Sa chlár seo labhair Síne Nic An Ailí linn faoin scoláireacht Fulbright atá bainte amach aici le dul i mbun múineadh na Gaeilge i Montana san Fhómhar, Chomh maith leis sin, bhí Greg Burns agus Éamonn Ó Neachtain ó Cumann Gaeilge na hAstráile linn le labhairt faoi chúrsaí Gaeilge is eile ansin i Melbourne. Roinnt eolais faoi ranganna is eile d'éinne sa chuid sin den domhan!
May 27, 2014•26 min
Ar an gclár seo, labhraíomar le Cara Nig Fhearraigh agus í ag roinnt eolais linn faoi na deiseanna leis na hinstitiúidí Eorpacha sa Bhruiséil do dhaoine le Gaeilge is eile, agus faoin gcathair í féin. Níos déanaí ar an gclár, beidh Cóilín Ó Dubhthaigh, tuairisceoir spóirt de chuid RnaL ag labhairt linn faoin seal a chaith sé i gcathair Nua Eabhrac ag an gcluiche CLG idir foireann Mhaigh Eo is foireann Nua Eabhrac i bPáirc na nGael sna Bronx cúpla lá roimhe agus faoi na rudaí iontach eile a rinne...
May 06, 2014•29 min
Ar an gclár seo, labhraíomar le Tomás Ó Raghallaigh atá ag obair mar mhúinteoir ionadaíochta i Norwich, Sasana faoina shaol ansin agus na dúshláin atá roimh mhúinteoirí Éireannacha óga anois. Chomh maith leis sin bhí muid ag caint le Liada Ní Riada, iníon de chuid Sheáin Uí Riada, atá san iomaíocht i dToghcháin na hEorpa sa deisceart
Apr 29, 2014•22 min
Ar an gclár seo cloisimid ó John Ó Liodáin atá ag múineadh na Gaeilge i mBéising na Síne faoi mheonta phobal na Síne i leith scéal an eitleáin Malaeisiach a bhfuiltear fós á chuardach tar éis dó dul ar iarraidh ar lá á eitilte idir Kuala Lumpar agus Béising ar an 8ú Márta 2014. Chomh maith leis sin labhraímid le Cuan Ó Seireadáin, tuairisceoir de chuid Raidió na Life agus ceoltóir clasaiceach proifisiúnta a d'oibrigh sa Ghearmáin, faoi scéal na mionphobal eitnice éagsúla i Mór Roinn na hEorpa a ...
Apr 22, 2014•22 min
Ar chlár na hoíche seo, cloisimid tuairimí Mike Ravey i Learpholl Shasana faoi chuairt an Uachtaráin Éireannaigh ar Shasana agus faoi Ghaeil-Shasanaigh an lae inniu, labhraíonn Colm Duffin linn ó Cheanada le labhairt linn faoin Lá Dearg a bhí ag pobal Gaeilge Cheanada le déanaí mar thacú leis an bhfeachtas Dearg le Fearg /Lá Mór Gaeilge anseo in Éirinn agus ar deireadh cloisimid ó Shorcha Ní Mhealláin a scríobh alt (thíos) faoin nGaeilge is féiniúlacht na n-Éireannach thar sáile san Irish Times ...
Apr 15, 2014•27 min
Ar an gclár seo d'Fhada is Fairsing rinneamar trácht ar chuairt stáit an Uachtaráin Mícheál D Ó hUiginn ar Shasana trí labhairt le Victoria B. Hamilton atá lonnaithe i Londain agus a chaith lá den chuairt i Windsor. Chomh maith leis sin chualamar ó Madeleine Ní Ghallchobhair, iartheagascóir Gaeilge Fulbright a d'fhreastail ar an gcomhdháil TEDxFulbright Bhaile Átha Cliath ar an 5ú Aibreán. Labhair sí linn faoi na cainteanna TED iontacha a rinneadh ar an lá agus faoin tábhacht a bhaineann le hoid...
