Fada is Fairsing - podcast cover

Fada is Fairsing

teicneoir@raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Clár 291 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Kayla Reed ag labhairt inn ó Osló faoin gCáisc san Iorua agus eile (léigh a blag anseo! scriobhaisiulach.wordpress.com/2021/04/0…a-choill/ ). Chomh maith leis sin labhair Céiteach Mac Stiofáin linn ó Ghaillimh faoi 'virtual Pop Up Gaeltacht' atá á déanamh aige le cairde sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus daoine eile ar fud na cruinne ar líne le breis is bliain ó shin anois.

Apr 13, 202130 min

Clár 290 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Jeffrey Sardina linn faoi aistriú go hÉirinn i rith na paindéime agus faoi chúrsaí Gaeilge agus a Phop up Gaeltacht San Diego ar líne. Chomh maith leis sin bhí Philomena Begley ón nGaeltacht Sur Seine i bPáras na Fraince linn le labhairt faoi conas mar a d'éirigh leis an gcomhdháil a bhí acu le gairid ar an nGaeilge thar sáile.

Mar 30, 202130 min

Clár 289 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Séamus Ó Neachtain linn faoi Chumann Carad na Gaeilge agus "An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge". Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin linn le labhairt faoi agallamh an Phrionsa Harry agus Meghan Markle, faoi bhogadh ar ais go hÉirinn ón mBruiséil, faoin bpaindéim sa Bheilg agus faoina ról nua le Raidió na Gaeltachta.

Mar 16, 202129 min

Clár 288 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Oisín Mac Conamhna ó Londain linn le labhairt faoi chás Margaret Keane, ar bhuaigh a clann cás cúirte i Londain chun focail Gaeilge a chur ar a huaigh, agus an tacaíocht a thug Conradh na Gaeilge i Londain don chlann. Chomh maith leis sin labhróimid faoi imeachtaí idirnáisiúnta Seachtain na Gaeilge.

Mar 09, 202126 min

Clár 287 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí mac le Chris Finnegan a bhí Linn an tseachtain seo caite, Ciarán Finnegan - 5 bliana d'aois, an aoi is óige a bhí againn ar an gclár riamh - ag labhairt linn faoi fhás aníos le Gaeilge i Nua Jersey! Chomh maith leis sin labhair Julie Breathnach-Banwait linn ó Perth na hAstráile faoina cnuasach dánta 'Dánta Póca' a foilsíodh le déanaí!

Mar 02, 202129 min

Clár 286 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Mícheál Ó Conghaile ó Chló IarChonnacht faoi cheardlann scríbhneoireachta a bheidh acu do scríbhneoirí ina gcónaí lasmuigh d'Éirinn. Chomh maith leis sin labhair Chris Finnegan linn faoi chiorcal comhrá grúpa Gael i New Jersey, a pháistí a thógáil le Gaeilge i SAM, Bruce Springsteen (arb áit an mbaile céanna le Chris é!) agus an grúpa Gaeilgeoirí Philadelphia.

Feb 23, 202130 min

Clár 285 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Karen Donn linn ó Dallas, Teicseas le labhairt faoi phop-upeanna Gaeltachta ar líne ar fud na cruinne agus a turas féin leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin bhí Dónall Seán Ó Dubhghaill ag insint dúinn faoi Chumann na Gaeltachta agus Leacht Ceanada Éireann.

Feb 16, 202124 min

Clár 284 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Sorcha Ní Riain linn faoina cuid taighde agus an chaint a thug sí ar líne le Pa Sheehan i gCeanada do Lá le Bríde. Chomh maith leis sin bhí Dónal Kearney ó Institiúid Amhránaíochta agus Ceoil na hÉireann linn le hinsint dúinn faoi imeachtaí ar siúl ag an Institiúid mar chuid d'Fhéile Douglass agus imeachtaí uile na seachtaine - comhráite faoi chine, imirce + go leor eile. Ar deireadh chualamar píosa ceoil ó bhanna ceoil Dónail, TRÚ, darb ainm It's Not the Light.

Feb 09, 202129 min

Clár 283 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Anthony Cummins, comhláithreoir liom ar Raidió na Life ag labhairt linn faoina shaol sa Mhalaeisia - a chuid oibre le hOllscoil Perdana, an Ghaeilge ann, an ceol Gaelach in Oirdheisceart na hÁise & a chlár féin Gach Treo.

Feb 02, 202128 min

Clár 282 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ó Bhord na Féile Máthairtheangacha linn le labhairt faoin gcampa teangacha a d'eagraigh an eagraíocht le déanaí agus tionscnaimh éagsúla Máthairtheangacha! Chomh maith leis sin beidh Sinéad Ní Mhuirí ag insint dúinn faoina scoláireacht Fulbright ag Ollscoil Connecticut, ag múineadh ón mbaile agus go leor eile!

