Ar an gclár seo labhair Siubhán Nic Amhlaoibh linn faoina am i Learpholl Shasana, an píosa a rinne sí le TG4 faoi Staid Anfield agus an pobal Gaelach i Learpholl. Chomh maith leis sin bhí Seán Mac Coisteallaí ag labhairt linn faoin bPop-Up Gaeltacht a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh beag seo in Havertown ar imeall Philadelphia, PA sna Stáit Aontaithe. Ar deireadh ansin chualamar ó Indrik Ois as an Eastóin a d'aistrigh an leabhar Gaeilge 'Madame Lazare' go hEastóinis faoina gcuid oibre ar an aistriúc...
Apr 25, 2023•30 min
Bhí clár speisialta againn anseo faoin bhFéile Pancheilteach ina raibh Bríde de Róiste ó lucht eagraithe na Féile ag labhairt linn faoi conas mar a d'éirigh leis an bhFéile, na himeachtaí agus comórtais éagsúla a bhí mar chuid de agus go leor eile!
Apr 18, 2023•26 min
Ar an gclár seo, labhair Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad linn faoi fholúntas do Chúntóir Sinsireach Feidhmiúcháin TEG leis an ollscoil atá ar oscailt i láthair na huaire. Chomh maith leis sin bhí Guinevere Barlow ó Ambasáid na hÉireann i Singapore ag labhairt linn faoi Phop Up Gaeltacht a bhí ag lucht na hAmbasáide ansin le gairid.
Apr 11, 2023•33 min
Ar an gclár seo labhair Sinéad Ní Scolaí linn faoina scoláireacht ICUF in Ottawa Cheanada agus a saol sa chathair. Chomh maith leis sin labhair Cailín Nic an tSionnaigh atá ar scoláireacht Fulbright mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Wisconsin-Milwaukee linn faoina bliain ansin.
Apr 04, 2023•26 min
Ar an gclár seo, labhair Judy-Meg Ní Chinnéide linn faoi ghearrliostú a sraith drámaí do pháistí 'A New Home' do dhuais raidió Gradaim Féilte Nua Eabhrac le gairid. Chomh maith leis sin bhí Greagóir Ó Dáire linn ó Uppsala na Sualainne le labhairt linn faoi Fhéile Pádraig agus an phop-up Gaeltacht a bhí acu sall.
Mar 28, 2023•28 min
Ar an gclár seo, labhair Daithí Mac Cárthaigh linn faoin gComhdháil a bheas ar siúl in Óstaí an Rí chun eolas a roinnt le daoine faoi dheiseanna fostaíochta do chéimithe dlí mar dhlítheangeolaithe leis an AE srl. Chomh maith leis sin bhí Caitríona Weafer ag labhairt linn faoi na Gaeil ag na hOscair agus an Pop-up Gaeltacht a bhí ar siúl i gCathair na nAingeal mar cheiliúradh orthu uile!
Mar 21, 2023•30 min
Ar an gclár seo, labhair John Woods linn faoi oscailt an chomórtais do chonarthaí aistriúcháin leis an AE agus faoi imeacht a bheas ag an gCoimisiún Eorpach in Éirinn faoi. Chomh maith leis sin bhí Brigita Gallagher linn le labhairt faoina scoláireacht ICUF in Alberta Ceanada agus na comparáidí a dhéanann sí idir na Stáit Aontaithe agus Ceanada.
Mar 14, 2023•29 min
Ar an gclár seo bhí Alannah Owens, Oifigeach Polasaí leis an eagraíocht Akidwa linn le labhairt faoina gcuid oibre agus an imeacht ceiliúrtha a bhí acu do Lá na Máthairtheangacha. Chomh maith leis sin bhí Ciara Ní Dhomhnalláin linn le labhairt faoina saol i Melbourne na hAstráile agus faoi phop up Gaeltacht a eagraíodh sa chathair le gairid.
Mar 07, 2023•30 min
Ar an gclár seo bhí Emmanuel Ntemuse ag labhairt linn faoina scéal féin, a chuid staidéir, a chuid oibre le hÓgras agus imeacht ar ar labhair sé ar líne le gairid. Chomh maith leis sin bhí Tura Arutura ag labhairt linn faoina chuid ranganna agus ceardlanna damhsa Afraiceacha agus Éireannacha i mBéal Feirste!
