San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir agus cumadóir as Baile Átha Cliath, faoina shaol ag plé leis an gceol, faoi bhunú na mbannaí Kíla agus The Frames agus faoi bheith ar chamchuairt le Bob Dylan. Is ar stáitse in áiteanna ar nós an Sydney Opera House agus an Hollywood Bowl a bhí The Frames agus iad i mbarr a réime ach déanann Colm cur síos ar an míshuaimhneas a tháinig air an tráth sin agus an tuiscint a fuair sé go raibh s...
Aug 14, 2025•51 min•Season 1Ep. 28
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an sár-aisteoir as Gaeltacht Chonamara, faoi cheird na haisteoireachta agus saol an aisteora, faoi thábhacht agus áilleacht na Gaeltachta, faoi Ros Muc agus Broadway, TG4 agus Amharclann na Mainistreach. Pléann siad na difríochtaí idir obair stáitse agus obair scáileáin agus an borradh atá faoi scannáin Ghaeilge. Labhraíonn Bríd faoi bheith ag obair le Brien Friel agus Martin McDonagh agus faoin meas...
Aug 07, 2025•1 hr 3 min•Season 1Ep. 27
Eagrán #6: San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hÁine Uí Fhoghlú ón Rinn, file, poblachtánach agus gníomhaí ar son na gceart, faoi chás na Gaeltachta agus na teanga, faoi cheird na filíochta, faoina muintir agus a cúlra agóidíochta agus faoi cad a chiallaíonn an poblachtánachas di. Labhraíonn sí faoina tréimhse ag obair mar chraoltóir i gCorca Dhuibhne, an seal a thug sí ag obair do Shinn Féin sna 1980idí nuair a bunaíodh Roinn an Chultúir sa pháirtí agus...
Jul 31, 2025•59 min•Season 1Ep. 26
Eagrán #6: ‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’ Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ní Chearnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muintir agus faoina tógaint féin i nDún Chaoin, áit a mbíodh achasáin á gcaitheamh chuig ‘coiníní an oil...
Jul 24, 2025•49 min•Season 1Ep. 25
Eagrán #5: ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’ Sa chúigiú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson as Béal Feirste, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí. Pléann Helen le Ciarán an cogadh ó thuaidh, saol an phríosúin sa Cheis Fhada, agóid na pluide agus a chomrádaithe, Bobby Sands ina measc, a fuair bás ar ...
Jul 17, 2025•52 min•Season 1Ep. 24
Eagrán #4: ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’ Sa cheathrú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an scoláire agus údar aitheanta Angela Bourke faoina leabhar cáiliúil The Burning of Bridget Cleary: A True Story, saothar ceannródaíoch faoi mharú mná i dTiobraid Árann 130 bliain ó shin. In 1895 d’imigh Bridget Cleary, a bhí 26 bliain d’aois, gan tásc gan tuairisc óna baile. Maíodh ar dtús gurbh amhla...
Jul 10, 2025•47 min•Season 1Ep. 23
Sa tríú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen ag labhairt leis an iarchraoltóir Micheál Ó Sé faoina bhfód dúchais, Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne. Déanann Micheál cur síos ar stair na háite, ar chuimhní óna óige agus ar dhaoine ón mbaile a bhain cáil amach, bíodh sin leis an gcaid nó leis an bpeann. Tá leabhar á scríobh ag Micheál faoi dhuine acu, Séamus Ó Muircheartaigh nó ‘An Spailpín Fánach’ mar is fearr aithne air, a chum an t-amhrán ‘O...
Jul 03, 2025•59 min•Season 1Ep. 22
Eagrán #2 ‘Subh agus seodóireacht’ Sa dara heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen i gCúil Aodha chun labhairt le Peadar Ó Lionáird, faoi shlán á fhágáil lena chomhlacht cáiliúil suibhe ‘Folláin’ agus aghaidh a thabhairt ar an tseodóireacht. Labhraíonn Helen le Peadar faoi chúrsaí gnó, faoin rath a bhí ar ‘Follaín’, faoi cad is saibhreas ann, faoin nGaeltacht agus stair a bhaile dúchais, faoin obair sheodóireachta atá ar bun anois aige agus fao...