Apr 08, 2014•24 min
Ar an gclár seo, cloisimid ó Chiarán Dawson ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh atá i mbun ranganna Gaeilge a mhúineadh ansin le mic léinn leighis as áiteanna éagsúla ar fud na cruinne. Labhraíonn sé faoin spéis a chuireann go leor mac léinn sa choláiste sa Ghaeilge agus faoin turas a thug na foghlaimeoirí Gaeilge ar Chorca Dhuibhne le déanaí. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Mháirtín Coilféir, léachtóir de chuid Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, a labhair ag comhdháil dár teideal 'An G...
Apr 01, 2014•24 min
Ar an gclár seo, cloisimid ó Bhreandán Mac Ardghail a bheidh ag déanamh cainte ag an gcomhdháil TEDxFulbrightDublin a bheas ar siúl den chéad uair i mBaile Átha Cliath i mbliana agus á reachtáil ag Fulbright Éireann. Tuilleadh eolais ar an suíomh i nGaeilge agus i mBéarla ag TEDxFulbrightDublin Chomh maith leis sin cloisimid ó Shéamas Ó Neachtain ó Chumann Charad na Gaeilge (An Philo-Celtic Society) faoin Stráitéis 20 Mí atá curtha le chéile ag grúpa ón gCumann agus faoi obair an Chumainn féin. ...
Mar 25, 2014•25 min
Ar an 35ú clár,chualamar ó phobail Ghaeilge éagsúla ón dá thaobh tíre de na Stáit Aontaithe. Labhair mé le Caitríona Weafer atá ag cur fuithi i 'gCathair na n-Aingeal' (L.A.) i gCalifornia leis na blianta i mbun mhúineadh na Gaeilge is go leor eile, faoin bpobal Gaeilge ansin is go leor eile. Ó Chósta an Oirthir ansin bhí Brian Ó Broin linn ag labhairt faoin gclár raidió atá idir lámha aige le roinnt Gael i gcathair Nua Eabhrac le déanaí agus atá á chraoladh ar Raidió Na Life.. Tuilleadh eolais ...
Mar 18, 2014•28 min
Ar chlár na hoíche seo, cloisimid ó Scott De Buitléir faoin bplé ar fad atá ar siúl le déanaí ar chearta an phobail LADT (LGBT) ó óráid Panti anseo in Éirinn go dtí an coiriúlú den homaighnéasachas in Uganda, Chomh maith leis sin cloistear an t-Athair Éamonn Breslin a bhí lonnaithe i Lucsamburg ar feadh na mblianta agus atá lonnaithe sa Róimh anois faoina shaol agus faoin bPápa nua Pronsias.
Mar 11, 2014•23 min
Ar an gclár seo, cloisimid scéalta an scríbhneora aitheanta Derry O'Sullivan faoina chuid scríbhneoireachta, faoina shaol i bPáras na Fraince agus Craobh Chonradh na Gaeilge agus chomh maith leis sin ó Sheán Ó Dubhghaill i Lováin na Beilge faoina chuid múinteoireachta ansin agus Seachtain Gaeilge a mbeidh sé ag glacadh páirte ann sa tír go luath!
Mar 04, 2014•26 min
Cloisimid ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Fulbright Éireann, Colleen Dube faoi na duaiseanna atá le fáil faoi láthair do mhúinteoirí is do dhaltaí Gaeilge ó na Stáit Aontaithe le teacht i mbun staidéir ar an nGaeilge in Éirinn agus faoin mbuntáiste a mbaineann leo d'Éirinn agus do na Stáit Aontaithe araon. Ar an dul sin, cloisimid ó Anne Driscoll atá i mbun scoláireachta Fulbright in Éirinn i láthair na huaire agus atá ag foghlaim na Gaeilge ina ham saor freisin. Cloisimid ó mhac léinn iarchéime na R...
