Fada is Fairsing - podcast cover

Fada is Fairsing

teicneoir@raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Clár 197 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí an scríbhneoir agus an t-acadóir aitheanta Seiceach Radvan Markus ag labhairt linn faoin Oíche Chultúrtha agus Cheiliúrtha de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh i gCarna na Gaillimhe ar an 4 D.Fómhair 2018. Chomh maith leis sin bhí Lonán Ó Lorgnáin ag labhairt linn ó Melbourne na hAstráile faoi chomhphobal úr ar Skype do dhaoine le Gaeilge timpeall na cruinne. Is féidir páirt a ghlacadh ag: join.skype.com/invite/HNQndeyrzcgT

Oct 02, 201825 min

Clár 196 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Sinéad Ní Ráinne linn ó Europus le labhairt linn faoin Dioplóma Iarchéime i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúcháin le Europus, GMIT agus Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin bhí Deirdre Ní Cheallacháin, a bhí mar Attaché le Comhairle na hEorpa ar son na hÉireann i Strasbourg go dtí le déanaí, ag labhairt linn faoin gComhairle agus faoi Lá Eorpach na dTeangacha a bheidh ar siúl ar an 26 Meán Fómhair, air seo lá ceiliúrtha 25 Bliain ar Aer do Raidió na Life!

Sep 25, 201828 min

Clár 195 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Ray Yeates, Oifigeach Ealaíon le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath linn faoi na himeachtaí éagsúla idirnáisiúnta a bheas ar siúl mar chuid den Oíche Chultúir ar an 21 Meán Fómhair 2018 i mBÁC. Chomh maith leis sin bhí Shanna Ní Rabhartaigh ó Aonad na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa linn le labhairt faoi dheiseanna d'aistritheoirí Gaeilge leis an gCoimisiún agus obair uile an Aonaid.

Sep 18, 201828 min

Clár 194 - 2018 - Raidió na Life

Bhí an dara cuid den agallamh a rinne mé le Panu Höglund ó Turku na Fionlainne ar an gclár seo agus é i mbun cainte faoina gcuid leabhar, an cultúr Gaelach san Fhionlainn agus eile. Chomh maith leis sin labhair Síne Nic an Ailí, Stiúrthóir Cultúr Club de chuid Chonradh na Gaeilge linn faoin obair atá idir lámha anois mar chuid den Chlub - acmhainní nua do theagasc na Gaeilge do pháistí thar sáile san áireamh.

Sep 04, 201827 min

Clár 193 - 2018 - Raidió na Life

Bhí Panu Höglund ó Turku na Fionlainne ar an gclár seo faoina leabhar nua Gaeilge "Tine sa Chácóin" agus eile. Chomh maith leis sin bhí Deirdre NicChárthaigh agus Brendan Kane ag labhairt faoi www.léamh.org - suíomh le hachmhainní d'fhoghlaimeoirí agus d'úsáideoirí na Nua-Ghaeilge Moiche agus ceardlann a thug siad beirt faoi ag comhdháil in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le déanaí.

Aug 28, 201828 min

Clár 192 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár bhí Kaytria Stauffer as Nua Eabhrac, a oibríonn ar Irish Language Learners ag labhairt linn faoin ngrúpa agus faoin am atá caite aici an samhradh seo i gColáiste na Rinne. Chomh maith leis sin chualamar ó Ghráinne Ní Ghillín a bheidh mar láithreoir ar an bpainéal cainte "Pobail Laistigh de Phobail" mar chuid de Liú Lúnasa sa Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus faoi chúpla imeacht eile a bheas ar siúl mar chuid den Fhéile i mbliana.