Feb 28, 2023•27 min
Ar an gclár seo bhí Evin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú ag labhairt linn faoi phopup Gaeltacht a bheas ar siúl i nGlaschú Déardaoin! Chomh maith leis sin bhí Jeffrey Sardina ag labhairt linn faoi Mhórshiúl "Éire do Chách" ar fhreastail sé air ar an Satharn!
Feb 21, 2023•33 min
Ar an gclár seo labhair Vitoria Mrozowicz ó phobal na Polainne in Éirinn linn faoina cuid ceoil, Gaeilge, faoi chanadh ag imeacht ilchultúrtha de chuid Conradh na Gaeilge le gairid agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Caoimhín de Barra linn le labhairt faoin alt a scríobh sé ar shuíomh Let's Learn Irish agus an cheardlann ar líne a thabharfaidh sé go luath.
Feb 14, 2023•26 min
Ar an gclár seo bhí Cian Mac Cárthaigh linn ón mbanna ceoil Imlé le labhairt faoin gig a bheas acu le Róisín Seoighe i Londain go luath. Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin ag labhairt linn faoi An Cailín Ciúin agus an ráth atá ar lucht an scannáin agus ar mhuintir na hÉireann agus 14 Éireannaigh/scannáin Éireannacha ainmnithe do na Oscars i mbliana.
Jan 31, 2023•30 min
Ar an gclár seo bhí Brídín Nic Gabhann ag labhairt linn faoi Fhéile Traid Bharra an Teampaill ag a mbeidh ceoltóirí as gach cearn den domhan ag seinm agus beidh Ryan Quinn ag labhairt linn faoina scoláireacht Ollscoil na hÉireann le dul i mbun staidéir in Ollscoil Utrecht san Ísiltír! Chomh maith leo sin, beidh Dubhán Ó Longáin ag labhairt linn faoi chúrsa nua atá á fhorbairt aige le Gaelchultúr dírithe ar ilchultúrachas, béaloideas agus go leor eile.
Jan 24, 2023•27 min
Ar an gclár seo bhí Eoghan Ó Ceannabháin ó Dhaoine Seachas Brabús ag labhairt linn faoi obair an scáthghrúpa Le Chéile agus an tábhacht a bhaineann leis sa lá atá inniu ann in Éirinn agus ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin bhí Ray Yeates linn le hinsint dúinn faoi Athbhliain na Gealaí Baile Átha Cliath faoi stiúir ag Comhairle Cathrach BhÁC.
Jan 17, 2023•27 min
Ar an gclár seo labhair Tura Arutura linn faoina chuid damhsa ar an sean nós agus go leor eile, agus cloisfimid cuid dá cheol!
Jan 10, 2023•25 min
Ar an gclár seo labhair Colm Shan ó Shorcas Gerbola linn faoin sorcas agus an éagsúlacht daoine as gach cearn den domhan atá páirteach ann. Chomh maith leis sin bhí Adriana Moura linn ón mBrasaíl le labhairt faoina saol ansin, a cuid oibre mar staraí agus a cuid spéise i gcultúr na hÉireann.
Jan 03, 2023•21 min
Ar an gclár seo labhair Caoimhín ó Liatháin linn faoina shaol, a bhlag agus faoin Nollaig san Fhionnlainn! Chomh maith leis sin labhair Aisling Ní Dhonnabháin ó Chonradh na Gaeilge linn faoi na cúrsaí agus scoláireachtaí atá á dtairiscint ag an gConradh do dhaoine a thagann go hÉirinn ó thíortha eile ar lorg tearmainn.
Dec 20, 2022•29 min
Ar an gclár seo labhair Hermione linn faoina saol i dToronto Ceanada, a turas foghlama Gaeilge agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Nadia Dobryanska ag labhairt linn faoi ábhair úra Gaeilge agus Úcráinise atá á fhoilsiú ag Gaeloideachas.
Dec 13, 2022•23 min
Ar an gclár seo labhair Osgur ó Ciardha linn linn faoi fhás agus fhorbairt an Pop-Up Gaeltacht thar an sé bliana a bhfuil sí ar an bhfód ar fud na cruinne! Chomh maith leis sin labhair Cathal Gilbert linn faoina chuid oibre ar chearta daonna in Uganda na hAfraice.
