AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal - podcast cover

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Lailli Lamb: ‘Feictear dom go bhfuil mé fós seasca’ - saol iníon ‘Lambín na féasóige’ faoi spéartha fairsinge Chonamara

Sa phodchraoladh seo ó Tuairisc, labhraíonn Helen Ní Shé le Lailli Lambe, iníon an ealaíontóra Charles Lamb agus Katherine Madox Hueffer. Tugann Lailli léargas ar stair a teaghlaigh, a saol ag fás aníos i gConamara, agus ar na heispéiris suaithinseacha atá caite aici ina saol pearsanta. Fiosraítear an tionchar a bhí ag comhairle Phádraic Ó Conaire ar a hathair chun Conamara a roghnú mar áit chónaithe.

Jan 22, 202657 minSeason 3Ep. 7

Ná bac an phleanáil teanga, tá sé in am cúrsa i scríobh tuarascálacha i nGaeilge a chur ar bun

Déanann criú An Pod Gaeilge plé ar an ngá le bheith dearfach, go háirithe seachtain inar foilsíodh dhá thuarascáil faoin nGaeilge I dteannta Bridget Bhreathnach tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Déanann siad plé ar an athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga agus ar phlean gníomaíochta nua an rialtais do sheirbhísí Gaeilge, dhá cháipéis a foilsíodh an tseachtain seo. Ach an -éireoidh leo glacadh le comhairle Mháire agus meon dearfach a choinneáil. Cabhair ...

Jan 22, 202656 minSeason 3Ep. 6

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Seán Ó Coileáin – ‘An leabhar a labhair linn’ – an scéal grá atá ag sníomh trí ‘An tOileánach’

San eagrán seo labhraíonn Helen Ní Shé leis an mórscoláire Seán Ó Coileáin a chuir eagar ar an tríú heagrán de dhírbheathaisnéis Thomáis Uí Chriomhthain, An tOileánach. Labhraíonn Seán ar na cúiseanna lena áiteamh gurb é An tOileánach an leabhar Gaeilge is tábhachtaí riamh. Ba é a deir sé ‘an leabhar a labhair linn, ar ár muintir féin, ar an sórt ab ea sinn agus ar an rud a bhí i ndán dúinn má bhí… agus ná raibh.’ Pléann sé chomh maith an scéal grá atá ag sníomh tríd an leabhar. Labhraíonn siad ...

Jan 15, 202653 minSeason 3Ep. 5

‘Ich bin ein Gaeltachter!’ – an misneach do chách a bhaineann le gaiscí peile Chorca Dhuibhne

I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá beirt chraoltóirí ó Chorca Dhuibhne Dara Ó Cinnéide agus Sláine Ní Chathalláin agus iad ag cur síos ar an áthas agus an mórtas cine, áite agus teanga a bhain le bua Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. Pléitear an t-ardú croí a bhain leis an ngaisce do mhuintir Chorca Dhuibhne agus don Ghaeltacht trí chéile. Labhraítear chomh maith faoin ardán náisiúnta a thug an fhoireann peile don G...

Jan 15, 202652 minSeason 3Ep. 4

‘Beidh ‘backlash’ i gcoinne na Gaeilge i mbliana’

I dteannta Bridget Bhreathnach agus lucht fáistine Tuairisc an tseachtain seo, tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir agus iriseoir, agus gach duine ar a ndícheall ag iarraidh léamh ar an rud atá le teacht. Titim Stormont, éirí amach naimhde na Gaeilge agus óráidí Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh – níl ansin ach cuid de na tuartha atá againn do 2026. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod...

Jan 08, 202655 minSeason 3Ep. 3

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Póilín Ní Chiaráin – ‘Bhí uaisleacht thar cuimse ag baint le muintir na marbh’

Ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste rinneadh taifeadadh beo ar eagrán speisialta de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’. Os comhair lucht féachana ag féile mhór na nGael, labhair Helen leis an iriseoir agus craoltóir iomráiteach Póilín Ní Chiaráin faoi na blianta fada atá caite aici i mbun iriseoireachta sa Tuaisceart ó aimsir na dTrioblóidí go dtí an próiseas síochána. Labhraíonn Póilín faoi na heachtraí móra a ndearna sí tuairisciú orthu, faoi na huafáis a chonaic sí, faoi na daoine móra a cas...