Aug 21, 201825 min

Clár 191 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh Kevin Scannel ó Ollscoil St. Louis, Missouri na Stát Aontaithe linn ag labhairt faoin díospóireacht painéil ar an nGaeilge a mbeidh sé ag glacadh páirte ann in UC Berkeley i gCalifornia mí Mheán Fómhair - bit.ly/2MKE21c. Chomh maith leis sin bhí Oifigeach na Gaeilge COBÁC, Clár Ní Bhuachalla ó Bord na Gaeilge, COBÁC ag labhairt linn faoi Scoil Samhraidh 2018 a bhí ar siúl mí Lúnasa le daoine ó áiteanna ar fud na cruinne ag freastal air.

Aug 14, 201827 min

Clár 190 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí eagarthóir úr IrishCentral.com agus iarthuairisceoir Raidió na Life, Fran Mulraney linn le labhairt faoina ról nua! Chomh maith leis sin bhí stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn Noelle O'Connell ag labhairt linn faoi obair éagsúil EMI na laethanta seo, folúntais poist agus cúrsaí Breatimeachta.

Aug 07, 201825 min

Clár 189 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Kilian Mac Donagh linn faoin ngrúpa na Gaeil i gCein i mBruiséil na Belige agus na himeachtaí éagsúla a bhíonn ar siúl acu. Chomh maith leis sin chualamar ó Aindriú Ó Ciardha faoina saol idir Ohio agus Connecticut na Stát Aontaithe agus na Gaeil iontacha i gCT agus ar deireadh labhraíomar leis an Dr Liam Ó hAisbéil ó choiste Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2018 faoi chainteoirí agus ábhair na comhdhála i mbliana ón 5-6 D.Fómhair.

Jul 31, 201825 min

Clár 188 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair mé le mo chomh chraoltóir i RnL, Ola Majekodunmi faoin bhfíseán iontach seo a rinne sí do #iamIrish youtu.be/EqWKR7eq-CQ . Chomh maith leis sin chualamar ón scríbhneoir Alex Hijmans sa Bhrasaíl faoin alt a scríobh sé ar Tuairisc.ie le gairid faoi fhógairt Cois Life go mbeidh an comhlacht ag éirí as an obair ag deireadh na bliana seo chugainn.

Jul 24, 201824 min

Clár 187 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí agallamh speisialta a rinne mé i gConnecticut na Stát Aontaithe le Pól Ferris as Nua-Gheirsí agus muid ag Lá Gaeilge sa Gaelic-American Club CT cúpla seachtain ó shin! Chomh maith leis sin bhí Príomhaoire agus Aire Stáit Joe McHugh TD linn le labhairt faoin maoiniú a thabharfar le tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh go luath.

Jul 17, 201825 min

Clár 186 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Eithne Dunbarra linn faoi thuras a ghlac sí timpeall ar Thalamh an Éisc Ceanada le déanaí le grúpa Gael, ansin bhí John Prendergast linn le hinsint dúinn faoina scoláireacht Fulbright agus an bhliain a chaithfidh sé in Ollscoil Notre Dame.

Jun 19, 201826 min

Clár 185 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin oíche chéiliúrtha a bhí ar siúl in Áras Ambasadóir na Stát Aontaithe le déanaí. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Jill Mc Mahon as Fiacail Co an Chláir agus í ag labhairt faoin scoláireacht Fulbright a bronnadh uirthi le déanaí le dul chun na Stáit Aontaithe mí Lúnasa.

Jun 12, 201825 min

Clár 184 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Emer Nic Labhraí linn faoina seal ar scoláireacht ICUF i Montreal, Ceanada go dtí seo agus faoin mbliain eile atá amach roimpi sall. Chomh maith leis sin chualamar ó Peter Kavanagh urlabhraí Gaeilge le Green Party Ireland maidir le rialacha nua an Choimisiúin Eorpaigh i dtaobh úsáid plaistigh agus seasamh an Chomhaontais ar an ábhar, agus faoi chúrsaí Gaeilge sa Chomhaontas Glas.

