Fada is Fairsing - podcast cover

Fada is Fairsing

teicneoir@raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Clár 261 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Pa Sheehan ag caint linn faoina bpodchraoladh úr "Ar Imeall na Cearnóige" agus a aistriú go Toronto Ceanada chun tabhairt faoi scoláireacht ICUF. Chomh maith leis sin labhair Donal Regan linn faoi chúrsaí Gaeilge i gColorado, a shaol féin ó Londain go Cill Dara go California go Colorado!

Aug 11, 202030 min

Clár 259 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Fran Mulraney linn ó Nua Eabhrac faoina ballraíocht boird den ghrúpa Scríbhneoirí agus Ealaíontóirí Gaeil Mheiriceánacha agus cúrsaí sna Stáit Aontaithe faoi láthair. Chomh maith leis sin chualamar ó Mhícheál von Spiegel i Philadelphia, Coill Penn faoin ngrúpa Gael ansin agus a shaol féin.

Jul 14, 202030 min

Clár 258 - 2020 - Raidió na Life

Clár speisialta é seo le Galt Barber, a bheirt mhic Conall agus Tadhg, agus a bhean Janet atá ag cur fúthu gar do San Francisco, California na Stát Aontaithe. Labhraíomar faoina saol ansin, lena gclann á thógáil trí Ghaeilge, ciníochas agus éirí aníos na ndaoine gorm faoi láthair i SAM agus go leor eile.

Jul 07, 202024 min

Clár 257 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, labhraíomar le Martha Wright i New Jersey na SA ag labhairt linn faoina saol ansin, éirí aníos #BlackLivesMatter, paindéim #Covid_19 agus eile. Chomh maith leis sin bhí Noelle O Connell ó Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt faoin bpaindéim agus an Eoraip, obair na heagraíochta agus eile.

Jun 23, 202026 min

Clár 256 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Audrey Nickel i gCalifornia faoi na léirsuithe thall ansin agus ar fud na Stát Aontaithe ar son an phobail ghoirm faoi láthair. Chomh maith leis sin chualamar an dara cuid d'agallamh a rinne mé le Seán Ó Coistealbha i Muintearas i gConamara faoi na tionscnaimh éagsúla atá á reachtáil acu le daoine ar fud na cruinne ar líne i láthair na huaire.

Jun 16, 202026 min

Clár 255 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Matt Holmberg i mBostún linn le labhairt faoi bhás George Floyd agus éirí amach #BlackLivesMattter timpeall ar na Stáit Aontaithe le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Sheán Ó Coistealbha i Muintearas i gConamara faoi thionscnamh a rinne siad le Foras na Gaeilge chun scéal fiannaíochta ó Oileán Leodhais a roinnt ar líne agus tionscnaimh eile le daoine ar fud na cruinne ar líne.

Jun 09, 202028 min

Clár 254 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC ag labhairt linn faoi obair a hoifige in aimsir #covid-19 agus eile. Chomh maith leis sin bhí Mícheál Ó Conaire ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag labhairt linn faoi oscailt comórtas d'intéirneachtaí in institiúidí na hEorpa, maoinithe ag an Roinn.

Jun 02, 202027 min

Clár 253 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin Lá Idirnáisiúnta i gcoinne homafóibe, défhóibe, idirghnéasachais agus trasfóibe agus an grúpa an Queercal Comhrá anseo in Éirinn. Chomh maith leis sin bhí Seáinín Mac Conraí ag labhairt linn faoi Ghaeil Brattleboro Vermont - conas atá ag éirí leo i rith pandéim #COVID19 , a gcuid imeachtaí ar líne, obair Sheáinín in oispidéal i Vermont agus eile.

May 26, 202029 min

Clár 252 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Maitiú Ó Coimín, eagarthóir Nós ag caint linn faoin scéal seo- bailiúchán airgid in Éirinn mar bhuíochas don phobal bundúchasach Navachóch agus Hóipeach i Meiriceá Thuaidh mar chúnamh agus an pobal buailte go dona leis an gcoróinivíreas. Chomh maith leis sin, bhí Pa Sheehan ag labhairt linn faoin saol i dTalamh an Éisc, Ceanada faoi láthair agus a phleananna bogadh go Toronto a bheith mar theagascóir ICUF.

May 19, 202037 min

Clár 251 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Karen Reshkin ag labhairt linn faoina saol i Palatine, Illinois leis an gcoróinvireas, Gaeil Chicago ar líne, an caora cliste agus eile! Chomh maith leis sin, bhí Ian Mac Gabhann ag labhairt linn faoi conas mar a d'éirigh leis an bhfeachtas #trasnanadtonnta le gairid!