Jan 07, 202642 minSeason 3Ep. 3

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Dálaigh – Ag fágáint shaol an airgeadais le filleadh ar an bhfeirm i nDún Chaoin…

Tá Paiste Cainte ag Helen Ní Shé ar ais don dara sraith agus i mBaile Ícín i nDún Chaoin atá sí sa chéad eagrán den tsraith nua chun labhairt le Pádraig Ó Dálaigh faoi na cúiseanna gur fhág sé post sinsearach i saol an airgeadais chun dul ag feirmeoireacht ag baile. Labhraíonn siad faoin mealladh a bhaineann leis an mbaile, an traidisiún agus an dúchas, faoin saol a chaith Páidí ag bainistiú cistí móra airgid agus faoin saol nua atá aige ag obair ar an bhfeirm ar a tógadh é. Podchraoladh ó Tuair...

Jan 01, 202659 minSeason 3Ep. 1

Cé hé Gael na bliana? Buaicphointí na Gaeilge in 2026 roghnaithe le cabhair ó ghiúiré an Antartaigh

Sa dara cuid dár n-eagrán speisialta de ‘An Pod Gaeilge’ faoin mbliain 2025, roghnaítear dea-scéal Gaeilge na bliana, drochscéal Gaeilge na bliana agus Gael na Bliana. In éineacht le Bridget arís tá Pádraic, agus Seán Tadhg ó Tuairisc agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta. Tá iriseoir eile ó Tuairisc linn chomh maith, Maitiú Ó Coimín atá ar bhord loinge amach ó chósta an Antartaigh, áit nach bhfuil buaicphointí shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025 ag déanamh oiread sin...

Dec 25, 202532 minSeason 2Ep. 17

Súil siar ar bhliain nárbh fhéidir éalú ó fhaisean na Gaeilge…

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máirín Ní Ghadhra, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí in éineacht le Bridget Bhreathnach chun súil siar a chaitheamh ar scéal na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025. Pléitear ‘móimint’ na Gaeilge, tionchar Kneecap, an tslí ar chuir Catherine Connolly an teanga i lár an aonaigh agus na dúshláin atá le sárú i gcónaí in ainneoin na dea-thola go léir. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt o...

Dec 18, 202543 minSeason 2Ep. 16

‘Is cuimhin liom turcaithe na Nollag ag siúl timpeall leithreas na bhfear’

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear suáilcí agus duáilcí na Nollag, sean-nósanna agus nósanna nua na féile, an t-iontas, an comhluadar agus an t-uaigneas a bhaineann leis an tréimhse seo bliana. In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Máire Ní Fhinneadha Tuairisc, tá an craoltóir Dara Ó Cinnéide agus an cócaire agus amhránaí Brian Ó Domhnaill. Cad iad na cuimhní atá acu den Nollaig nuair a bhí siad óg? Cad iad na nósanna atá anois acu? Agus cén fáth gurb í seo Nollaig na Ca...

Dec 11, 202551 minSeason 2Ep. 15

Na leabhair Ghaeilge is fearr don stoca Nollag…

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh. In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín Tuairisc, tá an léirmheastóir Dónall Ó Braonáin agus an scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne. Agus é ag tagairt d’úrscéal Dharach Uí Scolaí a bhuaigh na duaiseanna móra in 2025, deir Dónall go raibh ‘an-bhliain ag Bódléar’, ach cérbh iad na leabhair eile a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóirí i mbliana agus cad iad na leabhair ba cheart a chur a...