Jun 26, 2025•46 min•Season 1Ep. 21
Tá an craoltóir Helen Ní Shé agus an t-abhcóide agus ceoltóir Méabh Smyth i dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun labhairt faoi shraith nua agallamh Helen do Tuairisc, ‘Paiste Cainte…’ agus cás cúirte Liam Óg Ó hAnnaidh ó Kneecap i gCúirt Dúiche Westminster i Londain. Ar deireadh, agus criú ‘An Pod Gaeilge’ ag tógáil sos samhraidh, is ábhar iontais dóibh gur éirigh leo 19 eagrán a chur amach go dtí seo… Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchrao...
Jun 19, 2025•43 min•Season 1Ep. 20
Eagrán #1 – ‘Ag cur Gaeilge ar na réalta…’ Tá áthas ar ‘An Pod Gaeilge’ le Tuairisc tús a chur le ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’, sraith nua agallmah ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Sa chéad eagrán déanann Helen paiste cainte leis an iriseoir Seán Mac an tSíthigh. Tá scéal diamhair álainn le hinsint ag Seán do Helen faoina shuim sa seanchas agus i réalta na spéire agus faoi thuras bleachtaireachta a dhein sé chun réalt ar leith a aimsiú. Sraith speisial...
Jun 19, 2025•53 min•Season 1Ep. 19
Tá Máirín Ní Ghadhra I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun ceisteanna beaga fánacha agus ceisteanna móra fealsúnacha an tsaoil a phlé. Pléitear an difríocht mhór idir scrúdú Béarla na hArdteiste agus an scrúdú Gaeilge, scéal fada dhíol an chomhlachta feamainne Gaeltachta, Arramara, agus, an rud is annamh is iontach, státseirbhíseach os comhair choiste Oireachtais na Gaeltacha ag admháil gur deineadh botún. Pléitear leis géarchéim tithíochta na Gaeltachta agus an deacracht a bh...
Jun 13, 2025•57 min•Season 1Ep. 18
I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun mórcheisteanna na hEorpa agus mioncheisteanna na hArdteiste a phlé tá an craoltóir agus iriseoir Máirín Ní Ghadhra agus an t-iriseoir agus údar Alex Hijmans, atá linn ón Ísiltír. Pléitear titim rialtas na hÍsiltíre, agus dul chun cinn na heite fíordheise ar fud na hEorpa. Caitear súil chomh maith ar an Ardteist agus tugann Alex marc dúinn dár bhfoghraíocht Ísiltírise. Pléitear leis an scéala nach gá go bhfaigheadh Raidió na Gaeltachta an t...
Jun 05, 2025•57 min•Season 1Ep. 17
I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá Colm Ó Cuaig, duine d’eagarthóirí ‘Dúchan’, leabhar nua de bhlúirí ó fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain. Pléitear cúlra an leabhair, an chraic a bhaineann le caint an Chadhnaigh agus an tábhacht atá le caomhnú shaibhreas na Gaeilge. Caitear súil chomh maith ar chás Sue Pentel, bean 72 bliain d’aois a gabhadh i mBéal Feirste ag agóid ar son mhuintir na Palaistíne agus ar an gcor is déanaí i scéal ‘carnabhal mearbhaill’ Kneecap. Tugtar ómós leis d’Ao...
May 29, 2025•44 min•Season 1Ep. 16
Gaeilge’. An t-aon locht atá ar Ráth Chairn ná nach féidir é a fhágáil a deir Ciarán Ó Fátharta le Bridget Bhreathnach agus é in éineacht le Máirtín Ó Méalóid, Liam Mac Cóil agus Brídóg Ní Chonaire don eagrán speisialta seo. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, thenational Irish language online n...
May 22, 2025•44 min•Season 1Ep. 15
Idir pholasaí ‘Béarla amháin’ an Rialtais, ainm Gaeilge an Phápa agus Gaeilge a chodail amuigh na bpreasráiteas tá neart ábhar cainte an tseachtain seo ag criú ‘An Pod Gaeilge’ ó Thuairisc Ó Bhéal. San eagrán is déanaí, tá Breandán Mac Gearailt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chuid de scéalta na seachtaine. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne ...
May 15, 2025•46 min•Season 1Ep. 14
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Dara Ó Cinnéide, Fiona Ní Fhlaithearta, Rónán Ó Dochartaigh agus Maitiú Ó Coimín i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar an samhradh sa Ghaeltacht, an gá le cuairteoirí a mhealladh agus an dúchas a chosaint ag an am céanna. Pléitear chomh maith na rudaí is fearr le déanamh sna cheantair Ghaeltachta éagsúla, an draíocht a bhaineann leis an tsléibhteoireacht, an bhádóireacht agus na sméara dubha. Agus an bhfuil gá le ‘C...
