Labhraíonn Cian Mac Cárthaigh le Seán faoin méid atá ar siúl ag IMLÉ - ceolchoirm sa Cobblestone ar an Satharn 29 Deireadh Fómhair, agus dátaí in Ard Mhaca agus Londain; an t-albam 'Fáilte Isteach' agus ceol nua atá ar an bhealach. Faighimid amach faoin tsraith theilifíse 'Dizzy Deliveries' a rinne Cian a léiriú.
Oct 28, 2022•20 min
Labhraíonn Máire Bhreathnach le Seán faoin tsraith is déanaí de 'An Focal Scoir' agus na tograí móra atá idir lámha aici ar an teilifís agus ar an raidió.
Oct 28, 2022•20 min
Labhraíonn Clare Sands le Seán faoina albam nua 'Clare Sands', ceolchoirmeacha móra atá déanta aici agus ag teacht aníos, agus a aistear ceoil.
Oct 28, 2022•14 min
Labhraíonn Dáithí de Mórdha le Seán faoina leabhar nua 'Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal' atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, agus an méid atá bainte amach aige sa chraoltóireacht, a chlár 'Cartlann Bhóthar na Léinsí' san áireamh.
Oct 21, 2022•29 min
Labhraíonn Brídín le Seán faoina albam nua 'Brídín', a saol ceoil, na hamhráin is déanaí atá eisithe aici agus na ceolchoirmeacha atá déanta aici i mbliana agus ag teacht aníos.
Oct 21, 2022•17 min
Labhraíonn Colm Ó Fatharta le Seán faoina ról mar Evan ar Ros na Rún, a shaol mar aisteoir agus an méid atá siúl aige san earnáil acmhainní dhaonna i Londain.
Oct 21, 2022•22 min
Labhraíonn Aodhán Ó Deá le Seán faoi Gaeilge24, feachtas atá ag tarlú ar an 15 Samhain, le dúshlán spreagúil a thabhairt do scoileanna Gaeilge a labhairt don lá ar fad.
Oct 21, 2022•15 min
Labhraíonn Eoghan Mac Giolla Bhríde le Seán faoin leabhar Bláth na dTulach, a bhuaigh Gradam Uí Shúillebháin ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, agus a chnuasach is déanaí Cnámh. Faighimid léargas ar shaol na foilsitheoireachta sa teach foilsitheoireachta Éabhlóid agus insíonn Eoghan dúinn faoina thaithí aisteoireachta sa scannán 'The Queen V Patrick O'Donnell'.
Oct 14, 2022•21 min
Labhraíonn Aisling Ní Dhonnabháin le Seán faoina ról nua mar láithreoir ar Eco Loach, sraith nua ar TG4. Faighimid léargas ar a cuid oibre le Conradh na Gaeilge, an taighde aitheanta a rinne sí san ollscoil agus go leor rudaí iontacha eile.
Oct 14, 2022•23 min
Labhraíonn an Dr Deirdre Ní Chonghaile le Seán faoin taispeántas nua 'Saíocht agus Saoránacht: Tomás Ó Máille', a thugann léargas dúinn ar an lorg atá fagtha ag an chéad Ollamh le Gaeilge riamh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus ceannródaí a rinne na céadta taifid ar amhráin, scéalta, canúintí agus cultúr Ghaeilge an iarthar.
Oct 14, 2022•22 min
Labhraíonn Fearghas Mac Lochlainn le Seán faoina phictiúrleabhar An Slipéar Gloine, a bhuaigh Gradam Réics Carló ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais. Insíonn sé dúinn faoina shaothar leathan scríbhneoireachta agus cumadóireachta, idir leabhair, amhráin, lúibíní agus agallaimh bheirte.
Oct 14, 2022•21 min
Labhraíonn Niamh Ní Chróinín le Seán faoi chaineál nua Cúla 4, an méid atá ar siúl aici mr láithreoir le Cúla 4 agus mar mholtóir le Junior Eurovision, agus go leor eile.
Oct 07, 2022•22 min
Labhraíonn Peadar Mac Fhlannchadha le Seán faoin 40 bliain ata caite aige le Conradh na Gaeilge, cuimhní móra agus na rudaí atá bainte amach le dhá scór bliain anuas.
Oct 07, 2022•38 min
Labhraíonn Conchúr Ó Faoláin le Seán faoina chuid oibre sa raidió agus a hainmniúchán do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.