Jun 05, 201829 min

Clár 183 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann linn faoi fhógairt scoláirí nua Fulbright agus faoi iarratas do chainteoirí TEDxFulbright t.co/yMzuK2xqbX. Chomh maith leis sin bhí Éamon Ó Neachtain ó Chumann Gaeilge na hAstráile linn ag caint faoina gcomóradh 25 Bliana le déanaí

May 29, 201828 min

Clár 182 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhí Colmcille Ó Monacháin ó Aonad Aistriúcháin Gaeilge an Choimisiúin Eorpaigh ag labhairt linn faoi fholúntais d'aistritheoirí leis an Aonad agus comórtas d'Aistritheoirí Óga. Chomh maith leis sin bhí Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill ó Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin seó bóthair a rinne sí féin timpeall ar ollscoileanna na tíre le gairid chun eolas a roinnt maidir le deiseanna fostaíochta do dhaoine le Gaeilge.

May 01, 201826 min

Clár 181 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Niamh Ní Chróinín ó Chonradh na Gaeilge linn faoi amhrán Gaeilge Wheatus agus eile ar Ceol 2018 a eiseofar níos déanaí sa bhliain. Chomh maith leis sin bhí Evin Ó Dunaigh ag labhairt linn ó Ghlaschú na hAlban faoin bhfeachtas atá athosaithe chun Gàidhlig a chur ar Duolingo agus faoi Chonradh Na Gaeilge Glaschú.

Apr 24, 201826 min

Clár 180 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Noelle O'Connell, Stiúrthóir European Movement Ireland linn faoi Chomhrá Saoránach a bheidh ag EMI i gCo na Mí an tseachtain seo ar #FutureofEurope. Chomh maith leis sin bhí Deirdre Donnelly ag labhairt faoi thuras a ghlac sí go dtí na Stáit Aontaithe le déanaí chun cuairt a thabhairt ar Bhalla Cuimhneacháin Iarshaighdiúirí Vietnam ar a bhfuil ainm a huncaile Bernard Freyne agus eile.

Apr 17, 201823 min

Clár 179 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Seáinín Mac Conraoi linn faoi chúrsaí Gaeilge i mBrattleboro, Vermont na SAM. Chomh maith leis sin bhí Brent Ó Caiside ag labhairt ó Oulu na Fionlainne faoi cheiliúradh a bhí ansin do Lá le Pádraig is eile mí Márta.

Apr 10, 201822 min

Clár 178 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Caitríona Weafer linn ó Chathair na n-Aingeal, California faoi dheireadh seachtaine Gaeilge a bheas ar siúl ansin mí Bealtaine lagaeilge.wordpress.com/. Chomh maith leis sin chualamar ó Chuan Ó Seireadáin a bhí thall in Heidelberg na Gearmáine ag casadh ceoil leis an Irish Chamber Orchestra le déanaí.

Apr 03, 201827 min

Clár 177 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Eoin Ó Catháin linn ón mBruiséil faoi chuairteanna an Taoisigh ar na Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite agus ar an nGearmáin inniu, agus faoin a alt féin san Irish Times. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne mé le Niamh Nic Leoid le deireanas faoi Chomhdháil na Mac Léinn Ceilteach a bhí ar siúl in Ollscoil Dhún Éideann www.irishtimes.com/news/education/…irish-1.3415719

Mar 20, 201828 min

Clár 176 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair James McDonald linn ó Londain Shasana faoin bhféile Gaelic Voices mí Bealtaine 2018, Pop Up Gaeltacht Londain agus eile. Chomh maith leis sin bhí an Palaistíneach Philip Zoghbi ag caint linn ó Montreal Ceanada faoina thaithí ag foghlaim na teanga, amhránaíocht ar an sean-nós is eile!

Mar 13, 201823 min

Clár 175 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár bhí Niamh Nic Leoid ag caint linn faoi Chomhdháil na Mac Léinn Ceilteach a bhí ar siúl in Ollscoil Dhún Éideann ag an deireadh seachtaine agus bhí Meabh Nic Allastair linn le labhairt faoin ngrúpa "Gael-babies" agus bunú craobh de Conradh Gaeilge i Londain.