Dec 04, 202554 minSeason 2Ep. 14

‘Ní bheidh mé ábalta intinn polaiteoirí atá glan i gcoinne na teanga a athrú ach beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais’ - An Coimisinéir Gaeilge

In agallamh le Tuairisc, labhair an Coimisinéir Gaeilge nua, Pól Deeds, faoi na dúshláin agus na deiseanna atá roimhe sa ról, faoin bhfrustrachas atá air maidir le heaspa cumhachta agus tuilleadh Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

Nov 27, 202536 minSeason 2Ep. 13

‘An difríocht is mó idir AI agus duine daonna ná nach bhfuil AI in ann 'Níl 's agam' a rá’

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na buntáistí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh an intleacht shaorga a chruthú do phobal na Gaeilge, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta agus a bhfuil i ndán don mhéid atá fágtha don MV Naomh Éanna, an bád farantóireachta a thugadh daoine agus lastas chuig Oileáin Árann san am atá caite. I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá, Máirín Ní Ghadhra, Darren Ó Dubhgáin agus...

Nov 27, 202551 minSeason 1Ep. 12

‘Tá obair le déanamh le dul i bhfeidhm go ciúin ar dhaoine’ - Coimisinéir Gaeilge nua agus na dúshláin atá roimhe

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear an obair atá roimh an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus é tosaithe sa ról, tugtar blaiseadh beag den Ultais dúinn agus labhraítear faoin bpraiseach a rinne coláiste i mBaile Átha Cliath den leagan Gaeilge dá ainm. I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Gráinne Ní Ghilín, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín. Phléigh siad na dúshláin atá roimh Phól Deeds ina ról nua, idir reachtaíocht lag agus easpa tol...

Nov 20, 202542 minSeason 2Ep. 11

‘Send the fool further’ - An Ghaeilge, an rialtas agus Catherine Connolly

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear polasaí nua na Roinne Oideachais don ghaeloideachas, insealbhú Catherine Connolly I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Phléigh siad an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus a laghad sonraí atá ann. Labhair siad chomh maith faoi insealbhú Catherine Connolly ina huachtarán agus ar an tslí a bhfuil ag éirí léi an...

Nov 13, 202550 minSeason 2Ep. 10

‘Cá bhfuil an masla i labhairt na Gaeilge?’ - eagrán speisialta beo ó Bhéal Feirste

An teanga gan teorainn í an Ghaeilge.? Bhí eagrán speisialta beo againn de ‘An Pod Gaeilge’ ag Oireachtas na Samhna chun é sin agus go leor eile a phlé. I dteannta Bhridget Bhreathnach don chéad phodchraoladh beo ó Tuairisc Ó Bhéal, bhí Cormac Ó hEadhra, Gráinne Ní Ghilín, Antain Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhianáin. Rinne siad plé bríomhar san ICC i mBéal Feirste ar chás na teanga, thuaidh, theas agus trasteorann. Pléadh céard a chiallaigh sé do phobal na Gaeilge go raibh Oireachtas na Gaeil...

Nov 06, 20251 hr 1 minSeason 1Ep. 9

‘Seod é muide agus táimid bródúil as seo’ – an tOireachtas i mBéal Feirste

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Caitlín Ní Chualáin agus Tomaí Ó Conghaile i dteannta Bhridget Bhreathnach agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, chun gach rud a bhaineann le hOireachtas na Samhna a phlé. Cad atá romhainn i mBéal Feirste agus an tOireachtas ag filleadh ar an gcathair den chéad uair ó 1997? Cad is Oireachtas ‘maith’ ann? Cad iad na háiteanna le dul i mBéal Feirste le sos beag a thógáil ón aicsean? Pléitear na ceisteanna sin go léir chomh maith leis an athrú me...

Oct 28, 202543 minSeason 2Ep. 8

Na cúiseanna go mbeidh Catherine Connolly ag triall ar an Áras…

An toghchán uachtaránachta agus a impleachtaí don pholaitíocht amach anseo, ó Theach Laighean go dtí Gaillimh Thiar, atá ag dó na geirbe againn ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge. Linn chun féachaint siar ar an bhfeachtas agus chun cinn ar an rian a fhágfaidh sé ar an bpolaitíocht, tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an craoltóir le Raidió na Gaeltachta Máirín Ní Ghadhra agus Harry Magee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times. Pléitear feachtas a bhí leamh uaireanta ach a bh...

Oct 23, 202558 minSeason 2Ep. 7

Díospóireacht na huachtaránachta – a seans mór deireanach caillte ag Heather Humphreys?