Dec 06, 2022•34 min
Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann linn faoina turas le gairid chun na Stát Aontaithe, Comhdháil do theagascóiri Gaeilge Fulbright i Washington DC, Féile Altaithe agus go leor eile!
Nov 29, 2022•26 min
Ar an gclár seo chualamar ó Álanna Hammel atá ag obair ar imeacht mar chuid d'Fhéile Frederick Douglass le hIonad Ealaíon Loch Garman darb ainm an Féasta Afraiceach.
Nov 22, 2022•26 min
Ar an gclár seo chulamar ó Tanya Ní Mhuirthile faoi Lá Feasachta Idirnáisiúnta Idirghnéis, soilsiú Bhaile Átha Cliath i ndathanna idirghnéis le gairid agus a cuid taighde faoin bpobal idirghnnéasach. Chomh maith leis sin bhí Ailín da Silva ag labhairt linn ón mBrasaíl faoi thoradh an toghcháin ansin i mí Dheireadh Fómhair agus réimeas Uachtaráin da Silva.
Nov 15, 2022•24 min
Ar an gclár seo chualamar ó Don O'Mahony, Cláraitheoir Sinsearach d'Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Corcaigh a labhair linn faoi Fhéile 2022.
Nov 08, 2022•20 min
Ar an gclár seo, chualamar ó Gwen Butler faoina saol in Indiana, a cuid ceoil agus Cumann Charad na Gaeilge.
Nov 01, 2022•25 min
Ar an gclár seo labhraíomar le scoláire ICUF, Antóin Trindle faoina scoláireacht i gCeanada go dtí seo. Chomh maith leis sin bhí Gearóid Ó Ceallaigh agus Séamas Ó Neachtain linn le labhairt faoi cheiliúradh céad is caoga bliain de Chumann Charad na Gaeilge.
Oct 25, 2022•31 min
Ar an gclár seo, labhair Jill McMahon linn faoin mbanna ceoil ina bhfuil sí, Bandia, a turas go Londain le gairid agus Aonach Amárach, margadh dara láimhe atá á reachtáil le breis is bliain anuas le Jill agus cairde. Chomh maith leis sin labhair Micheál Ó Conghaile linn faoin gceardlann scríbhneoireachta ar líne do scríbhneoirí Gaeilge go hidirnáisiúnta atá á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht.
Oct 18, 2022•25 min
Ar an gclár seo, chualamar ón gceoltóir Ceara Conway faoin imeacht ar ghlac sí páirt ann mar chuid d'fhéile Imram le gairid agus faoina cuid ceoil agus ionspioráide.
Oct 11, 2022•23 min
Ar an gclár seo, chualamar ó Brent Ó Casaide, a labhair linn faoi Fhéile Ghaelach Oulu san Fhionlainn a bheidh ar siúl ón 12-16 Deireadh Fómhair 2022 le héagsúlacht ceoltóirí agus scéalaithe i measc go leor eile ar chlár na Féile!
Oct 04, 2022•26 min
Ar an gclár seo, chualamar ó Emer Maguire faoina scoláireacht Fulbright sall in Elm's College, Chicopee, MA agus an comórtas atá ar oscailt do scoláirí Fulbright 2023 anois freisin. Chomh maith leis sin d'éisteamar le roinnt ceoil ó aoi a bhí againn ar an gclár le gairid, Enda Reilly.
Sep 27, 2022•25 min
Ar an gclár seo, chualamar ó Chaomhán Mac Con Iomaire, Oifigeach Oideachais le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann a labhair linn faoin gcomhrá ar líne i nGaeilge a thabharfaidh sé níos déanaí an mhí seo faoi thaispeántas de líníochtaí Ollannacha. Chomh maith leis sin, chualamar ó Eimear Ní Bhroin, Oifigeach Gnóthaí Teangan le hIonadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn a labhair linn faoi na blasranganna teangan le a bheas ar siúl i dTeach na hEorpa agus ar líne mar chuid den Oíche Chultúir.
Sep 20, 2022•29 min