo caite agus eile! Chomh maith leis sin cloisfimid cuid den chéad díospóireacht poiblí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa a reachtáladh le gairid agus ar roinneadh taifead leis i rith na míosa.
May 28, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Ùdarás na Gaeltachta ag caint linn faoi phainéal cainte ar ghlac sé páirt ann faoi thionchar na hintleachta saorga ar chùrsaí oibre i Stanford California le gairid. Chomh maith leis sin bhí Caoimhe Glas agus Ríoghnach Nic Ainmhire ó Choiste Craiceáilte Charn Tochair i nDoire linn le labhairt faoin oíche 'Biongó Lócó' a bheas acu chun airgead a thiomsú do mhuintir na Palaistíne.
May 21, 2024•27 min
Ar an gclár seo bhí Jeffrey Sardina ag labhairt linn faoin agóid a bhí ag mic léinn Choláiste na Tríonóide, é féin ina measc, ar son na Palaistíne agus in aghaidh na nascanna atá ag an ollscoil le hIosrael, i measc eile. Labhraíomar freisin faoi na Toghcháin Eorpacha a mbeidh deis ag muintir na hÉireann vóta a chaitheamh iontu ar an 7 Meitheamh.
May 14, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Caitríona Irving, a chónaigh in áiteanna éagsúla timpeall ar na Stáit Aontaithe i rith a saoil agus Nollaig Bonar, a chaith am san Albain in Oileán an Phrionsa Edward agus linn ó Chalifornia agus Èirinn, le labhairt linn faoina dturais ag cur lena gcuid Gaeilge agus ag reachtáil ciorcal comhrá trasAtlantach!
Apr 30, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Aisling Ní Bhrádaigh, Ceanasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi na Toghcháin Eorpacha ina mbeidh deis ag muintir na hÉireann vótáil ar an 7 Meitheamh, conas a bheith cinnte go bhfuil tú cláraithe le vótáil agus an feachtas atá ar siúl ag an eagraíocht, dar teideal "Is Féidir Vótáil, Taim ag Vótáil!"
Apr 23, 2024•27 min
AAr an gclár seo bhí Áine Uí Fhoghlú ón ngrúpa úr Gaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair an ghrúpa, faoina fheachtas Solas do Pháistí Gaza agus faoin oíche filíochta a nglacfaidh sí páirt ann i gCorcaigh chun airgead a thiomsú don Phailistín.
Apr 16, 2024•25 min
Ar an gclár seo bhí Gearóid Ó Treasaigh linn ó Ollscoil Naomh Thomáis i Fredericton Ceanada, áit a bhfuil scoláireacht ICUF idir lámha aige. Chomh maith leis sin bhí John Woods linn ón mBruiséil le labhairt faoin gcéad díospóireacht poiblí Gaeilge a reachtáladh le gairid i bParlaimint na hEorpa a raibh sé féin mar chathaoirleach uirthi.
Apr 09, 2024•27 min
Ar an gclár seo bhí Seannachán Ó Cinéide linn le labhairt faoi imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Massachusetts na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí Eoghan Mac Cormaic, iarphríosúnaí Poblachtánach i bpriosiún na Ceise Fada, linn ag caint faoina leabhar úr 'Gaeil agus Géibheann', a thaithí leis an nGaeilge sa phriosiún, Gaeilge i Westminster sa 19ú hAois agus go leor eile.
Mar 12, 2024•27 min
Ar an gclár seo bhí Deirdre Ní Mhathúna ón Little Ireland Arts Collective san Albain ag labhairt linn faoin imeachtaí Sheachtain na Gaeilge san Albain! Chomh maith leis sin chualamar cuid de cheol cara le Deirdre, Máire McCarthy an ghrúpa.
Mar 05, 2024•24 min
Ar an gclár seo bhí Pádraig Mac Brádaigh ó Choláiste na Tríonóide ag labhairt linn faoina feachtasaíochta don chéad ról lánaimseartha mar Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn san ollscoil agus faoi Éigse na Tríonóide le gairid. Chomh maith leis sin bhí Lorna Johnson as an Ríocht Aontaithe ach ina cónaí sa Nua-Shéalainn anois ag caint linn faoi cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge sa tír le craobh Chonradh na Gaeilge Aotearoa ar sheachtain Lá le Pádraig.
Feb 27, 2024•25 min
Ar an gclár seo bhí Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag labhairt linn faoina turas chuig na Stáit Aontaithe le gairid, ag labhairt le mic léinn Ollscoil Harvard faoi Chonradh na Gaeilge agus a chuid feachtas; Ardfheis Chonradh na Gaeilge agus na craobhacha CNAG a bheas ag freastal air ó áiteanna ar fud na cruinne; agus faoi chúrsaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath 15, a ceantar féin!
Feb 20, 2024•25 min