Thug Catherine Connolly agus Heather Humphreys aghaidh ar a chéile i ndíospóireacht Prime Time RTÉ aréir, díospóireacht dheireanach an fheachtais uachtaránachta roimh lá na vótála Dé hAoine. Cé a thug an lá léi? Ar éirigh le Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael, an taoide a chasadh nó an ndearna rogha na coitiantachta, an t-iarrthóir neamhspleách, Catherine Connolly, tuilleadh dul chun cinn? Déanann Seán Tadhg Ó Gairbhí, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín léirmheas ar an méid a dúradh agu...

Oct 21, 202530 minSeason 2Ep. 6

Droch-chomharthaí – ‘Cul de sac’ scriosta ag an UDA ar fhaitíos gur Gaeilge atá ann

San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Fionntán de Brún i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra. Pléitear conspóid na comharthaíochta dátheangaí ó thuaidh, mar a bhfuil páirtithe aontachtacha in adharca a chéile faoi cé acu is naimhdí don Ghaeilge. Caitear súil chun cinn ar Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste agus pléitear na scéalta is déanaí sa toghchán uachtaránachta. Agus ar deireadh, caitear súil ar chlár nua Imelda May ...

Oct 16, 202553 minSeason 2Ep. 5

An bás, an bheatha agus ag déanamh uibheacha scrofa d’uachtarán na hÉireann

San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann tá Alex Hijmans i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra. Labhraíonn Alex faoin gcolún ‘Cuimhne agus Dearmad’ ar Tuairisc, colún a scríobh sé ar feadh seacht mbliana faoin ngalar alzheimer a bheith ar a mháthair, a fuair bás le déanaí, trócaire uirthi. Pléitear chomh maith bás an scríbhneora agus fear déanta clár taistil Manchán Magan agus an toghchán uachtaránachta ar cuireadh trí ch...

Oct 09, 202544 minSeason 2Ep. 4

An buiséad is flaithiúla riamh don Ghaeilge?

San eagrán breise seo de An Pod Gaeilge, pléann Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026. Déantar briseadh síos ar an maoiniú breise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do TG4. Pléitear cáineadh an fhreasúra ar an rialtas agus cuirtear an cheist, an cabhair a bhí ann go raibh aire sinsearach ag déanamh chás na Gaeilge roimh an mbuiséad don chéad uair ó 2011? Agus an mbeidh lucht stocaireachta agus an breis is 20,000 duine a bhí ag máirseáil ar s...

Oct 07, 202518 minSeason 2Ep. 3

Na 25 leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain agus plean dúnmharfach Alan Titley

Sa dara heagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Darach Ó Scolaí, Alan Titley agus Maitiú Ó Coimín plé ar liosta na hirise Comhar de na 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas agus ar cén fáth go bhfuil an-tábhacht leis mar liosta ach nár cheart é a thógáil ródháiríre. Pléitear chomh maith duais mhór Dharach, an aip léitheoireachta is ansa le Maitiú agus plean dúnmharfach poiblíochta Alan do litríocht na Gaeilge. Agus cad faoi na daoine ná...

Oct 02, 202554 minSeason 2Ep. 2

‘Mionnaím go sollúnta go bhfoghlaimeoidh mé Gaeilge má thoghtar i m’Uachtarán ar Éirinn mé…’

Sa chéad eagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Máirín Ní Ghadhra, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar thoghchán na huachtaránachta agus ar ghealltanais na n-iarrthóirí faoin nGaeilge. An mbeidh sé ina bhuntáiste ag Catherine Connolly go bhfuil Gaeilge aici, nó an cuma le daoine in ainneoin an teanga a bheith sa bhfaisean? Pléitear chomh maith mórshiúl mór millteach na Gaeilge agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige agus cás cú...