May 12, 202029 min

Clár 250 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann linn faoi chlár Fulbright agus conas atá ag éirí leis in aimsir géarchéime. Chomh maith leis sin, bhí James McDonald ag labhairt linn faoin saol i Londain Shasana faoi láthair, Conradh na Gaeilge i Londain, an cóir Gaelic Voices agus eile!

May 05, 202031 min

Clár 249 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair mé le Caitríona Weafer faoi chúrsaí thall i Virginia na Stát Aontaithe faoi láthair agus le Colleen Ní Chairmhic faoina cuid oibre leis an dlí trí Ghaeilge i Nua Eabhrac!

Apr 28, 202030 min

Clár 248 - 2020 - Raidió na Life

Ar ár gcéad chlár de Fada is Fairsing taifeadta ón mbaile i rith géarchéim an choróin víris, labhair mé le m'iarchomhláithreoir ar an gclár Eoin Ó Catháin faoi chúrsaí thall i mBruiséil na Beilge agus le hEvin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú faoi chúrsaí san Albain - ranganna Gaeilge an Chonartha ar líne agus eile!

Apr 21, 202034 min

Clár 247 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Ciarán Ó Muirthile ó Aidlink Ireland ag labhairt linn faoin gcatharnacht agus a gcuid oibre. Chomh maith leis sin bhí Tony Duffy ag labhairt linn faoina chuid oibre thall sa tSín ach é bheith sáinnithe sa mbaile anois toisc an coróinvíreas agus ar deireadh bhí Brian Ó Éigeartaigh linn ó Fheachtas Comhbhá na hÉireann leis an bPalaistín le labhairt faoin bhfeachtas agus faoin oíche a bheas acu d'oibrithe deonacha ar an 19 Feabhra.

Feb 18, 202029 min

Clár 246 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Kate Cunningham ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath ar siúl 26 Feabhra - 8 Márta 2020. Chomh maith leis sin bhí Gwyneth Ní Aidicín Ní Loinsigh linn ó Londain Shasana áit ar eagraigh sí Pop Up Gaeltacht ag an deireadh seachtaine i ndiaidh ceolchoirme de chuid Kneecap sa chathair!

Feb 11, 202023 min

Clár 245 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Somhairle Mag Uidhir ó Raidió Fáilte atá caint linn faoin mBreatimeacht agus cúrsaí ó thuaidh ceithre lá tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne an tOllamh Kevin Scannell linn le gairid tar éis dó bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile.

Feb 04, 202029 min

Clár 244 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí an Dr Muireann Ní Raghallaigh ón gColáiste Ollscoile BÁC ag labhairt linn faoina cuid taighde agus cás na dteifeach ag teacht isteach go hÉirinn i láthair na huaire. Chomh maith leis sin bhí Katie Roskams ag labhairt linn ó Northumberland Shasana faoin gcúrsa cianfhoghlama sa Ghaeilge Fheidhmeach atá á dhéanamh aici óna baile i Sasana le Gaeilge OÉG. Ar deireadh bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoina hainmniúchán sna duaiseanna Amdalah Fondúireacht na hAifrice (AMDAF) ag...

Jan 28, 202030 min

Clár 243 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Síne Nic an Ailí linn le labhairt faoi imeacht a bhí ar siúl Dé Sathairn mar chuid den fhéile Máthairtheangacha le file ón mBrasaíl. Chomh maith leis sin beidh bhí Breeda Bonner ag labhairt linn faoi cheiliúradh Lá Fhéile Bríde a bheas ar siúl i gCluain Dolcáin le Áras Chrónáin agus timpeall ar an mbruachbhaile, agus faoin bpobal ilchultúrtha atá ag fás ann anois.

Jan 21, 202026 min

Clár 242 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí an Dr Neil Comer ó Ollscoil Ulaidh ag labhairt linn faoin gcúrsa úr, MA san Aistriúchán agus scileanna gairmiúla teanga san ollscoil. Chomh maith leis sin beidh bhí Tomaí Ó Conghaile ag labhairt linn faoi Ghradaim Nós 2020 agus a chuid ama thar sáile sa Bhruiséil ag obair leis an gCoimisiún ag aistriú.

Jan 14, 202029 min

Clár 241 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí an tOllamh Kevin Scannell atá díreach tar éis bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag labhairt linn faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile. Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill ag labhairt linn faoin nGaeltacht sur Seine - grúpa Gael i bPáras na Fraince - a gcuid imeachtaí is eile.

