Ar an gclár seo, labhair Siobhán Ní Thuairisg linn faoin scéim 'Malartú Beochana Dúchasach Wellington-Gaillimh 2025' idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn a bhuaigh sí i mbliana agus a seal sa Nua-Shéalainn. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chlár Ní Bhuachalla ó Ghaeltacht COBÁC faoi na folúntais atá acu do theagascóirí Gaeilge faoi láthair!
Jul 15, 2025•26 min
Ar an gclár seo, Seoirsín Ní Mheachair ag labhairt linn ò Rhinebeck, Nua Eabhrac faoin gcúrsa "Blaiseadh na Gaeltachta", tionscnamh trasAtlantach a chomhreachtáil sí féin agus comhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste.
Jul 01, 2025•22 min
Ar an gclár seo, labhair an scríbhneoir agus eagarthóir Mícheál Ó Conghaile linn le labhairt faoi Cheardlann Scríbhneoireachta atá á reachtáil ag Cló Iar-Chonnachta do dhaoine ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi roinnt féilte idirchultúrtha agus idirnáisiúnta i rith an tsamhraidh!
Jun 24, 2025•24 min
Ar an gclár seo, labhair Manchán Magan linn faoi sheoladh a leabhar úr 'Ireland in Iceland' faoi na naisc idir Éirinn agus an Ìoslainn! Chomh maith leis sin chualamar ó Janik Bastien ar shaoire ó Cheanada go hÉirinn do Chomhdháil ar Chúrsaí Idirghnéasacha i mBaile Átha Cliath.
Jun 17, 2025•23 min
Ar an gclár seo, labhair Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide, Pádraig Mac Brádaigh linn faoi dhífheistíocht agus scaradh iomlán an Choláiste ón Iosrael agus obair Aontas na Mac Léinn chun an ollscoil a bhrú an cinneadh seo a dhéanamh.
Jun 10, 2025•23 min
Ar an gclár seo, labhair an t-Ollamh Fraincise agus Iodálaise Dr Elizabeth Scheiber linn faoina shaol i New Jersey na Stát Aontaithe, a spéis sa litríocht agus an méid a d'fhoghlaim sí ó litríocht ar an Holocaust.
Jun 03, 2025•22 min
Ar an gclár seo labhraíomar le hAindriú Ó Ciardha faoin gcúrsa a rinne sé le Daltaí na Gaeilge in Esopus Nua Eabhrac agus na himeachtaí éagsúla eile atá le teacht ag an ngrúpa i rith na míonna amach romhainn.
May 20, 2025•21 min
Ar an gclár seo , labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin achainí curtha isteach ag an gConradh chuig Coiste Achainíocha Pharlaimint na hEorpa maidir le dúshláin títhíochta sna ceantair Gaeltachta.
May 13, 2025•22 min
Ar an gclár seo, labhraíomar le Caoimhe Ní Shuilleabháin a chaith am sa Bhruiséil ag labhairt linn faoi Scoil na Sléibhte atá á eagrú aici d'fhoghlaimeoirí Gaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne le foghlaim Gaeilge fite fuaite leis an gcnocadóireacht! Chomh maith leis sin beidh Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoi Fhéile Éigse na Bruiséile sa Bheilg an mhí seo.
May 06, 2025•26 min
Ar an gclár seo, labhraíomar le Hilary Mhic Suibhne faoi uachtaránacht Trump go dtí seo, a chuairt ar an Róimh do shocraidh an Phápa Pronsias agus na scéalta is deireanaí ó na Stáit Aontaithe.
Apr 29, 2025•26 min
Ar an gclár seo , labhraíomar le Donna Ní Ghallchobhair ó Lárchomhairle Pharóiste Ghleann Cholm Cille ag labhairt linn faoi thogra muintir na háite chun stádas ‘Pobal Spéire Dorcha’ a bhaint amach.
Apr 15, 2025•22 min
Ar an gclár seo , labhraíomar le hÁine Uí Fhoghlú ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid agus faoin Dochtúir McMonagle ó Oispidéal Phort Láirge ag obair sall sa Phalaistín. Phléamar féile cheiliúrtha ar chultúr na Palaistíne freisin, atá ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad i láthair na huaire.
