Clár speisialta a bhí anseo faoi Ghaeil Ollscoil Connecticut na SAM. Bhí Sinéad Ní Mhuirí ag labhairt linn faoi bheith mar scoláire Fulbright ann agus bhí Brendan Kane agus Emmett de Barra ag labhairt linn faoi léamh.org agus eile san ollscoil.
Sep 24, 2019•30 min
Ar an gclár seo bhí Máire Ní Mhaonaigh ó Ollscoil Cambridge ag labhairt linn faoin bhfoclóir eDIL agus an 500 focal nua Gaeilge ar tháinig sí agus a comhghleacaithe ansin agus in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste orthu- tuilleadh ag: bit.ly/2kkFcrr .Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin ag labhairt linn ón mBruiséil faoin scéal is deireanaí maidir leis an mBreatimeacht.
Sep 10, 2019•27 min
Ar an gclár seo bhí Karen Reshkin ag labhairt linn faoin gcaint a thug sí féin agus Dineen Grow ag an gCeardlann Gaeilge ag an Milwaukee Irish Fest le gairid faoi conas rang Gaeilge a thosú. Chomh maith leis sin bhí Fran Mulraney ó Irish Central ag labhairt linn faoin "#popupgaeltacht is mó ar domhan" i Nua Eabhrac!
Aug 27, 2019•27 min
Ar an gclár seo labhair Bláth de Burca linn faoin sraith cainteanna ar fheimeanachas atá á eagrú aici mar chuid d'Fhéile Fringe Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin bhí Sara McNamara linn ó Chomhaltas ag labhairt linn faoi Fhleadh Cheoil 2019 i nDroichead Átha, na daoine ó gach cearn den domhan a bhí i láthair aige - daoine ó chraobhacha idirnáisiúnta Comhaltas ina measc.
Aug 20, 2019•26 min
Ar an gclár seo bhí Pádraig Ó Baoighill ag labhairt linn faoi léacht a thug sé le Conradh na Gaeilge Glaschú i mí an Mheithimh in ómós do Sheán Ó Fiannaí faoi stair 'An tUltach'; chualamar faoi shaol Pádraig féin i nGlaschú, faoi Sheán agus faoin léacht. Chomh maith leis sin beidh Stiúrthóir Forbairt Cluichí an CLG Pat Daly ag labhairt linn faoi Chluichí Domhanda an CLG a bhí ar siúl i bPort Láirge le gairid.
Aug 13, 2019•25 min
Clár speisialta faoi Ghaeil Cheanada a bhí anseo! Bhí Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeilge atá á eagrú aige thall i Vancouver Ceanada -https://www.eventbrite.ca/e/vancouver-irish-language-weekend-tickets-60556850169. Chomh maith leis sin bhí Ian Mac Gabhann ag labhairt linn faoin scoláire seo ón Mohawk Nation, Taho Cross a tháinig go hÉirinn le gairid chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh ar scoláireacht ICUF https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/student-from-...
Jul 30, 2019•28 min
Ar an gclár seo bhí iarchraoltóir Meon na mBan, Brónagh Ní Chuilinn linn ag labhairt faoina cuid taisteal timpeall na hÁise agus a háit chónaithe nua san Astráil. Chomh maith leis sin bhí Aneta Mlckovská ó Leipzig na Gearmáine ag labhairt linn faoina turas timpeall ar Éirinn an samhradh seo.
Jul 23, 2019•28 min
Ar an gclár seo bhí Emma de Paor ag labhairt linn ó Ollscoil Leipzig áit a bhfuil sí ag múineadh Gaeilge le ERIU Leipzig, faoi chuairt a thug an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn ar an ollscoil le déanaí agus eile. Chomh maith leis sin bhí Marlena Gawlik ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Szeczecin sa Pholainn, agus bhí píosa a rinne mé le Chris Hickson múinteoir bunscoile i nGaelscoil Phortlaoise nuair a bhí sé thall sa Bhruiséil ar thuras le Clár na Réalta Goirme agus Gluaiseacht n...
Jul 16, 2019•27 min
Ar an gclár seo labhair muid le Robert Henneberg i mBeirlín na Gearmáine faoi Conradh na Gaeilge Bheirlín, Cluichí Domhanda an CLG agus eile. Chomh maith leis sin bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoina bainis dochreidte i bPáirc Yosemite California le déanaí!
Jun 25, 2019•25 min
Ar an gclár seo, labhair Somhairle Mag Uidhir linn faoi éirí as Theresa May, Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019 ó thuaidh agus cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt le deireanas. Chomh maith leis sin bhí Evin Ó Dúnaigh linn ó Chonradh na Gaeilge Glaschú ag labhairt faoi Phop-Up Gaeltacht na Breataine agus Féile Gaeilge Glaschú.