Jan 07, 202026 min

Clár 240 - 2019 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Rowan Sherlock linn faoin gCumann Catharnachta Éireannach i dTalamh an Éisc. Chomh maith leis sin bhí Síne Nic an Ailí ag labhairt linn faoin eagraíocht agus an fhéile Mother Tongues Ireland.

Dec 17, 201925 min

Clár 239 - 2019 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair an Dr Pádraig Ó Duibhir linn faoina chuid taighde sochtheangeolaíochta - ó chás na Gaeilge go cás na Breatnaise is eile. Chomh maith leis sin bhí Seaghan Mac An tSionnaigh linn le labhairt faoin aonach mór leabhar agus ceoil Durango-ko Azoka ar fhreastail sé air i nDurango, Tír na mBascach le gairid.

Dec 10, 201929 min

Clár 238 - 2019 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhreathnaíomar siar ar Fhéile Altaithe in agallamh a rinne mé le Síobhra Aiken agus Pádraig Mac Mathúna ag Dinnéar Altaithe Chumann Iarscoláirí Fulbright na hÉireann i Luimneach Dé hAoine. Chomh maith leis sin bhí Cristóir Mooney agus Pamaladh Uí Néill linn ón Astráil (Hastings agus Syndey) le labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge ina mbailte féin agus timpeall na hAstráile.

Dec 03, 201928 min

Clár 237 - 2019 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Síne Nic an Ailí ó Chultúr Club Conradh na Gaeilge ag labhairt linn faoina cuid taistil le déanaí go grúpaí ar fud na cruinne- grúpa Gaeilge in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha san áireamh! Chomh maith leis sin bhí Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann ag labhairt linn oscailt chomórtas do mhic léinn dul chun na Stáit Aontaithe ar scoláireachtaí SUSI.

Nov 26, 201928 min

Clár 236 - 2019 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, bhí Cuan Ó Seireadáin ag caint faoina leabhar nuafhoilsithe 'Douglas Hyde: The American Journey' agus na seoltaí a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe agus a bheidh ar siúl in Éirinn. Chomh maith leis sin chulamar pacáiste agallamh a rinne mé le Niall Ó Siadhail, Pól Batley agus Alannah Ní Ghallchobair ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag Oideas Gael le déanaí faoi chúrsaí Gaeilge i Londain na laethanta seo agus a dturas go hÉirinn, agus le Jann as an mBriotáin ag labhairt linn i mBri...

Nov 12, 201932 min

Clár 235 - 2019 - Raidió na Life

Clár speisialta de Fada is Fairsing é seo beo ó Oireachtas na Samhna 2019 le haíonna rialta an chláir tagtha ó i bhfad go hÉirinn a bheith linn don fhéile! Bhí Karen Reshkin agus Mike O'Regan linn ó Ghaeil Chicago, Indiana na S.A.; Scott Oser linn ó Vancouver Ceanada, Eoin Ó Catháin abhaile ón mBruiséil agus James McDonald ó Chonradh na Gaeilge i Londain.

Nov 02, 201958 min

Clár 234 - 2019 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí an tOllamh Gearóid Ó hAllmhurain ag labhairt linn faoin bhfolúntas atá ann do léachtóir Gaeilge in Ollscoil Concordia faoi láthair. Chomh maith leis sin bhí an tOllamh Regina Uí Chollatáin ón gColáiste Oscoile BÁC ag labhairt linn faoin gComhoibriú nua idir COBÁC agus Beijing Foreign Studies University sa tSín.

Oct 22, 201926 min

Clár 233 - 2019 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí bhí Séamas Ó Neachtain agus Niall Gordon ag labhairt linn faoi An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge agus an Ghàidhlig ann - litríocht ó Niall le déanaí - roinnt Gáidhlige ó Niall ar an gclár.

Oct 15, 201927 min

Clár 232 - 2019 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoi chomórtas scoláireachtaí Fulbright. Ansin bhí Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeilge atá á eagrú aige thall i Vancouver Ceanada. Chomh maith leis sin bhí Noelle O Connell, Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi obair a heagraíochta níos lú ná 4 seachtaine roimh an mBreatimeacht agus eile!

Oct 08, 201931 min

Clár 231 - 2019 - Raidió na Life

CAr an gclár seo bhí Pa Sheehan ag labhairt linn faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aige i dTalamh an Éisc faoi láthair. Chomh maith leis sin, bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoi oscailt scoláireachtaí Fulbright 2020-2021.

Oct 01, 201926 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android