Sep 25, 202546 minSeason 2Ep. 1

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Hamilton – ‘Tá an Ghaeilge in uachtar i gcónaí – ní hí an teanga chéanna atá ann, mar ní hé an saol céanna atá ann’

Don eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Corcaigh chun labhairt le Pádraig Hamilton, Corcaíoch a bhfuil dlúthcheangal aige le Corca Dhuibhne agus le Dún Chaoin go háirithe ó thosaigh sé ag dul ann sna caogaidí. Labhraíonn Pádraig ar an nGaeltacht mar a bhí agus mar atá, ar na pearsana móra a raibh aithne aige orthu i nDún Chaoin, agus ar chúrsaí litríochta agus polaitíochta. Pléann siad chomh maith cúrsaí oideachais agus an mheánscoil a bhunaigh athair Phádr...

Sep 25, 202544 minSeason 1Ep. 34

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Gearóid Ó Tuathaigh– ‘Tá na maistíní i gceannas, tógfaidh sé tamall iad a bhogadh’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go stiúideo Tuairisc i mBearna na Gaillimhe chun labhairt le Gearóid Ó Tuathaigh, ó Luimneach ó dhúchas, a bhí ina ollamh le stair in Ollscoil na Gaillimhe agus atá ar dhuine de mhórstaraithe na hÉireann. Agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin, labhraíonn an tOllamh Emeritus le Stair faoi ról traidisiúnta an uachtaráin agus an t-athrú atá tagtha air. Tráchtann sé ar a óige i Luimneach, ar bhogadh go dtí an Ghaillimh chun ...

Sep 18, 20251 hr 4 minSeason 1Ep. 33

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Darán Ó Droma - 'Tá mé ar mo seachtú nó ochtú súil, tá cúpla ceann acu fós sa tarraiceán'

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Ceann Heilbhic sna Déise chun labhairt le Darren Ó Droma faoin tragóid a sciob léi beirt chairde leis agus a spreag é chun tús a chur le snámh carthanachta. Labhraíonn sé le Helen faoin gcumhacht a bhaineann le spiorad pobail agus leis an gcairdeas. Labhraíonn Darren chomh maith faoin timpiste ar pháirc na himeartha a d’fhág ar leathshúil é agus ar an tréimhse a raibh ailse air. Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Ga...

Sep 11, 202554 minSeason 32Ep. 32

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Eamon O Siochrú - 'Níor cheart sin á thógáil as an Liobáin, tá imní orm gur Gaza eile a bheidh ann'

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Luimneach chun labhairt le hÉamon Ó Siochrú, ó Bhaile an Ghóilín i gCorca Dhuibhne ó dhúchas, a chaith trí thréimhse ar dualgas sa Liobáin nuair a bhí sé in arm na hÉireann, in 1981-82, 1985-1986 agus in 2007-2008. Labhair an t-iarchoirnéal agus iarthaidhleoir le Helen faoi na tréimhsí sin agus faoin gcinneadh a dhein na Náisiúin Aontaithe le déanaí deireadh a chur in 2027 le misean síochána fadbhunaithe arm na hÉirea...

Sep 04, 202550 minSeason 1Ep. 31

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Jack O’Connor - 'Bainfidh mé triail amháin eile as...beidh galar na caide go deo orm'

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Jack O’Connor a bhfuil cúig chraobh na hÉireann buaite aige, ceann na bliana seo ina measc. Chuaigh Helen go dtí Uíbh Ráthach a dhúchais chun labhairt le Jack díreach roimh an bhfógra oifigiúil go mbeadh sé ag fanacht mar bhainisteoir ar a chontae. Labhraíonn siad faoin gcinneadh sin, faoin dúil mhínádúrtha atá aige sa pheil, faoi cad a choimeádann ag imeacht é os cionn 20 bliain ó ...

Aug 26, 20251 hrSeason 1Ep. 30

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAndrea Palandri – ‘Bhí Gaoluinn agus ceol agam — bhí ‘camouflage’ maith orm!’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hAndrea Palandri, ceoltóir agus scoláire a bhfuil a chlann á tógáil trí Ghaeilge agus Iodáilis i gCorca Dhuibhne San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen leis an Iodálach Andrea Palandri, ceoltóir agus scoláire atá ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn siad faoina shuim sa seanstair agus i seanteangacha agus faoi cad a spreag é chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus bogadh go dtí an Gha...

Aug 21, 202551 minSeason 1Ep. 29
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android