Mír Cartlainne.
I bpíosa na cartlainne inniu bhí - Máiréad Nic Dhonnchadha, Pádraig Ó hAoláin, Michael Dhonnchú, Seán Ó Tuairisg, Pádraic Ó Catháin, nach maireann agus Tom Sailí Ó Flaithearta.

I bpíosa na cartlainne inniu bhí - Máiréad Nic Dhonnchadha, Pádraig Ó hAoláin, Michael Dhonnchú, Seán Ó Tuairisg, Pádraic Ó Catháin, nach maireann agus Tom Sailí Ó Flaithearta.
Beidh an chéad oíche airneáin den bhliain 2020 ar siúl sa leabharlann ar an gCeathrú Rua ag 6 a chlog tráthnóna amárach
Máirín Mhic Lochlainn - oíche Airneáin: Mír na Cartlainne.
Bhí an gala Brendan ar an ngála is measa a chonaic Mary le fada an lá ar an bhFód Dubh. Rinne Mary cur síos freisin ar lá Bríde agus na nósanna a bhíodh acu ann.
D'éirigh le Clare ardghradam turasóireacht a fháil ón Roinn Gnóthaí Eachtrach agus Cultúr na hÉireann an bhliain seo caite le deis a thabhairt de a cuid amhráin agus ceol a thabhairt go Meiriceá.
Mary John Tom Bhreathnach - Gala Bhrendan: Clare Horgan - Ardghradam Turasóireacht.
Peadar Mór Ó Conghaile - Ag labhairt faoi go bhfuil sé ag socrú na talún ag réiteach le haghaidh fataí a chur i mbliana: Éamonn Coyle - Ag labhairt faoi go bhfuil Féilire tugtha amach ag Éamonn ar a bhfuil pictiúr do thrí oileáin i nDún na nGall.
Bhí Máirín ag labhairt faoi chara, colceathrar léi a bhí mbaile as Sasana. Bhí sí tinn le ailse agus thug Máirín ag Tobar Naomh Anna í áit a dhearna sí an turas. Nuair a chuaigh sí ar ais go Sasana chuaigh sí ag an doctúr rinne sé na tástálacha bhí an ailse imigh as a corp.
Beidh Comórtas Amhrán Nua chumtha Pan Cheilteach 2020 ar siúl i gCeatharlach ar an Satharn 22 Feabhra agus sé Dé hAoine an 17 Eanáir an dáta deireadh le amhrán a bheith istigh don chomórtas.
Máirín Joe Churraoin - Leigheas ag Tobar Naomh Anna: Bríd de Róiste - Pan Cheilteach 2020.
Pádraic Ó Ciardha - Tá sé ag cur leabhar le chéile faoi litreacha Gaeilge a bhíodh daoine a chur abhaile fadó as tíortha i bhfad ó bhaile: Mír na Cartlainne .
Beidh siopa Uí Chionnaith i nGaillimh ag ceiliúradh cheithre scór bliain ar an bhfód i mbliana agus tá roinnt imeachtaí beartaithe acu i rith na bliana le ceiliúradh a dhéanamh. Tá cúigear de chlann Uí Chionnaith ag obair sa ngnó chomh maith leis an ngarchlann.
An tAthair Máirtín Ó Móráin agus Seámus Ó Gabháin - Máirtín agus Kathleen McEvily seachtú ceathair bliain pósta: Tom Kenny - Siopa Uí Chionnaith cheithre scór bliain ar an bhfód.
Ag labhairt faoi go bhfuil Máirtín agus Kathleen McEvily, as Ros Cathail ag ceiliúradh cothrom a lae bpósta inniu, tá siad seachtú ceathair bliain pósta.
Sinéad Ní Ráinne - Tá leabhar agus dlúthdhiosca curtha le chéile ag Sinéad do na hamhráin a bhfuil baint acu leis an Trá Bháin. Beidh an leabhar á sheoladh i scoil Rónáin, sa Trá Bháin, oíche Dé Sathairn ag a seacht a chlog.
Pádraic S. Ó Murchú - amhrán sean-nóis: Mír na Cartlainne.
John Bhaba Jeaic Ó Conghaile -Ceantar na nOileán: Evan Ó Gríofa, Breandán Ó hEaghra agus Gráinne Nic an Bháird - Tá sparántacht le bronnadh ar Evan Ó Gríofa, Dé hAoine seo chugainn i gcuimhne ar PJ Mac Donnacha as Muiceannach.
Tá Máirtín ar thaithí oibre anseo i Raidió na Gaeltachta ar feadh seachtaine. Labhair sé le Máirtín agus chas sé cúpla píosa ceoil.
Bhí Liam ag labhairt ar Oireachtas na Gaeilge 2020 a bhéas ar siúl i nGaillimh.
Liam Ó Maolaodha - Oireachtas 2020: Máirtín Ó Cualáin - Taithí oibre i Raidió na Gaeltachta.
Tá gradam le bronnadh amárach ar an gcraoltóir Seán Bán Breathnach. Tá Seán Bán Breathnach caoga bliain ag craoladh i mbliana.
Chuaigh Máirtín Davy siar chomh fada le scoil Náisiúnta Thír an Fhia i mí Dheireadh Fómhair 1979 agus cloiseann muid é ag caint le gasúir a bhí thart ar deich mbliana ag an am sin sa scoil.
Comórtas Amhránaíochta Chóil Nana Pháidín. Cómórtas amhránaíocht faoi 16 a bhí ann. Na daoine a chas - Aisling Ní Labhara, Mairéad Ní Fhlatharta, Síle Seoighe. Tógadh an píosa seo i 1993 ag Pléaráca Chonamara.
Stiofán Ó Moráin - Gradam le bronnadh ar Sheán Bán Breathnach: Mír na Cartlainne.
Féile Rath Cairn - Bhí Máirtín ag an bhFéile agus labhair sé le buaiteoirí chomórtais na namhráin - Jimí Ó Curraoin, Máire Ní Churraoin agus Sorcha Ní Mhonacháin agus Rónán Ó Conghaile.
Beidh Féile na Mí ar siúl ar an deireadh seachtaine 16 agus 17 Samhain. Rinne Seáinín cur síos ar na himeachtaí a bhíos ar siúl ag an bhFéile.
Ag cur síos ar Fhéilire 2020 Oidhreacht na nOileán atá le ceannacht ins na siopaí faoi láhair.
Beidh comórtas Amhrán Nua Chumtha Pan Cheilteach ar siúl arís ar an 22 Feabhra, 2020. Thug Bríd le fios go Dé hAoine 15 Eanáir, 2020 an dáta deireadh le cur isteach ar an gcomórtas.
Paddy Ó Biadh - Féilire 2020 Oidhreacht na nOileán: Seáinín Chóil Nana Pháidín Mac Donnacha - Féile na Mí: Bríd de Róiste.
Tá dlúthdiosca nua curtha amach ag Nan agus is amhráin ceol tíre as Béarla. Beidh sí dhá sheoladh Tigh Mheaic oíche Dé Sathairn. Labhair Nan ar na hamhráin a bhíonn á chasadh ag comórtais sean-nóis ag an Oireachtas agus na hamhráin nach dtabharfadh sí fhéin aon mharc dóibh dhá mbeadh sí ag moltóireacht.