Apr 08, 2025•23 min
Ar an gclár seo bhí Alex Hijmans ag labhairt linn faoina chuid colúnaíochta ar an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht le Tuairisc, agus a alt le deireanas faoi Binyavanga Wainana agus leabhar dá cuid scríbhneoireachta 'Conas scríobh faoin Afraic' i measc go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Áine Uí Fhoghlú ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid agus faoin Dochtúir McGonagle ó Oispidéal Phort Láirge ag obair sall sa Phalaistín.
Apr 01, 2025•26 min
Mícheál Curtin ag labhairt linn ó Nua Eabhrac faoina chlár nua ar BBC Gaeilge dar teideal "Cárta Poist ó Mheiriceá", a shaol agus a chúlra mar Ghaeil Mheiriceánach agus go leor eile!
Mar 25, 2025•25 min
Ar an gclár seo bhí Áine McGillycuddy agus Dan Cusack linn ò Chicago le labhairt faoina gciorcal comhrá ansin, Gaeilago agus eile. Chomh maith leis sin bhí Dic Breathnach ar ais linn, i Stiúideó Raidió na Life an uair seo, le labhairt linn faoina chuid drámaíochta agus a chruinnuithe le drámadòirì agus aisteoirí agus faoina bhfuil ag éirí leo go dtí seo.
Mar 11, 2025•23 min
Ar an gclár seo bhí Molly O'Meara ag labhairt linn faoin bhféile ilchultúrtha Croílár a bheas ar siúl in Áth Luain mí Aibreáin. Chomh maith leis sin bhí Dónal agus Helen ón ngrúpa Preab-Ghaeltacht Bhaile Átha na bhFranc linn le labhairt faoi na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl acu do Sheachtain na Gaeilge.
Mar 04, 2025•25 min
Ar an gclár seo bhí Nadia Dobrianska ag caint linn faoi thionchar Trump ar chogadh na Rúise ar Úcráin. Chomh maith leis sin bhí an Dr Sorcha de Brún in Ollscoil Luimnigh ag caint linn faoi na soinéid de chuid Shakespeare atá aistrithe go Gaeilge aici mar chuid dá cuid taighde, dánta aistrithe ón nGearmáinis, Mark Twain agus go leor eile.
Feb 25, 2025•27 min
Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh agus dlíodóir Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn faoin gcéad mhí d'uachtaránacht Trump sna Stáit Aontaithe - athruithe i ndan don tír, impleachtaí don Phalaistín agus géarchéim reitrice Trump.
Feb 18, 2025•26 min
Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoin tsraith dánta trítheangacha "Notes from a Workaholic & More" a rinne sí leis an Axis i mBaile Munna. Chomh maith leis sin chualamar ó Dhúbhán Ó Longáin faoin alt a scríobh sé do Nós faoin taisteal agus na deiseanna uile a thug a chumas sa Ghaeilge dó thar na blianta.
Feb 11, 2025•26 min
Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin léamh dráma "Grindr, Saghdar agus Cher" a rinne sé sa Bhreatain Bheag trí Bhreatnais le gairid! Chomh maith leis sin b Dic Breathnach ag labhairt linn faoin gCruinniú Drámaíochta a bheidh aige le scríbhneoirí, aisteoirí agus stiúrthòirí in Áras na Gaeilge.
Feb 04, 2025•26 min
Ar an gclár seo chualamar ó Cholm Ó Cinnseala as na Forbacha ag labhairt linn faoina chuid ama sa Mheánoirthear agus an litir a scríobh sé chuig ár bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa faoi chás na Palaistíne.Chomh maith leis sin, labhraíomar le Caoimhe Ní Fhanthorpa a bhí ag caint linn faoina saol san Éigipt, an chúis gur bhog sí ann agus na difríochtaí cultúrtha leis an tír.
Jan 28, 2025•28 min
Ar an gclár seo chualamar ó Jeffrey Sardina a labhair linn faoi na tinte uafásacha i gCathair na nAingeal i gCalifornia le gairid agus an t-Uachtarán nua Trum ag filleadh ar an Teach Bán. Chomh maith leis sin, bhí Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire tar éis don sos comharc a bheith fògartha an tseachtain seo caite.