Jan 26, 202125 min

Clár 281 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Ronan Mac Uidhir i mBeirlín na Gearmáine ag labhairt faoi "Gaeilge Gym" agus na pobail éagsúla teangach atá á dtarraingt le chéile aige ar líne agus Seanachán Ó Cinnéide linn le hinsint dúinn faoina gcúrsaí Gaeilge Comhrá le Chéile, insealbhú Biden amárach, foréigean i bhfoirgneamh an Chaipitil le déanaí agus eile.

Jan 19, 202130 min

Clár 280 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Aindriú Ó Ciardha linn ó Oirthuaisceart na Stát Aontaithe faoin bhforéigean i Washington DC an tseachtain seo caite ag Foirgneamh an Chapitil agus cúrsaí Gaeilge agus eile le Gaeilgeoirí Philadelphia. Chomh maith leis sin chulamar ó Aedraen Ó Dubhghaill, PríomhOifigeach Forbartha le Coláiste Lurgan a d'inis dúinn faoin bhfíseán ceoil seo a rinne luch Lurgan le grúpa ón mBreatain Bheag trí Ghaeilge agus Bhreatnais - youtu.be/nBLeKfpI5zk

Jan 12, 202127 min

Clár 279 - 2021 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Caoimhe Nic Giollarnáith linn faoina saol i Nua Eabhrac - ó chúrsaí scannánaíochta go cúrsaí Gaeilge, a tuairimí faoi thodhchaí na Stát Aontaithe agus eile.

Jan 05, 202127 min

Clár 278 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo cuimhnímid siar ar bhliain eile de Fada is Fairsing le haíonna éagsúla ar fud fad na cruinne, agus labhraímid le Daniel McWilliams faoin bhfeachtas cíbearGhaeltachta Trasna na dTonnta a bhí ar siúl den dara huair arís i mbliana ón 14-18 Nollaig 2020.

Dec 29, 202026 min

Clár 277 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Dubhán Ó Longáin linn, a bhfuil cnuasach filíochta foilsithe aige le gairid le Coiscéim, 'IDEO Locator' - le dánta faoi Auschwitz, grá, dúchas agus slamfhilíocht a rinne sé ag Féile Liú Lunasa Eolas- www.litriocht.com/táirge/ideo-locator/?lang=en . Chomh maith leis sin chualamar ceol ón snagcheoltóir Séan McCluskey, as Boston agus lonnaithe i Nua Eabhrac.

Dec 22, 202030 min

Clár 276 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Séan McCluskey, as Boston agus lonnaithe i Nua Eabhrac, linn faoina chuid snagcheol agus a albam is deireanaí Stories, agus cloisfimid a leagan de Báidín Fheidhlimí ar an gclár. Chomh maith leis sin chualamar ó Chaitríona Weafer faoin toghchán i Virginia agus a tuairimí féin faoi thodhchaí SAM.

Dec 15, 202030 min

Clár 275 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Mícheál Curtin linn faoi Thoghchán Uachtaránachta SAM 2020 agus an saol i Nua Eabhrac ó shin. Chomh maith leis sin bhí Aisling Ní Chatháin, atheangaire leis an gCoimisiún Eorpach, ag labhairt linn faoina gairm, faoi dheiseanna d'Éireannaigh sna hInstitiúidí Eorpacha, an saol sa Bhruiséil agus go leor eile.

Dec 01, 202029 min

Clár 274 - 2020 - Raidió na Life

Clár speisialta a bhí anseo le Seanán Ó Coistín as Cill Dara a chónaíonn i dTrier na Gearmáine agus a oibríonn i gcúrsaí aistriúcháin le hInstitiúidí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg. Labhair sé linn faoin saol i dTrier, cúlra ainm na háite (nasc leis an bhfocal Gaeilge treibh!), a chuid oibre agus a thionscnaimh buachaill.com agus tomhaltoir.com

Nov 24, 202028 min

Clár 273 - 2020 - Raidió na Life

Seo an dara clár againn de shraith speisialta agallamh agus tuairiscí ar Thoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar an gclár seo chualamar anailís agus tuairimíocht ó Bhrian Ó Conchubhair, Ollamh in Indiana faoi chúrsaí ina stát féin agus ó Shiobhán Ní Chíobháin i gcathair Nua Eabhrac faoi chúrsaí san Úll Mhór (!) sna seachtainí anuas agus a heispéireas féin den toghchán.

Nov 17, 202031 min

Clár 272 - 2020 - Raidió na Life

Seo an chéad chlár againn de shraith speisialta agallamh agus tuairiscí ar Thoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar an gclár seo chualamar anailís agus tuairimíocht ó Bhrian Ó Broin, Ollamh i Nua-Jersey faoi chúrsaí ina stát féin, na héagsúlachtaí a bhain le toghchán na bliana seo i gcomparáid le blianta eile agus an baol foréigin agus léirsithe atá ann anois ón méid a thit amach.