Feb 25, 2014•22 min
Sa chlár seo labhraím le Matthew Holmberg ó Massachusetts agus Audrey Nickel ó California faoi na damhachtainní Gaeltachta a fuair siad an bhliain seo caite le teacht go ceantair éagsúla Gaeltachta in Éirinn chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Chomh maith leis sin labhraím le Robert Henneman as Beirlín na Gearmáine atá i mbun teagaisc i mbaile Loch Garman faoina chuid oibre ansin agus an suim a chuireann sé sa teanga Gaeilge.
Feb 18, 2014•28 min
Ar an tríochú clár d'Fhada is Fairsing labhraímid le fear mór Gaeilge Ceanada, Aralt Mac Giolla Chainnigh a tháinig go hÉirinn ar feadh roinnt seachtainí chun páirt a ghlacadh i Lá Mór na Gaeilge chomh maith le sraith oráidí a dhéanamh le grúpaí éagsúla faoin réaltólaíocht agus na deiseanna a bheidh ann d'Éireannaigh san earnáil amach anseo. Cuirimid an Ghaeilge is an Ghaidhlig i gcomparáid lena chéile ansin, in agallamh le Alison Ní Dhorchaidhe ó Bhaile Átha Cliath atá i mbun oibre anois leis a...
Feb 11, 2014•27 min
Anocht labhraím le Donncha Mac Niallais faoi Fhéile na bPan Cheilteach a bhéas ar siúl den chéad uair riamh i dTuaisceart Éireann i gCultúrlann Uí Channáin, Doire i mbliana. Chomh maith leis sin cloisimid níos mó ón mBeilg, in agallamh le Beartla de Búrca faoi Chlub Óige atá idir lámha ag grúpa sa Bhruiséil faoi láthair. Ar deireadh tá Vera Orschel ón Ostair atá ag obair in áiteanna timpeall na tíre le blianta anuas anois agus a d'fhoghlaim Gaeilge le hOideas Gael is eile.
Feb 04, 2014•25 min
San ochtú clár is fiche cloisimid ó Chiarán ó Ceallaigh ón gComhairle Eorpach faoin Seachtain Gaeilge atá á reachtáil ag grúpa daoine sa Bhruiséil don phobal Éireannach sa chathair. Labhraím le Amanda Bernhard in agallamh Skype freisin faoin tógra nua atá idir lámha aici lena phairtnéir chun cainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne a tharraingt le chéile i nciorcail chómhrá ar an idirlíon dar teideal 'Comhrá le Chéile'. Tá píosa le cloisteáil chomh maith faoi na himeachtaí uile atá á reachtáil chun ...
Jan 28, 2014•26 min
Sa chlár seo cloisimid ó Aislínn Nic Ruairí faoin ngrúpa Gaelach 'Na Gaeil i gCéin' atá lonnaithe sa Bhruiséil a eagraíonn imeachtaí Gaelacha do Ghaeil sa chathair. Chomh maith leis sin labhraímid le Emma Uí Bhroin, Oifigeach Gaeilge de chuid Glór Cheatharlach faoin gcomórtas amhrán atá á reachtáil ag an eagraíocht chun amhrán a roghnú le dul san iomaíocht don Fhéile Pan Cheilteach a bhéas ar siúl i nDoire i mbliana.
Jan 21, 2014•21 min
Sa chlár seo labhair Antoin De Blárach ó Ghaoth Dobhair faoin scéal a thit amach faoi féin is faoina dheartháir nuair a caitheadh amach as tacsaí iad i nGlaschú de bharr go raibh Gaeilge á labhairt acu, chualamar ó Jennifer O'Riordan atá ag múineadh Gaeilge leis an ngrúpa Let's Learn Irish agus an Ollscoil Chaitliceach i Washington DC. Ar deireadh labhair Reuben Ó Conluainn linn faoin bhFéile Interceltique de Lorient a bhíonn ar siúl sa Fhrainc gach bliain mar chéiliúradh ar ghnéithe éagsúla den...