Jun 04, 2019•30 min
Ar an gclár seo bhí Noelle Ó Connell, Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019 agus éirí as Theresa May. Chomh maith leis sin bhí Peadar Ó Caomhánaigh ó Pháirtí an Chomhaontas Glas ag labhairt linn faoina bhua féin sna Toghcháin Áitiúla agus bua Ciarán Cuffe sna Toghcháin Eorpacha.
May 28, 2019•28 min
Clár speisialta a bhí anseo inar bhreathnigh muid ar Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019. Bhí Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin bhfeachtas #GaelVóta de chuid an Chonartha. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne Séamas Ó Meachair linn ag tráth na gceist de chuid Oifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn agus Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn i gClub Chonradh na Gaeilge mí Aibreáin.
May 21, 2019•25 min
Ar an gclár seo bhí Seaghan Mac An TSionnaigh ag labhairt linn faoin bhféile iontach Bendigeidfran https://www.facebook.com/events/292746674765850/?ti=cl a bhí ar siúl sa Bhreatain Bheag ag an deireadh seachtaine agus an píosa focal ó bhéal a rinne sé féin ag an bhféile le file Breatnach. Chomh maith leis sin bhí Eoin P. Ó Murchú ag labhairt linn faoin bpíosa a rinne sé féin ag an bhféile faoi Gaelgáirí le fuirseoirí Breatnacha.
Apr 30, 2019•26 min
Ar an gclár seo chualamar ó Noelle O'Connell Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn faoi obair a heagraíochta roimh Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, in aimsir na Breatimeachta agus eile. Chomh maith leis sin chualamar ó Rónán Mistéil faoi chaint a thug an Dr Geordanne Nordstrom as Hawaii an tseachtain seo caite i gConradh na Gaeilge i mBÁC dar teideal "Dia duit Hawaiian" inar chuir sí an Ghaeilge agus an Haváis i gcomparáid lena chéile i measc eile!
Apr 16, 2019•22 min
Ar an gclár seo labhair James McDonald linn faoi fhéile Gaelic Voices Festival 2019 ar siúl ag London Irish Centre agus Conradh na Gaeilge i Londain ar an 18 Bealtaine agus Pop UP Gaeltacht leis! Chomh maith leis sin bhí Niamh Ní Shúilleabháin ag labhairt linn faoi ionsaí sceimhlitheoireachta Sri Lanka a tharla le déanaí agus í thall ansin i mbun taistil.
Apr 14, 2019•30 min
Ar an gclár seo bhí Jim Maher linn ag labhairt faoi Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa ar an 24 Bealtaine agus tráth na gceist a d'eagraigh sé féin agus hOifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn le déanaí i gClub Chonradh na Gaeilge. Chomh maith leis sin bhí Diarmuid Breathnach linn ag labhairt faoi chúrsaí polaitíochta agus cultúir i dTír na mBascach tar éis dó cuairt a thabhairt uirthi le déanaí.
Apr 09, 2019•25 min
Ar an gclár seo bhí Oisín Mac Conamhna ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag labhairt linn faoi léacht a bheas ar siúl san ionad ar an 30 Aibreán agus faoin mBreatimeacht agus an mórshiúl ina coinne. Chomh maith leis sin bhí Karl Birthistle ag labhairt linn faoina shaol san Eilbhéis agus cúrsaí Gaeilge ann.
Mar 26, 2019•27 min
Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh Aoibheann Ní Dhonnchadha ó Institiúd Ard-léinn Bhaile Átha Cliath linn a d'oibrigh ar thaighde spéisiúil a tháinig chun cinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi naisc idir dochtúirí meánaoiseacha in Éirinn agus Persia.https://www.irishexaminer.com/breakingnews/ireland/15th-century-manuscript-reveals-links-between-gaelic-ireland-and-muslim-world-908545.html Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin beo linn ón mBruiséil le labhairt faoin scéal is deireanaí i leit...
Mar 19, 2019•24 min
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Ó Mathúna ag labhairt linn ó El Salvador agus é i mbun taistil timpeall ar Mheiriceá Theas ag trácht ar a bhlag MO Food , a chuid taistil agus an bia ann; chomh maith leis sin bhí Sinéad Ní Dhroma ag labhairt linn faoi ghrúpa nua de mhúinteoirí Gaeilge atá ag teacht le chéile faoin teideal An Gréasán. Bhí Pádraig Ó Mathúna linn freisin le labhairt faoi Ard Fheis Chonradh na Gaeilge a bheith ar siúl i Nua Eabhrac i 2021!
Mar 05, 2019•29 min
Ar an gclár seo, bhí Patrick McCafferty linn le hinsint dúinn faoi chúrsaí Gaeilge agus mionteangacha in Ollscoil Leipzig sa Ghearmáin. Chomh maith leis sin bhí Julie de Brún ag labhairt linn faoin bhFéile Máthairtheangacaha/ Mother Tongues a bheas ar siúl ar an 2/3 Márta 2019.