Nov 10, 202025 min

Clár 271 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Colmcille Ó Monacháin linn ó Bhruiséil na Beilge faoina bhua Gradam de Bhaldraithe 2020 dá leabhar 'Ar luch agus ar dhuine', aistriúchán den leabhar Of Mice and Men lonnaithe i gCalafóirne sna 30í . Chomh maith leis sin beidh beidh Leifteanant Aifric Gallagher, an Captaen Diarmuid Ó Céidigh agus eitleoir, Stevie gleeson ó Óglaigh na hÉireann ag labhairt linn óna misean sa tSiria faoi láthair, dúshláin na paindéime agus eile.

Oct 27, 202030 min

Clár 270 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag linn faoina gcuid imeachtaí i rith na paindéime, a bpodchraoladh nua 'Nuacht Mhall' agus conas mar atá cúrsaí sa Ríocht Aontaithe faoi láthair. Chomh maith leis sin labhair Laura Gaynor linn faoin bhféile scannáin Her International a d'eagraigh grúpa déagóirí ar líne.

Oct 13, 202027 min

Clár 269 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Eimear Ní Bhroin linn ó Oifig áitiúil an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn faoi Sheimineár Gréasáin a bhfuil a hoifig ag cur ar siúl i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le deiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne mé tamall ó shin le Robert Henneberg ó Chonradh na Gaeilge Beirlín a bhog go hÉirinn ó Bheirlín na Gearmáine le déanaí le tosú ag obair le h...

Oct 06, 202027 min

Clár 268 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, labhair Dónall Ó Braonáin, Stiúrthóir Acadúil na Gaeilge Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge OÉG linn faoin seimineár idirnáisiúnta ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain a chuir an Ollscoil ar siúl ar líne le rannpháirtithe ó thíortha i bhfad is i gcéin le déanaí. Chomh maith leis sin labhair Eoin Ó Catháin linn faoi Thoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe atá 5 seachtaine uainn anois agus an chéad díospóireacht idir na hiarrthóirí le bheith ar siúl anocht, an 29 Meán Fómhair.

Sep 29, 202028 min

Clár 267 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Deirdre Ní Mhurchú ag labhairt linn faoina scoláireacht Fulbright in Ollscoil Gonzags i Stát Washington agus faoin seimineár gréasáin ar ghlac sí páirt ann le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Robert Henneberg ó Chonradh na Gaeilge Beirlín a bhog go hÉirinn ó Bheirlín na Gearmáine le déanaí le dul i mbun oibre le hAmbasáid na Gearmáine in Éirinn.

Sep 22, 202030 min

Clár 266 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, bhí Ellen Corbett ag labhairt linn faoina scoláireacht Fulbright in Ollscoil Montana agus faoin seimineár gréasáin ar ghlac sí páirt ann le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Emma Verling, taighdeoir iardhochtúireachta san éiceolaíocht muirí i gColáiste na hOllscoile Chorcaí faoina cuid taighde anseo in Éirinn, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, agus an chaint a thug sí mar chuid den fhéile Liú Lúnasa ar líne le déanaí.

Sep 15, 202029 min

Clár 265 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Marcas Mac an Tuairneir linn ón Albain agus é ag labhairt linn (as Gaeilge agus Gàidhlig) faoin imeacht 'Srubag' ar líne agus faoina chuid filíochta. Chomh maith leis sin labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann faoi shraith seimineár gréasáin atá á dhéanamh ag Fulbright chun a gcuid scoláireachtaí a fhógairt.

Sep 08, 202026 min

Clár 264 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Gregóir Ó Dáire linn faoina chuid ama ag teagasc i mBrest agus a aistriú go dtí an Danmhairg. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le éistfimid siar le hagallamh a rinne mé le gairid le Eoin McEvoy agus é ag insint dúinn faoi Lá Idirnáisiúnta i gcoinne homafóibe, défhóibe, idirghnéasachais agus trasfóibe agus an grúpa Gaeil ladta+ an Queercal Comhrá.

Sep 01, 202028 min

Clár 263 - 2020 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Shane Hennessy linn faoi Fhéile na nGael Milwaukee agus na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le saol an cheoltóra i rith paindéim an choróinvíris. Chomh maith leis sin bhí Siothrún Sardina linn le labhairt faoi chúrsaí Gaeilge agus a Phop up Gaeltacht i San Diego, agus eile.

Aug 25, 202030 min

Clár 262 - 2020 - Raidió na Life

Clár speisialta ar Fhéile na nGael Milwaukee a bhí anseo - ar líne i mbliana toisc paindéim Covid_19. Chualamar ó Mháire Ní Chéileachair faoi chúrsaí ceoil agus ó Ray Mac Manais faoi stair na féile agus naisc le hOireachtas na Gaeilge.

Aug 18, 202029 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android