Jan 14, 2014•27 min
Labhraíonn Eibhlín Zurrell linn ó Rockville, Nua Eabhrac faoin athrú ollmhór aimsire ansin ag tús na bliana agus an teocht níos ísle i Nua Eabhrac ná mar a bhí sé le 120 bliain anuas. Labhraíonn tuairisceoir spóirt Raidió na Life, Cóilín Ó Dubhthaigh linn faoin gcéad chluiche CLG a d'imir foireann ón Astráil in Éirinn i rith na Nollag. Cloisimid ó roinnt mac léinn óg atá i mbun Gaeilge a fhoghlaim sna Stáit Aontaithe, Ceanada is an Eoraip chomh maith leis seo.
Jan 07, 2014•22 min
Clár speisialta Nollag ina gcloisimid roinnt amhrán ar an sean-nós ó Natalia Danzmann sa Bhrasaíl, labhraíonn Séamas Ó Neachtain linn faoin ngrúpa Cumann Carad na Gaeilge agus faoi Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín ar an Oileán Fada. Cloisimid ó Emma Carlson atá i mbun oibre ar scannán Gaeilge i Nua Eabhrac mar chuid dá staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil Nua Eabhrac agus ar deireadh cloisimid ó Mhaidhc Ó Riabhaidh i Learpholl faoi fhíseán a roinn sé ar an idirlíon le déanaí faoin nGaeilge agus Gae...
Dec 24, 2013•27 min
Sa chlár seo labhair Muireann de Barra linn a chaith go leor ama sa Bholaiv ag déanamh scannánaíochta agus í ag caint linn faoi na bundúchasaigh ann tar éis don McDonalds deireanach dúnadh sa tír. Chomh maith leis sin labhair Maura Mulligan linn ó Nua Eabhrac faoin méid atá déanta aici leis an gcultúr Gaelach thall leis na blianta anuas ó bhog sí ó Mhaigh Eo go Meiriceá. Léann sí dán de chuid Eoghain Uí Thuairisg dúinn agus í ar tí léamh poiblí den dán a dhéanamh san oíche tar éis an chláir seo.
Dec 17, 2013•26 min
Clár speisialta é seo ina labhraím le Deirdre Donnelly, saoririseoir a thaistil go dtí an Aetóip le cuidiú ón Simon Cumbers Media Fund, ag déanamh cláir fháisnéise do Newstalk agus go leor leor eile. Labhraíonn sí linn faoin turas a bhí aici, faoin méid a d'fhoghlaim sí uaidh agus faoi na heagraíochtaí deonacha do dhaoine faoi mhíchumas ar bhuail sí leo nuair a bhí sí ann.
Dec 10, 2013•26 min
Cloisimid níos mó ón agallamh a rinne mé le Seán Mag Uidhir ó Dallas, Teicseas sa chlár seo, agus é ag insint dúinn faoi chúrsaí Gaeilge i Dallas sa chuid seo de. Chomh maith leis sin cloisimid ó Shíobhra Aiken agus í ag caitheamh a chéad Lá Altaithe(Thanksgiving) thall i Meiriceá agus ar tí dul ag taisteal timpeall ar Mheiriceá Theas don Nollaig. Ar deireadh labhraíonn Evin Downey linn ó Ghlaschú faoin timpiste héileacaptair a tharla sa chathair inar maraíodh deichniúr nuair a bhuail héileacapt...
Dec 03, 2013•26 min
Bhí agallamh spreagúil againn ar an gclár seo le Maura Lennon ón gcatharnas Goal cúpla lá tar éis di taisteal le heitleán Aer Lingus chun cúnamh a thabhairt do mhuintir na n-Oileán Filipíneach tar éis an tíofúin sa tír tamall beag roimhe sin. Labhair Kate Smyth linn ó Londain faoi scéal na mban a coimeádadh mar sclábhaithe tí i Lambert, Londain ar feadh blianta. Ar deireadh chualamar ó Sheán Mag Uidhir agus é ag caint linn ó Dallas, Teicseas faoi chomóradh 50 bliain ar bhás an uachtaráin John F....