Feb 19, 2019•26 min
Ar an gclár seo bhí an comhairleoir Éilis Ryan ó Pháirtí na n-Oibrithe linn le labhairt faoin gcorraíl i Venezuela faoi láthair agus an feachtasaíocht in Éirinn mar thacaíocht. Chomh maith leis sin labhair Aneta Mlckovská linn ó Leipzig na Gearmáine faoi chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Leipzig agus eile. Ar deireadh labhraíomar faoi sheoladh #TrasnanadTonnta 2019 i mBÁC.
Feb 05, 2019•25 min
Ar an gclár seo chualamar ó láithreoir Raidió na Life Cóilín Ó Dubhthaigh a bhí thall sna Stáit Aontaithe le gairid do Chomórtas Náisiúnta Iománaíochta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin chualamar ó Ian Mac Gabhann faoin bhfeachtas Trasna na dTonnta atá ag dul ó neart go neart le deireanas!
Jan 22, 2019•31 min
Ar an gclár seo chualamar ó Shéamus Ó Fianghusa i Nua Eabhrac faoin scéal seo - a mhadra míleata le baint uaidh agus a fheachtas ina choinne bit.ly/2stCznj. Chomh maith leis sin bhí Clár Ní Shúilleabháin linn le hinsint dúinn faoi ranganna #Gaeilge agus imeachtaí eile de chuid Ionad Éireannach Londain.
Jan 15, 2019•27 min
Ar an gclár seo bhí Gráinne Ní Ghillín ag labhairt linn ón India faoi na milliúin ban a sheas le chéile ar lorg comhionannais inscne, an méid a thit amach ó shin agus faoina turas féin ar shaoire mhachnaimh sa tír. Chomh maith leis sin bhí an Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl ó Fiontar in Ollscoil Chathair BhÁC ag labhairt linn faoi Fáilte ar líne www.failteonline.ie - ranganna Gaeilge saor in aisce ar líne do dhaoine ar fud na cruinne.
Jan 08, 2019•30 min
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Breatnach linn ag labhairt faoi na daoine sa Chatalóin atá ag troid don neamhspleáchas ón Spáinn- ó stailceanna ocrais go dtí grúpaí a thacaíonn leo anseo in Éirinn. Chomh maith leis sin bhí Katie Roskams linn ó Shasana le labhairt linn faoina turas foghlama teanga agus cúrsaí Breatimeachta.
Dec 18, 2018•27 min
Ar an gclár seo bhí Mícheál Ó Muireagáin linn le hinsint dúinn faoi Phop UP Gaeltacht Hamburg mí Eanáir. Chomh maith leis sin bhí Becca Egan, Rós Dubai ag labhairt linn faoi faoin oíche mhór Chinn Bliana i Má Nuad atá á heagrú aicise agus ag lucht Rós Thrá Lí ar son Pieta House agus Jigsaw . www.facebook.com/events/488283148350511/?ti=cl
Dec 11, 2018•24 min
Ar an gclár seo rinneamar ceiliúradh ar 200 clár de #FadaisFairsing! Ar an gclár, bhí scoláire iontach Fulbright John Prendergast ag labhairt linn faoin gcéad chlub iomána agus caide a bunaíodh in Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe an tseachtain seo caite. Chomh maith leis bhí Niall Ó Siadhail ag labhairt linn faoi dheireadh seachtaine Gaeilge Chonradh na Gaeilge i Londain ag deireadh na míosa!
Nov 13, 2018•27 min
Ar an gclár seo labhair Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn, Noelle O'Connell linn faoi obair EMI, Clár na Réalta Goirme, #WomenMeanBusiness, #womeninleadership agus eile. Chomh maith leis sin d'éisteamar le mír a rinne mé le Katie Roskams as Sasana ag cúrsa Gaeilge ag Oideas Gael i nDún na nGall le déanaí, agus ar deireadh bhí léiritheoir 'Gaeil UK', clár nua TG4, Seán Ó Cualáin ag labhairt linn faoi sheoladh an chláir nua le gairid ag Féile Éireannach
Nov 06, 2018•27 min
Ar an gclár seo bhí Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide Áine Ní Shúilleabháin linn le labhairt faoi chuairt Chargé d'Affaires Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn Reece Smyth ar an ollscoil le gairid. Chomh maith leis sin bhí Barra Ó Scannláin linn le hinsint dúinn faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aige in Ollscoil Alberta i gCeanada
Oct 23, 2018•25 min
Ar an gclár seo bhí Cuan Ó Seireadáin linn le labhairt linn faoi Fhondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn a sheolfar i Nua Eabhrac Dé hAoine an 12 Deireadh Fómhair. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le mír a rinne mé le Síne Nic an Ailí, Comhordaitheoir Cultúr Club Chonradh na Gaeilge, ag Seoladh ábhair teagaisc ar líne de chuid an Chlub i rith na seachtaine. Ar deireadh, labhair Tom Fitzgerald linn faoi bhronnadh an ghradaim Laoch na Gaeilge 2018 de chuid litriocht.com ar Imelda White thall i S...
Oct 09, 2018•30 min