Ar an mBóthar: Dé Máirt 05 Samhain 2019.
Pádraic Mhichael Phatch a Bhreathnaigh - Ag cur síos ar a athair Michael Phatch agus a chuid filíocht agus labhair sé ar an tréimhse a chaith sé fhéin agus a bhean Máirín i Sasana.

Pádraic Mhichael Phatch a Bhreathnaigh - Ag cur síos ar a athair Michael Phatch agus a chuid filíocht agus labhair sé ar an tréimhse a chaith sé fhéin agus a bhean Máirín i Sasana.
Seán Mac Conamara - Cur síos ar Choiste Cearta Daonna a bunaíodh in Acaill sa mbliain 1967. Tharla sé de bharr gur tugadh seasca ceathair duine os cóir na cuairte in Acaill de bharr go dtáinig siad abhaile as Sasana aimsir an ghalar Crúb agus Béil i 1967.
Ag labhairt ar an gCóir as an mBreatain Beag atá le dhá choirmcheoil a bheidh acu i nGaillimh ceann i Séipéal Bhearna, oíche Shamhna agus ceann eile i Séipéal St. Nicholas i nGaillimh ar an gcéad lá do mhí na Samhna.
Ag cur síos ar na himeachtaí a bhéas ar siúl ag Éigse Mhichael Mháire Ghabha an deireadh seachtaine seo i gCarna. Labhair Caitríona freisin ar an uair a chaill sí a glór agus an chaoi a fuair sí leigheas air.
Seán Ó Gráinne - Cóir as an mBreatain Bhig i Séipéal Bhearna oíche Samhna: Caitríona Ní Cheannabháin - Éigse Mhichael Mháire Ghabha.
Éamonn Mac Con Rí - Bhí Éamonn ag cur síos ar a shaol agus a shaothar.
John Twin MacNamara: Ag cur síos ar a mhuintir agus a shaol in Acaill. Creideann sé sa mallacht a cuireadh ar fhoireann Mhaigh Eo. Bhí sé ag Craobh Ceannais na hÉireann i 1951 nuair a bhuaigh Maigh Eo.
Bhí Biddín ag ceiliúradh a lá breithe Dé Sathairn seo caite agus í céad bliain d’aois. Tháinig Biddín ar an saol ar an 20 Deireadh Fómhair, 1919. Chuaigh Máirtín Tom Sheáinín ar cuairt aice agus rinne sí cur síos ar a saol agus a saothar agus na hathraíodh atá feicthe aice le céad bliain.
Biddín Sheáin Dharach Seoighe - Bhí Biddín céad bliain d'aois, Dé Domhnaigh seo caite.
Pádraic Phádraic Thomáis Ó Raghallaigh - Teneriffe agus Luibheanna: Péadraic Mac Donncha agus Colm Mac Con Rí - Taithí Oibre i Raidió na Gaeltachta: Séamus Ó Scanláin - Gradam an Oireachtais.
I mír na Cartlainne is léacht a thug Ian Lee in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua faoi amhránaithe agus ceoltóirí as Conamara a thóg RTÉ ó 1947.
Ag labhairt faoi go mbeidh oícheanta airneáin ag tosú ar ais san oíche amárach i leabharlann na Ceathrú Rua. Tá na hoícheanta ar siúl le ocht mbliana agus tá míle fáilte roimh an bpobal.
Bhí Máire ag glaoch ar an gclár ag cuartú uibheacha ó aon duine don phobal a mbeadh siad acu le haghaidh an chearc a chuir ar gur.
Máire Ferrins - Cearca: Máirín Mhic Lochlainn - Oícheanta Airneáin: Mír na Cartlainne.
Bhí Liam ag tabhairt le fios go mbeidh deis ag daoine tástáil a fháil déanta le haghaidh ailse béil, saor in aisce, amárach Dé Céadaoin, san Ionad Fiaclóireacht atá aige ar an Spidéal.
Tá coiste tuismitheoirí Scoil Sailearna ag eagrú biongó mór Dé Domhnaigh seo chugainn ar mhaith le airgead a bhailiú don scoil. Bhí Fearghas labhairt faoi bheith ag éirí as a phost mar phríomhoide ar Scoil Sailearna tar éis ocht mbliana déag.
Fearghas MacLochlainn - Biongó Scoil Sailearna: Rós Uí Bhraonáin, Ailish Bhreathnach, Máirín Uí Ghionnáin agus Pádraic Seoighe - Tomhais: Liam Ó Droma - Ailse béil.
Bhí Máirtín i Rath Cairn ar an deireadh seachtaine ag Éigse Dharach Uí Chatháin agus labhair sé le roinnt daoine agus chas roinnt daoine amhráin agus píosaí ceoil.
Éigse Dharach Úí Chatháin : Máire Ní Oibicín- Tomhais.
Mír na Cartlainne - Píosa cainte a rinne Máire ar an gclár "Ag Breathnú Uaim" ar an 14 Deireadh Fómhair 2001 le Marian Nic Con Iomaire. Labhair sí ar Bruce Ismay agus ar an am a chaith sé i Lodge Chasla.
Andreas Vogel - App amhráin: Mír na Cartlainne.
Ag cur síos ar an togra atá idir lámha aige faoi láthair ina bhfuil naonúr filí as ceantar na nOileán a mbeidh a gcuid amhráin á chur ar App agus a bhéas le feiceáil ar YouTube agus Instagram amach i dtús na bliana seo.
Tá Cumann Peile na bPiarsach i Ros Muc ag ceiliúradh trí scór bliain ar an bhfód i mbliana. Labhair Paddy agus Meaiti ar stair an Chumainn agus nuair a thosaigh siad an chéad lá riamh ag cruinniú a bhí i gCamus.
Ag labhairt ar an mbingo atá ag tosú i gCarna anocht ar mhaithe le airgead a bhailiú do Ionad Cúram Leanaí Charna le cúnamh a thabhairt i dtaobh costais an Ionad.
Rinne Cóilín cur síos ar an gcomóradh atá le bheith ag Cumann na Piarsaigh trí scór bliain an deireadh seachtaine seo an 12 agus 13 Deireadh Fómhair.
Máire Rua Uí Chonbhuí - Bingo i gCarna: Paddy Folan, Meaití Ceven Ó Niadh agus Cóilín Mullen - Cumann Peile na bPiarsach trí scór bliain.