Nov 26, 2013•21 min
Sa chlár seo chualathas ó Sheanán Ó Coistín atá ag obair leis an gCoimisiún Eorpach i Lucsamburg agus é ag labhairt linn faoin mbailiú airgid a bhí ar siúl ag grúpa cairde is comhghleacaithe aige ar son na ndaoine sna hOileáin Fhilipíneacha tar éis don tíofún an tír a bhualadh. Labhair Eoin Ó Catháin linn ó Ottawa, Ceanada faoin gclár raidió Gaeilge a bhí á chur i láthair aige ansin dár teideal The Gaelic Hour sa gheimhreadh.
Nov 19, 2013•27 min
San ochtú gclár déag labhair mé le hOrla Ní Mhaoláin ó Dhoire a thaistil go stát Nua Eabhrac ar thuras le hÓgras, chun an Ghaeilge is spóirt Ghaelacha a mhúineadh do pháistí óga ansin. Chualamar ó John Feeney ón taobh sin tíre freisin, ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge i gConnecticut agus an Irish Gaelic Circle of CT a n-oibríonn seisean leis. Ar deireadh labhair Joe Costelloe linn ó Bhairéin agus é i mbun múinteoireachta ansin faoi láthair.
Nov 12, 2013•23 min
Ar an gclár seo labhraíonn Cian Mac Cárthaigh linn sa stiúideó faoin bhféile mhór cheoil Womax ar fhreastail sé uirthi sa Bhreatain Bheag agus labhraím le hAralt Mac Giolla Chainnigh agus é ar thuras le grúpa mór Meiriceánach is Ceanadach timpeall ar na ceantair Ghaeltachta uilig in Éirinn. Cloisimid ó dhaoine eile ar an turas agus roinnt acu ag ceol agus iad i láthair ag cúrsa Gaeilge de chuid Oidis Gael i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall.
Oct 29, 2013•20 min
Ag breathnú siar arís ar an gclár cloisimid ó Deibhin Ó Flangáin a oibríonn go dian ar son na Gaeilge i Meániarthar na Stát Aontaithe. Chuir sé tús leis an Lá Gaeilge a bhíonn ar siúl i mBloomington, Indiana beagnach sé bliana ó shin chomh maith le tús a chur le roinnt leathanach Facebook Gaeilge, Gaelskype san áireamh. Labhraíonn sé linn faoi chúrsaí Gaeilge sa Mhéaniarthar agus faoin méid atá déanta aige ann. Ansin cloisfimid roinnt amhrán ar an sean-nós- 'Thugamar féin an Samhradh Linn' agus ...
Oct 22, 2013•25 min
Clár dearfach faoi fhostaíocht do Ghaeilgeoirí timpeall na cruinne, ag teacht amach i rith seachtaine fógartha an bhuiséid! Labhraíonn Colm Ó Duifin atá mar theagascóir Gaeilge de chuid na heagraíochta ICUF agus é ag múineadh na teangan in ollscoil i dTorontó ansin ar feadh bliana. Ina dhiaidh cloisimid ó Ross Ó Briain atá ag obair le Comhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil faoi láthair agus silleann sé go leor solais dúinn ar an sórt oibre a bhíonn ar siúl ag Gaeilgeoirí ansin sna hInstitiúi...
Oct 15, 2013•26 min
Clár é seo ag fanacht níos gaire don bhaile agus ag breathnú ar roinnt áiteanna timpeall na hEorpa. Ar dtús cloistear Rónán Ó Condúin atá i mbun dochtúireachta ar dhlí na hEorpa in Institiúd na hOllscoile Eorpaigh i bhFlórans na hIodáile agus é ag labhairt linn faoin méid atá ar siúl aige sa chathair ansin. Ina dhiaidh seo labhraím le Maria Ní Chatháin, láthreoir de chuid Raidió na Life agus í i mbun na siúlóide móire 'El Camino de Santiago' le grúpa Gael. Labhair siad Gaeilge i rith an turais a...
Oct 08, 2013•26 min