Oct 07, 2022•25 min
Labhraíonn Katie Ní Loinsigh le Seán faoina cuid oibre le Pleanáil Teanga Chois Fharraige agus Féile Chois Fharraige atá ar siúl an tseachtain seo.
Oct 07, 2022•13 min
Labhraíonn Dónall Mac Ruairí le Seán faoin méid atá bainte amach aige mar láithreoir agus léiritheoir raidió, ar mar cheoltóir agus amhránaí, agus díríonn muid ar shaothar Chlann Mhic Ruairí.
Sep 30, 2022•31 min
Labhraíonn Evelyn Ní Ghriallais le Seán faoina cuid oibre le rásaíocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4, an bhanaltracht agus a ainmniúchán do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumsarsáide an Oireachtais.
Sep 30, 2022•21 min
Labhraíonn Fionnuala Ní Fhlatharta le Seán faoi na scéalta móra atá ag titim amach le Berni ar Ros na Rún.
Sep 30, 2022•16 min
Labhraíonn Éilis Neary le Seán faoina ról nua le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge, a PhD le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU agus a leabhar nua do pháistí - Dóchas Pócas - atá ag teacht amach go luath.
Sep 30, 2022•15 min
Labhraíonn Loretta Ní Ghabháin le Seán faoin méid atá bainte amach agus ar siúl aici sna meáin agus faoina comhlacht féin Lorg Media.
Sep 23, 2022•29 min
Labhraíonn Feilimí O'Connor le Seán faoin tsraith nua 'Ceol Ón Chlann', na cláir 'An Cósta Thiar', 'RnaG ag 50' agus 'Seán Ó Riada: Mo Sheanathair', agus an méid atá ar siúl aige agus bainte amach aige le Táin Media.
Sep 23, 2022•26 min
Labhraíonn Maitiú Ó Coimín le Seán faoi eachtra a thit amach le gairid, inar gortaíodh é agus inar ghabh na Gardaí a rothar. Insíonn sé dúinn faoin rothaíocht i mBaile Átha Cliath, an ceart atá ann plé leis an státseirbhís trí Ghaeilge, an chailíocht ata bainte amach aige san oideachas allamuigh agus go leor eile.
Sep 23, 2022•29 min
Labhraíonn Darach Ó Scolaí le Seán faoina leabhar nua Súil an Daill, foilsitheoireacht agus scríbhneoireacht, Leabhar Breac agus go leor eile.
Sep 23, 2022•20 min
Labhraíonn Jack Warnock le Seán faoina halbam nua 'Le Solas Faoithine' agus faighimid léargas iontach ar an t-aistear atá déanta ag Jack lena chuid ceoil.
Sep 16, 2022•26 min
Labhraíonn Rachael Moriarty, duine de scríbhneoirí agus stiúrthóirí an scannáin 'Róise agus Frank' le Seán, agus tugann sí súil siar ar an méid atá bainte amach aici go dtí seo sa scannánaíocht.
Sep 16, 2022•22 min
Labhraíonn Rebecca Ní Dhonaille le Seán faoina ról nua mar láithreoir Blas ar an Déardaoin, ar BBC Raidió Uladh. Insíonn sí do Sheáin faoina cuid craoltóireachta.
Sep 16, 2022•12 min
Labhraíonn Naoise Ó Cairealláin le Seán faoina dhráma nua 'Minimal Human Contact' a scríobh sé, agus atá a léiriú ag Aisling Ghéar, le Seán T. Ó Meallaigh sa phríomhról. Beidh Minimal Human Contact a chur i láthair ag an Dublin Fringe Festival agus sa Chultúrlann i mBéal Feirste.
Sep 16, 2022•10 min
Labhraíonn Julie Jay le Seán faoin seó nua 'Oops! This Is Toxic', na podchraolta 'Up to 90' agus 'Crimeland', a cuid fuirseoireachta agus neart eile.
Sep 09, 2022•24 min
Labhraíonn Máirín Nic Dhonnchadha le Seán faoina ról nua mar Cheannasaí Oireachtas na Gaeilge, breis agus scór bliain go dtí seo le hOireachtas na Gaeilge, Oireachtas na Samhna 2022 agus go leor eile.
Sep 09, 2022•30 min
Labhraíonn Colm Mac Con Iomaire le Seán faoina shaothar leathan ceoil agus cumadóireachta, ceolchoirmeacha agus cuimhní móra, an trí fadcheirnín atá eisithe aige agus na tograí atá idir lámha aige faoi láthair.
Sep 09, 2022•28 min