Fada is Fairsing - podcast cover

Fada is Fairsing

teicneoir@raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Clár 13 - 2013 - Raidió na Life

Clár speisialta faoin Áis é seo ina labhraím le Neil Mac Taidhg atá ag múineadh an Bhéarla sa tSeapáin faoi láthair agus le John Ó Liodáin atá i mbun múinteoireachta Gaeilge in ollscoil i mBéising na Síne ar feadh bliana. Insíonn an bheirt dúinn faoina saolta ansin, faoin bpobal Éireannach sa dá chathair agus faoin nGaeilge san Áis inniu.

Oct 01, 201326 min

Clár 12 - 2013 - Raidió na Life

Sa chlár seo labhraím le Mícheál Ó hEoghain atá ag obair leis an nGaeilge in ollscoil i Hamburg na Gearmáine faoin olltoghachán a bhí ar siúl an tseachtain sin sa tír. Ina dhiaidh sin cloisimid ó Sam Ó Fearraigh a scríobhann blag darb ainm 'Word Otter' agus a scríobh píosa faoin nGaeilge agus faoin gcineál tuairimíochta a bhíonn le cloisteáil i measc Gaeilgeoirí ar bhlaganna ar líne na laethanta seo. Ar deireadh cloisimid ó Maidhc Ravey as an gcathair Learpholl, Sasana faoina shaol féin agus fao...

Sep 24, 201326 min

Clár 11 - 2013 - Raidió na Life

Sa chlár seo, labhraím le beirt fhear den ainm Maidhc i Meiriceá Thuaidh! Ar dtús cloisimid ó Mhaidhc O' Regan atá ina chónaí gar do Chicago agus é ag labhairt linn faoin nGaeilge thart ar an gcathair ansin agus faoin Irish American Heritage Centre ann. Múineann Maidhc agus a bhean chéile Gaeilge ann agus insíonn sé dúinn faoi sin is faoi phobal na Gaeilge in Iarthar-láir Mheiriceá. Labhraímid le Maidhc Ó Ceallaigh freisin a d'fhág Éire ar an 'mbád bán' do Cheanada breis is caoga bliain ó shin a...

Sep 17, 201326 min

Clár 10 - 2013 - Raidió na Life

An oíche seo, labhraímid le Hillary Mhic Suibhne atá mar léachtóir Gaeilge in Ollscoil Nua Eabhrac faoi sheasamh na Stát Aontaithe i leith cúrsaí sa tSiria agus meon na meiriceánach faoin scéal. Cloisimid ó Labhrás Wilson atá ina chónaí i Maryland sna Stáit Aontaithe chomh maith, faoina shaol féin is an Ghaeilge agus ar deireadh labhraímid le Siún Ní Dhuinn, léachtóir Gaeilge, a chuaigh i mbun múinteoireachta i Nua Eabhrac le déanaí ar dheireadh seachtaine Gaeilge de chuid na heagraíochta Daltaí...

Sep 10, 201324 min

Clár 9 - 2013 - Raidió na Life

Sa chlár seo labhraímid le Naoise Waldron atá ag múineadh na Gaeilge ar scoláireacht Fulbright i mbliana i Missoula, Montana. Labhraíonn sé linn faoin bpost mar theagascóir Gaeilge Fulbright agus faoi thús a bhliana féin ar an scoláireacht úd. Labhraímid le hiarláithreoir de chuid Raidió na Life, Helena Ní Mhaoláin faoina cuid taistil i gCeanada i rith an tsamhraidh. Ar deireadh labhraímid le Brent Ó Casaide ó North Carolina atá lonnaithe san Fhionlainn anois, faoi chúrsaí Gaeilge ansin, faoin b...

Sep 03, 201328 min

Clár 8 - 2013 - Raidió na Life

Clár é seo ina labhraímid le Tomaí Ó Conghaíle faoin gclár a rinne sé don BBC le hArt Hughes agus iad ag taisteal ar fud na hEorpa ag freastal ar fhéilte Ceilteacha is cultúrtha. Cloisimid chomh maith ó Shorcha Batchelor ó Texas a chaith seala ag cur feabhais ar a cuid Gaeilge le hOideas Gael i rith an tsamhraidh agus í ag labhairt linn faoina foghlaim féin den teanga agus faoi chúrsaí Gaeilge i 'dTeicseas' inniu. Ar deireadh labhraímid le Ciara Ní Mhaoilchéire(Mulhair) atá ag múineadh sa Róimh ...

