Ar an gclár seo bhí Barra Ó hÉireamhóin ag labhairt linn faoin tionscnamh iontach atá ar siúl aige le grúpa cairde ar fud na cruinne chun airgead a bhailiú do chatharnachtaí a oibríonn ar chúrsaí meabharshláinte. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le píosa a rinne Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC linn faoi Scoil Samhraidh COBÁC a bhíonn ar siúl gach samhradh san Ollscoil le héagsúlacht imeachtaí mar chuid de!
Feb 13, 2024•27 min
Ar an gclár seo bhí Emma de Paor agus Lena Krochmann linn ó Ériú Leipzig, grúpa mac léinn a oibríonn ar mhionteangacha sa Ghearmáin, linn le labhairt- trí mheascán de Ghaeilge agus Ghaidhlig (Gaeilge na hAlban!) - faoina ngrúpa agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl acu. Chomh maith leis sin bhí Ruth Ó Laoide Kelly linn ón mBruiséil le labhairt linn faoi imeachtaí atá ar siúl ag Craobh na Bruiséile de Chonradh na Gaeilge do Lá le Bríde.
Jan 30, 2024•27 min
Ar an gclár seo bhí Seathrún Sardina ag insint dúinn faoin bpop up Gaeltacht agus faoina thuras chun na Stáit Aontaithe ag comhdhálacha taighde. Chomh maith leis sin bhí Mags, bainisteoir Ciorcal Comhrá Stutgartt ag labhairt linn faoin ngrúpa Gael atá acu sa chathair Ghearmánach agus a gcuid imeachtaí!
Jan 23, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Oisín O'Mahony, Oifigeach Gaeilge agus iar-Chathaoirleach na Cologne Celtics, club Cumann Luthchleas Gael Cologne, ag labhairt linn ó Bonn na Gearmáine faoin gclub agus a shaol ansin! Chomh maith leis sin bhí Diarmaid Ó Maolagáin ó Manotick, Ceanada, Tánaiste Ghaeltacht an Oileáin Úir, ag labhairt linn faoi Fhéile na Sneachta agus Tiomsheachtain Gaeilge atá á eagrú ag an ngrúpa!
Jan 16, 2024•25 min
Ar an gclár seo bhí Seán Ó Muiris agus Dónal Ó Ceallaigh linn le labhairt faoi Phreab-Ghaeltacht Frankfurt na Gearmáine ar siúl sa chathair go míosúil. Chomh maith leis sin chualamar amhrán Gaeilge de chuid Danny féin!
Jan 09, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Tomás Mac Seáin as na Stáit Aontaithe ag labhairt linn faoina chuid staidéir ar an nGaeilge agus a ainmniúchán do dhuais Ollscoil na hÉireann. Chomh maith leis sin bhí Gearóid Ó Drisceoil ag labhairt linn faoina thuras dochreidte ag dreapadh an tsléibhe Kalo Yala sna Himaléithe.
Dec 26, 2023•26 min
Ar an gclár seo bhí Seán Ó Ceallaigh, ball de Chairde na Pailaistíne Bhéal Feirste, ag labhairt linn faoin ngrúpa agus a gcuid oibre, cad atá de dhíth ó shaoránaigh agus ó cheannairí don Phailistín agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Ríoghnach Hyland ag labhairt linn faoi sheoladh Craobh na Bruiséile de chuid Conradh na Gaeilge le gairid agus an pobal Gaelach sa chathair.
Dec 19, 2023•26 min
Ar an gclár seo bhí Peadar Devlin agus Pádraig Mac Brádaigh, beirt mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, ag labhairt linn faoina n-óige sa Ghearmáin agus sna Stáit Aontaithe, a gcuid staidéir agus go leor eile!
Nov 21, 2023•26 min
Ar an gclár seo bhí Niamh Ní Bhroin ar Ollamh Comhalta í in Ollscoil Agder san Iorua ag labhairt linn faoina saol agus a cuid oibre ansin! Chomh maith leis sin bhí Alex Nic Philibín ag labhairt linn ón Spáinn faoina cuid oibre ar chúrsaí Catalónacha, Bascacha agus Gailíseacha.
Nov 14, 2023•30 min
Ar an gclár seo beidh Ellen Corbett ag labhairt linn faoin bPop Up Gàidhealtachd (popup Gaeilge na hAlban) a bhí aici ag Oireachtas na Samhna ag an deireadh seachtaine! Chomh maith leis sin bhí Brian Ó Broin linn le labhairt faoi laoch na nGael, Dineen Grow a cailleadh le gairid, an éacht a rinne sí thar na blianta do phobal na Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus go leor eile.
Nov 14, 2023•30 min
Ar an gclár seo ar Oíche Shamhna chualamar ó Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire. Chomh maith leis sin chualamar ó Sara McNamara a d'inis dúinn faoina cuid taistil go Maspalomas, Gran Canaria le gairid, an t-ilteangachas ann, an sos intinne a fuair sí agus go leor eile.