May 08, 2025•55 min•Season 1Ep. 13
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal tá Póilín Ní Chiaráin, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chonspóid Kneecap, ar fhoclóir nua ríme don Ghaeilge agus ar an bhfoghlaimeoir cáiliúil is déanaí atá againn…
May 02, 2025•53 min•Season 1Ep. 11
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Frainc Mac Brádaigh, Micheál Mac Craith, Áine Ní Bhreisleáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar oidhreacht an Phápa Proinsias, ar an dán Gaeilge is mó a thaitneodh leis agus ar cad atá i ndán don eaglais Chaitliceach ina dhiaidh. Pléitear chomh maith an drochscéal faoi loisceadh Theach an Phobail i nGaoth Dobhair agus an teacht aniar atá i muintir na háite. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó...
Apr 24, 2025•46 min•Season 1Ep. 11
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Norita Ní Chartúir, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar ré Alan Esslemont mar cheannaire ar TG4 agus ar a bhfuil i ndán don stáisiún, ar fhás na bhforlíonta Gaeilge sna nuachtáin Bhéarla agus an tábhacht a bhaineann le d’anáil a tharraingt. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuai...
Apr 17, 2025•51 min•Season 1Ep. 10
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéaldéanann Bridget Bhreathnach, Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga an iarthuaiscirt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chóras na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Déanann Dónall cur síos macánta dúinn ar na dúshláin a bhaineann le hobair an oifigigh pleanála teanga agus ar an bhfrustrachas agus éiginnteacht a bhaineann léi uaireanata. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ...
Apr 10, 2025•1 hr 3 min•Season 1Ep. 9
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Áine Ní Bhreisleáin, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt plé ar an turasóireacht teanga, míshonas an DUP is an Ghaeilge, taraifí Trump agus oidhreacht Mhick O’Dwyer. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from T...
Apr 04, 2025•44 min•Season 1Ep. 8
San eagrán is déanaí de‘Tuairisc ó Bhéal’, tá Eimear Nic Dhonnchadha dalta Ardteiste Gaeltachta, ibhfochair Bhridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí le plé a dhéanamh ar an éagóir a dhéantar sa chóras oideachais ar an gcainteoir dúchais Gaeilge, ar éagsúlacht litríocht na Gaeltachta agus ar an raic is déanaí sa Dáil. Podchraoladh é seo sa tsraith Tuairisc ó Bhéal ó sheirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, Tuairisc. Tabhairt cuairt orainn ag www.tuairisc.ie...
Mar 27, 2025•57 min•Season 1Ep. 2
Déanann Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Dónall Ó Braonáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar liosta an Irish Times den chéad leabhar ‘Éireannach’ is fearr le 25 bliain anuas, ar an gcaoi a mbrúitear litríocht na Gaeilge go dtí an t-imeall agus ar na dúshláin a bhaineann le léirmheastóireacht na Gaeilge. Podchraoladh de chuidTuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
Mar 20, 2025•49 min•Season 1Ep. 6
San eagrán is déanaí de ‘Tuairisc ó Bhéal’, déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chuairt an Taoisigh ar an Teach Bán ar Díospóireacht mhór bhliantúil RTÉ faoin nGaeilge agus ar an maitheas a bhaineann le bheith ag eascainí… Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
Mar 13, 2025•36 min•Season 1Ep. 5
Déanann Bridget Bhreathnach, Alex Hijmans agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé r chúrsaí polaitíochta san Eoraip, ar Sheachtain na Gaeilge agus ar an tóir atá ar ainmneacha Gaeilge Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
Mar 06, 2025•45 min•Season 1Ep. 1
Déanann ceathrar sáraitheoirí stailce, Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chinneadh na n-eagraíochtaí teanga dul ar stailc maidine, ar an doicheall atá ag Teachtaí Dála roimh chluasáin, téarmaíocht nua na peile agus caint dhíreach Donald Trump Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
Feb 27, 2025•52 min•Season 1Ep. 3
Déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar na cúrsaí T1 agus T2 atá geallta le fada don Ardteist, ar an bhfáth gurb é an Kimberley an briosca is Gaelaí agus ar thábhacht na leabhar go léir a théann gan léamh. Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
Feb 20, 2025•46 min•Season 1Ep. 2
Seo chugaibh ‘Tuairisc ó Bhéal’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge. I mbun comhrá sa chéad eagrán, tá Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí…
Feb 13, 2025•37 min•Season 1Ep. 1