Aug 27, 201323 min

Clár 7 - 2013 - Raidió na Life

Sa chlár seo cloisimid ó Simone Amiras ó Milan, Pól Ferris ó Nua-Jhersey agus Gearóid Ó hAinnidh atá lonnaithe i Lucsamburg; a bhí uilig ag foghlaim na Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille i rith an tsamhraidh. Insíonn siad dúinn faoin taithí a bhí acu féin ar fhoghlaim na Gaeilge agus faoin nGleann is Oideas Gael iad féin. Chomh maith leis seo labhraíonn David Menees ó Milwaukee linn faoin Irish fest a bhí ar siúl ansin i mí Lúnasa.

Aug 20, 201325 min

Clár 6 - 2013 - Raidió na Life

Clár ag breathnú ar mhúineadh is ar fhoghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh is ar fud an domhain. Labhraíonn Maidhc Newell linn ó 'Chumann na Gaeilge i mBostún' faoin nGaeilge i measc na nGael-Mheiriceánaigh is na hÉireannaigh i mBostún agus faoi imeachtaí samhraidh an Chumainn. Cloisfimid ó roinnt mac léinn ó Mheiriceá, ó Cheanada is ón Eoraip atá ag caitheamh seala ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge don samhradh. Ar deireadh, labhraímid ...

Jul 30, 201326 min

Clár 5 - 2013 - Raidió na Life

Sa chlár seo, labhraímid leis an saoririseoir Deirdre Donnelly a bhéas ag dul go dtí an Aetóip i mí na Samhna le maoiniú ón Simon Cumbers Media Fund. Fad is a bheidh sí ansin, déanfaidh Deirdre clár fáisnéise raidió faoi Chúnamh Éireann ar thionscnaimh do dhaoine faoi mhíchumas agus rithfidh sí sa Great Ethiopian Run, chomh maith le neart eile. Labhraíonn Sláine Ní Chathalláin, léiritheoir TG4, linn freisin faoin seal a chaith sí le déanaí sa Mholdóiv ag obair i ndíleachtlann. Tugann sí neart tr...

Jul 23, 201325 min

Clár 4 - 2013 - Raidió na Life

Sa chlár seo, labhraíonn láithreoir 'Spórt 106' Cóilín Ó Dubthaigh linn faoi chúrsaí Cumainn Lúthchleas Gael timpeall na cruinne inniu, agus áit bainte amach ag foireann peile Londain i gcluiche ceannais Chraobh Connachta. Chomh maith leis sin, labhraíonn Natália Danzmann, aistritheoir ón mBrasaíl, linn faoina taithí féin ag foghlaim na Gaeilge, faoin turas a ghlac sí go Machu Picchu le deireanaí agus faoin taisteal i Meiriceá Theas.

Jul 16, 201326 min

Clár 3 - 2013 - Raidió na Life

Ag filleadh go dtí an Eoraip anocht, labhraíonn tuairisceoir spóirt Raidió na Life Cillian Ó Conchúir linn faoi Wimbledon 2013, na cluichí ceannais ach go háirithe agus labhraíonn T-rex Ó Saurus linn ón Spáinn faoin saoire atá á chaitheamh aige ansin agus é ina 'Spailpín Spáinneach' ar feadh tamaillín!

Jul 09, 201320 min

Clár 2 - 2013 - Raidió na Life

Sa dara chlár den tsraith, labhraíonn an fear ilteangach(omniglot)Simon Ager linn ón mBreatain Bheag faoina shaol leis an nGaeilge is faoi na teangacha uile atá foghlamtha aige faoi seo. Labhraíonn Helena King, láithreoir de chuid Raidió na Life linn ó San Diego faoin samhradh atá á chaitheamh aici i gCalifornia ar víosa oibre J1 agus ar deireadh labhraíonn Evin Downey linn ó Albain, fear Baile Átha Cliathach atá ag obair le 'Conradh na Gaeilge Glaschú' le blianta anuas, faoin nGaeilge i nGlasch...

Jul 02, 201326 min

Clár 1- 2013 - Raidió na Life

Sa chéad chlár den tsraith breathnaíonn Lisa ar scéal agus ar phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh. Labhraíonn sí le hAralt Mac Giolla Chainnigh atá lonnaithe in Ontario faoin nGaeilge i gCeanada agus faoi Oireachtas Cheanada, agus le hEibhlín Zurell i Nua-Eabhrac faoi phobal na Gaeilge sna Stáit Aontaithe inniu agus faoin eagraíocht 'Daltaí na Gaeilge'.

Jun 25, 201329 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android