Mar 06, 201826 min

Clár 174 - 2018 - Raidió na Life

Bhí Natália Uí Fhaoláin ag labhairt linn faoi chás Lula agus toghchán uachtarántachta na Brasaíle a bheas ar siúl mí Dheireadh Fómhair agus bhí Síobhra Aiken ag caint linn faoi thuras Chumann Iarscoláirí Fulbright na hÉireann go OÉ Gaillimh mí Márta - do thaispeántas nua ar Mháirtín Ó Díreáin, turas go hInis Mór, oíche sa Taibhdhearc agus eile.

Feb 20, 201826 min

Clár 173 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Barra Ó Scannláin linn ón bhFrainc faoin méid atá ar siúl aige ansin agus faoi bhua fhoireann rugbaí na hÉireann sa Stade de France ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin labhair iarchraoltóir RnL, Sarah Ní Mháirtín atá anois ag obair sa Bhruiséil, linn faoi dhaoine thar sáile ag filleadh go hÉirinn chun vóta a chaitheamh, na cearta atá acu agus eile!

Feb 06, 201825 min

Clár 172 - 2018 - Raidió na Life

Oíche speisialta a bhí anseo i Raidió na Life leis an Taoiseach Leo Varadkar T.D. ar chuairt!...bhí Ian Mac Gabhann linn ag labhairt faoin ráth a bhí ar an bhfeachtas Trasna na dTonnta #TrasnaNadTonnta agus faoi chomórtais ICUF www.icuf.ie do theagascóirí Gaeilge le múineadh i gCeanada atá oscailte anois! Chomh maith leis sin cloisfimid ó Ben Ó Ceallaigh a thug caint ar a chuid taighde ar mhionteangacha agus an domhandú Dé Sathairn san Irish Cultural Centre of New England.

Jan 30, 201821 min

Clár 171 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo cloisfear mír a rinne mé le hAire Stáit agus Príomhaoire Joe McHugh agus Mícheál Ó Conaire ón Roinn Cultúir Oidhreachta is Gaeltachta ag an seoladh de MOOC, Fáilte ar líne. Chomh maith leis sin labhair mé le Síle Concannon faoi chonas mar atá ag éirí leis an bhfeachtas #trasnanadtonnta

Jan 23, 201827 min

Clár 170 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Fulbright linn faoi scoláireachtaí Gaeltachta do Mheiriceánaigh chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh in Éirinn. http://www.fulbright.ie/coming-to-ireland/us-gaeltacht-awards/ . Chomh maith leis sin bhí Klara Charlton agus Dan Lydon ó Brattleboro, Vermont ag caint linn faoin drochaimsir agus imeachtaí Gaelacha ansin!

Jan 16, 201832 min

Clár 136 - 2017 - Raidió na Life

Clár speisialta a bhí anseo ar Insealbhú Uachtarántachta na Stát Aontaithe 2017 agus an t-Uachtarán nua. Chualamar ó bheirt atá ar scoláireachtaí #Fulbright- Ian Pádraig Mac Carlúis in Washington DC agus Niamh Nic Leoid atá lonnaithe san Oirthuaisceart i gConnecticut. Chomh maith leis sin bhí tuairisc bheo againn ón agóid in aghaidh an uachtaráin nua i mBÁC Dé hAoine, lá an insealbhaithe le Sara McNamara.

Jan 24, 201731 min

Clár 135 - 2017 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Dhónall Ó Dubhghaill in Ottawa Ceanada faoi Chomhaltas Ceoltóirí Ottawa agus ó Greg Darwin, mac léinn dochtúireachta ag Ollscoil faoina chuid taighde dochtúireachta, faoi chúrsaí Gaeilge i Massachusetts agus faoi insealbhú Trump. Ar deireadh chualamar ó Noelle O'Connell, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn #EMI faoi fholúntas poist atá acu faoi láthair.

Jan 17, 201730 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android