Oct 31, 2023•32 min
Ar an gclár seo chualamar ó Robert Henneberg ó Ambasáid na Gearmáine linn faoi Mhalartán Cultúrtha a bhí ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin leis an teangeolaí Sorbaise, craoltóir raidió, grianghrafadóir agus ceoltóir Matej Dzislawk agus an t-ealaíontóir agus acadóir Éireannach, Eoin Mc Evoy. Chualamar cuid de cheol Sorbach Matej ar an gclár freisin.
Oct 24, 2023•27 min
Ar an gclár seo chualamar ó Dhiarmaid Breathnach ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín faoi láthair, léirsithe in Éirinn agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí an Dr Eoghan Mac Conaill Óig, Ollamh Cúnta le Gnó in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, linn le labhairt faoin Máistreacht sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach atá fógartha acu san ollscoil le gairid, deiseanna ó thaobh ilteangachais de, taisteal thar sáile leis na scileanna ón máistreacht seo agus go leor eile.
Oct 17, 2023•30 min
Ar an gclár seo chualamar ó Shéamus Ó Broin ó Ghrúpa Gaeilge Manchain a labhair linn faoin bhféile ealaíon a bhíonn ag an ngrúpa gach bliain agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Seoirsín Ní Mheachair ó Chraobh Chumar an Dá Uisce de chuid Chonradh na Gaeilge in Albany Nua Eabhrac agus ó Dhaltaí na Gaeilge linn le labhairt faoin Lá Gaeilge a bhí acu le gairid gar d'Albany, ceardlann amhránaíochta le Doiminic Mac Giolla Bhríde, seachtain samhraidh Gaeilge i measc go leor eile. Ar deireadh, g...
Oct 10, 2023•30 min
Ar an gclár seo chualamar ó Shiobhán Nic Ghaoithín a labhair linn faoin bhféile ilchultúrtha Fhéile le Chéile DLR de chuid Comhairle Contae Dún Laoghaire Ráth Dúin le grúpaí ó chúlraí éagsúla, dírithe ar an ionchuimsiú, dul in aghaidh ciníochais agus go leor eile! Chomh maith leis sin chualamar ó Ola Majekodumni a labhair linn faoin bpainéal iontach a mbeidh á stiúradh aici faoin ionchuimsiú sna meáin agus sna dána in Éirinn mar chuid den fhéile! Ar deireadh, go speisialta chualamar cúpla amhrán...
Oct 03, 2023•30 min
Clár speisialta é seo ar Lá Eorpach na dTeangacha le triúr sall in Ollscoil Montana na Stát Aontaithe, Traolach Ó Ríordáin agus scoláirí Fulbright Abaigéal Drummy agus Niamh Hetherington, a labhair linn faoi chúrsaí Gaeilge agus cur chun cinn na teangan agus an chultúir Ghaelaigh ansin, agus go leor eile!
Sep 26, 2023•30 min
Ceiliúradh ar Fada is Fairsing atá sa chlár seo den 400ú clár agus breis is 10 mbliana den chlár ar an bhfód le daoine ó gach cearn den domhan! Clár speisialta a bhí anseo, dírithe ar an Oíche Chultúir á ceiliúradh Dé hAoine. Ar an gclár chualamar ó Monica de Bath ag caint linn faoina himeacht "Brat Do Bhríd – Ag Fí Ó Nádúr" i leabharlann Rathangan. Chomh maith leis sin chualamar ó Patrick O'Leary, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann a labhair linn faoi oscailt doirse na hOllscoile don Oíche Chult...
Sep 19, 2023•28 min
Ar an gclár seo, chualamar ó Chian Ó Conchúir a labhair linn faoi thaispeántas a scannáin úir Gaeilge 'An Chathair Mhór' san Ionad Aisling i Nua Eabhrac agus an scannán féin. Chomh maith leis sin chualamar ó Ailísh Ní Chonghaíle, Oifigeach Forbartha Cultúir agus Óige san Ionad céanna, a labhair linn níos mó faoi sheirbhísí uile an Ionaid agus na himeachtaí cultúrtha a bhíonn ar siúl acu.
Sep 12, 2023•24 min
Ar an gclár seo chualamar ó Martha Wright i New Jersey na Stát Aontaithe ag labhairt linn faoina saol ansin agus a turas go hÉirinn le gairid! Chomh maith leis sin chualamar ó Chonchubhar Mac Giolla Bhríde atá ar scoláireacht Fulbright mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Wisconsin-Milwaukee faoi oscailt an chomórtais agus tús a scoláireachta féin!
Sep 05, 2023•30 min
Ar an gclár seo chualamar ó Kelly Doherty ó Na Gaeil Chicago a labhair linn faoi na cúrsaí Gaeilge a bheidh ar siúl ansin san fhómhar, a scéal féin agus Féile na nGael Milwaukee. Chomh maith leis sin bhí Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair linn le labhairt faoin dream mac léinn a tháinig chucu ó thuaidh as Washington le cur lena gcuid Gaeilge!