Jan 21, 2025•29 min
Ar an gclár seo chualamar ó Aislínn Nic Ruairí a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg! Chomh maith leis sin, d'éisteamar le beagán de cheol fear chéile Aislínn, Páidí Ó Dubháin, ar cheoltóir proifisiúnta é sa Bhruiséil.
Jan 14, 2025•24 min
Ar an gclár seo chualamar ó Joe Breathnach faoi Extra G agus an t-alt a scríobh sé faoi Biden agus Trump in agus na pardúin atá á mbronnadh ag Biden agus é ag fágáil oifig an uachtaráin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Ríoghnach Hyland a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg.
Dec 24, 2024•25 min
Ar an gclár seo chualamar ó Michael Ó Conchúir ó Chonradh na Gaeilge Aoetearoa sa Nua Shéalainn linn le labhairt faoin bPop Up Gaeltacht a bhí acu an tseachtain seo caite agus go leor eile! Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Chiarán Ó Ceallaigh sa Bhruiséil faoi obair Chonradh na Gaeilge ansin agus faoin gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi lánúin ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa chathair dar teideal La Vie sa Bhruiséil.
Dec 17, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Seán Ó Baoill, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí na hÉireann linn le labhairt faoin gcomhdháil atá á reachtáil ag an gCumann i gcomhpháirtíocht le Cairde Ceardchumann na Pailistíne, ceardchumainn eile agus grúpaí sibhialta eile faoi chearta páistí na Palaistíne mí Eanáir. Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Briana Ní Loinsigh as New Jersey, ina cónaí i Nua Eabhrac anois, faoina turas foghlama teanga leis an nGaeilge and leis an bPolainnis, a blag agus neart eile!
Dec 10, 2024•25 min
Ar an gclár seo bhí Rónán Ó Dochartaigh linn ó Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le labhairt linn faoina gcuid oibre ar an tsraith úr acmhainní digiteacha "HEART" www.eduheart.eu dírithe ar oideachasóirí ar spéis seo cúrsaí oidhreachta a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc, mar chuid de thionscadal ilchultúrtha comhpháirtíochta a raibh Oideas Gael ar cheann de 5 chomhpháirtí Eorpacha ann. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chiarán Dunbar faoin gcúrsa Ghaeilge na hAlban ar an Oileán Sgitheanach m...
Dec 03, 2024•28 min
Ar an gclár seo bhí Alexandra Philbin, mac léinn dochtúireachta i Valencia na Spáinne ag labhairt linn faoi na tuilte timpeall ar an gcathair le gairid agus agóidí na ndaoine in aghaidh an rialtais toisc an easpa rabhaidh a tugadh do dhaoine maidir leo agus an chaoi ar láimhseáladh an tragóid. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chiarán MacGuill ón ngrúpa an Ghaeltacht sur Seine agus é ag caint linn faoin tSamhain-sur-Seine, a bhféile bhliantúil Gaeilge!
Nov 26, 2024•26 min
Ar an gclár seo bhí Marion McEvoy ag labhairt linn faoin gceolchoirm "Dublin Says Yes - A Celebration of Migrant Artists" sa Cobblestone i Margadh na Feirme Dé hAoine beag seo! Chomh maith leis sin bhí Seathrún Sardina ag caint linn faoi COP29 san Asarbaiseáin - cé na ceannairí atá i láthair, cad ar a bhfuil sé féin ag coinneáil súile i mbliana mar chuid den phlé agus cad lena bhfuil daoine ag súil ón bplé i mbliana.
Nov 19, 2024•27 min
Ar an gclár seo bhí Amanda agus Seanachán Ó Cinnéide linn le hinsint dúinn faoina dturas go hÉirinn d'Oireachtas na Samhna, obair Amanda ar Abair.ie agus go leor eile! Chomh maith leis sin, chualamar ceol ó Dhónal Danny Ó Ceallaigh i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin!
Nov 12, 2024•25 min