Splanc - podcast cover

Splanc

Newstalkwww.newstalk.com
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. Listen and subscribe to Splanc on Apple Podcasts, Google Podcasts and Spotify.   Download, listen and subscribe on the Newstalk App. You can also listen to Newstalk live on newstalk.com or on Alexa, by adding the Newstalk skill and asking: 'Alexa, play Newstalk'.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

SEAS 25: Oideachas, Tithíocht agus Cáinaisnéis 2026

Labhraímid le Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge) faoi SEAS 25 agus na nithe atá ag teastáil i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí tithíochta agus sa Cháinaisnéis i mbliana don Ghaeilge.

Jun 27, 202513 min

Moltaí na Seachtaine 27/6

Pléann Cuán na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.

Jun 27, 202510 min

Bród: An bhfuil an saol ag feabhsú do dhaoine aiteacha?

An bhfuil ag éirí le Bród a spriocanna a bhaint amach? Nó an bhfuil an iomarca pinkwashing ar bun ag comhlachtaí móra? Agus conas a théimid i ngleic le trasfhóibe? Labhraímid le Cúnla Morris mar gheall ar mhí an Bhróid agus na nithe atá fós le feabhsú don phobal LADTA.

Jun 20, 202517 min

Moltaí na Seachtaine 20/6

Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.

Jun 20, 20259 min

Club Leabhar: 'Burn Them Out!'

Pléimid 'Burn Them Out! A History of Fascism and the Far-Right in Ireland' (scríofa ag Pádraig Óg Ó Ruairc) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.

Jun 13, 202525 min

Scéalta: Ardteist, gunnaí agus dróin

Pléimid scrúduithe Ardteiste, dlithe in Éirinn mar gheall ar ghunnaí agus dróin seachadta ag cur isteach ar dhaoine le Caoimhe Ní Mhaolaí.

Jun 06, 202526 min

Mara Duit

Labhraímid le Póilín Nic Géidigh faoi Mara Duit, a comhlacht nua le hearraí i nGaeilge. Is féidir na hearraí a fheiceáil ar maraduit.com nó ag @maraduit ar na meáin shóisialta.

Jun 06, 202518 min

Tithe agus Bloc Eolaíochta á thógáil i Zambia

Tá Culainn O'Keeffe agus dream déagóirí ó chlub CLG Chuala ag taisteal go Zambia le tithe agus bloc eolaíochta á thógáil. Labhraímid leis agus é ag ullmhú le himeacht.

Jun 06, 20256 min

Moltaí na Seachtaine

Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.

Jun 06, 20259 min

Taylor Swift agus ceolchoirmeacha

Labhraímid le Seán Ó Dubhchon faoi Taylor Swift ag fáil cearta dá cuid amhrán ar ais agus na ceolchoirmeacha is deise a rachadh sé siar chucu.

Jun 06, 202522 min

Spóirt: URC, Iománaíocht agus Sacar na mBan

Labhraímid le James Ó Flatharta faoi Lancaster ina bhainisteoir ar Chúige Chonnachta, Luimneach agus Corcaigh san iománaíocht agus bua fhoireann na hÉireann i gcoinne na Slóivéine i sacar na mban.

Jun 06, 202521 min

Scéalta: Éide Scoile, morgáistí 100% agus AI

Labhraímid le hAisling Ní Bhrádaigh (Ceannasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn) faoi rialacha maidir le héide scoile, an seans go dtiocfaidh morgáistí 100% ar ais in Éirinn agus intleacht shaorga ag leibhéal na hEorpa.

May 30, 202529 min

Cén fáth a bhfuil Trump ag díriú ar Harvard?

Labhraímid le hIseult O'Callaghan (Dlíodóir le Máistreacht sa Dlí ó Harvard) faoi dhaltaí idirnáisiúnta i Harvard a bheith i mbaol agus cén fáth a bhfuil Trump dírithe ar an ollscoil áirithe sin.

May 30, 202521 min

Moltaí na Seachtaine

Cad ba cheart dúinn breathnú air, éisteacht leis nó dul chuige? Roinneann Cuán a chuid moltaí daoibh don tseachtain seo.

May 30, 20257 min

Ar cheart dúinn na Normannaigh a chomóradh?

Labhraímid le Cúán de Búrca (Láithreoir le Raidió na Life agus Dúchas ar Raidió Rí-Rá) faoi na Normannaigh agus faoi ar cheart dúinn comóradh nó ceiliúradh a dhéanamh ar chodanna conspóideacha den stair.

May 30, 202522 min

Teacht Aniar le Diarmuid Lyng

Labhraímid le Diarmuid Lyng faoi Teacht Aniar, ionad cultúrtha agus teanga a bhfuil maoiniú á lorg aige chun é a bhunú.

May 23, 202521 min

Moltaí na Seachtaine

Tugann Cuán a chuid moltaí le haghaidh nithe ar cheart éisteacht leo, breathnú orthu nó dul chucu an tseachtain seo.

May 23, 20258 min

Iompar ag ceolchoirmeacha

Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi drochiompar ag ceolchoirmeacha agus na ceolchoirmeacha ar bhreá leis dul siar chucu.

May 23, 202520 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android