Aug 29, 2023•27 min
Ar an gclár seo labhair muid le hÁine Ní Bheinéid i Melbourne na hAstráile faoi Chorn Domhanda na mBan a bhí ar siúl ansin i rith an tsamhraidh. Chomh maith leis sin labhair Joe Simpson linn faoi Fhéile Eisteddfod sa Bhreatain Bheag ar fhreastail sé air le gairid - meascán de chultúr na Breataine Bige, an phobail aitigh agus go leor eile!
Aug 22, 2023•26 min
Ar an gclár seo d'éist muid le hagallamh a rinne mé ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le hEvin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge i nGlaschú agus Briain Finnegan ó Chumann Chaitlín agus Thomáis Uí Chleirigh i Nua Eabhrac faoin tseachtain a chaith siad le Gaeil ó áiteanna i bhfad is i gcéin i dTír Chonaill. Chomh maith leis sin chualamar an chéad leath d'agallamh a rinne mé le Karl Birthistle san Eilvéis faoina chuid oibre leis an Roinn Sláinte i gcantún Basel-Land mar víreolaí cliniciúil don str...
Jul 25, 2023•28 min
Ar an gclár seo labhair muid leis an tráchtaire spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh faoi Chluichí Domhanda an Chumainn Luthchleas Gael Chomh maith leis sin labhair Seán Ó Daimhín linn faoi Thuras Fraince na mBan nó Tour de France Femmes a raibh sé ag coinneáil súile géire air ar TG4 agus ar Eurosport ó thús deiridh an tseachtain seo caite!
Jul 08, 2023•32 min
Ar an gclár seo chualamar ó Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais 'Gaelteanga', tionscnamh nua ar líne a sholáthraíonn ranganna Gaeilge ar líne do dhaoine fud fad na cruinne. Chomh maith leis sin bhí Lorna Johnson as an Rìocht Aontaithe agus ina cónaí sa Nua-Shèalainn anois ag linn le labhairt faoin turas ar a bhfuil sí faoi láthair i mbun cúrsa Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Ar deireadh chualamar an dara leath d'agallamh a rinne mé le Karl Birthistle san Eilvéis faoina chuid o...
Jul 02, 2023•32 min
Ar an gclár seo chualamar ó Lonán Ó Lorgnáin i Melbourne na hAstráile faoin obair atá ar siúl aige chun Gaelscoil a bhunú sa chathair agus folúntais atá ag an gcoiste de dhaoine atá ag obair ar phleananna don Ghaelscoil. Chomh maith leis sin chualamar ó Germaine D'Alton agus a dalta Gaeilge, Noah Titus, leaid óg ó Denver Colorado, a bheas ag labhairt linn faoina gcuid ranganna Gaeilge ar líne idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe. Ar deireadh chualamar ó Terence McSweeney mac léinn PhD in Oulu na ...
Jun 27, 2023•31 min
Ar an gclár seo chualamar ó Tura Arutura a ghlac páirt sa tsraith imeachtaí ilchultúrtha 'Tradition Now' sa Cheoláras Náisiúnta, é i mbun damhsa ag imeacht dar teideal 'Reflecting Migrations' a léirigh ceol agus damhsa ó imircigh go hÉirinn agus inimircigh a d'fhág Éire. Chomh maith leis sin labhair Joe Simpson linn faoi Fhéile Bróid 2023, a chuid taighde agus go leor eile!
Jun 20, 2023•31 min
Ar an gclár seo chualamar ó Nora Hickey M'Sichili agus William Howard linn ón Ionad Cultúrtha Éireannach i bPáras na Fraince a labhair linn faoin 'Fhéile na Smaointí' ar siúl san Ionad an tseachtain seo.
Jun 13, 2023•26 min
Ar an gclár seo labhair Kathryn Ní Mhaoláin linn faoina podchraoladh nua 'Sílim That...', a saol i mBarcelona na Spáinne go dtí le gairid, an 'Sunrise Social', imirt leis an gCumann Luthchleas Gael thar sáile agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Melissa Murray Figueroa ag labhairt linn ó Connecticut na Stát Aontaithe faoina cuid ceoil agus faoin turas a dhéanfaidh sí go hÉirinn chun na Gaeltachta go luath!.
Jun 06, 2023•29 min
Ar an gclár seo labhair Ailín Ní Chonchúir, Stiúrthóir an Teastais i Múineadh na Gaeilge d'Fhoghlaimeoirí Fásta i Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad linn faoin gcúrsa agus conas clárú dó. Chomh maith leis sin bhí Áine Ní Bheinéid linn le labhairt faoina saol i Melbourne na hAstráile agus faoi phop up Gaeltacht a bheas ar siúl sa chathair go luath.
May 23, 2023•28 min
Ar an gclár seo bhí Mary Lou Dunworth, mac léinn de chuid an Dianchúrsa i Scríobh na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad atá lonnaithe i Massachusetts. Chomh maith leis sin bhí Comhordaitheoir na Gaeilge leis an Lárionad Gaeilge san Ollscoil linn le labhairt faoi na deiseanna éagsúla de chúrsaí ar líne atá ann do dhaoine ar fud fad na cruinne atá ag iarraidh cur lena chuid cumas sa Ghaeilge.
May 16, 2023•30 min