Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoin tsraith nua – Croí na Ceiste le Caoimhe – a bheidh a chraoladh ar BBC2 NI gach oíche Luan ag a 10. Insíonn Caoimhe dúinn chomh maith faoina saothar raidió ar Sin Ráite (Raidió Fáilte) agus Blas (BBC Raidió Uladh), agus faoi Fhéile na Gealaí a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn.
May 06, 2022•19 min
Labhraíonn Seán Óg Ó Duinnín le Seán faoin bhfeasacht agus forbairt atá déanta aige, faoina chuid oibre mar oide saoil agus príomhoide iar-bhunscoile, a phodchraoladh agus blag ‘Spreagadh Saoil’ agus dráma nua – Shame the Devil – a bheidh a dhéanamh aige go luath.
May 06, 2022•27 min
Labhraíonn Jack O’Donovan Trá le Seán faoin méid atá bainte amach agus ar siúl aige mar bhitheolaí caomhnú, an taisteal ar fad atá déanta aige thart ar an domhan agus feachtas atá ar siúl aige faoi láthair le feirm a cheannach i gCo. Liatroma, le bitheolaíocht agus fiadhúlra na tíre a chaomhnú agus a neartú.
May 06, 2022•36 min
Labhraíonn Jamie Ó Flannúra le Seán faoina ról nua mar bhainisteoir Raidió Rí-Rá. Faighimid léargas ar a chuid craoltóireachta, na rudaí iontacha atá ar siúl agus ag teacht aníos ar Raidió Rí-Rá i mbliana, ceardlanna, féilte agus deiseanna do chraoltóirí nua.
May 06, 2022•19 min
Labhraíonn Mícheál Ó Nualláin le Seán faoina chuid oibre le Baile Átha Cliath le Gaeilge agus faoi Lá Mór Na Gaeilge, féile a bheidh ar siúl ar an 1 Bealtaine, idir 12 agus a 4, ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.
Apr 29, 2022•27 min
Labhraíonn Michaeline Donnelly faoina ról úr mar Thánaiste Chonradh na Gaeilge, cearta teanga agus an Dream Dearg, a cuid oibre mar oibrí óige agus tábhacht na teanga agus an cultúr do dhaoine óga.
Apr 29, 2022•22 min
Labhraíonn Áine Mhaoir le Seán faoin bpodchraoladh Na Seansálaithe, atá ar ais don tríú sraith. Insíonn Áine dúinn chomh maith faoina cuid iriseoireachta, a cuid saothar sna meáin agus go leor eile.
Apr 29, 2022•19 min
Labhraíonn Elly Shaw le Seán faoi Comhar ag 80. Insíonn sí dúinn faoin stair agus oidhreacht a bhaineann le Comhar agus an tionchar atá ag Comhar ar litríocht agus iriseoireacht na tíre. Faighimid amach faoin méid atá pleanáilte ag Comhar le ceiliúradh a dhéanamh ar 80 bliain ar an bhfód.
Apr 22, 2022•19 min
Labhraíonn Caitríona Ní Chonaill le Seán faoina cuid oibre san iriseoireacht, a ról mar phríom-eagarthóir ar Iris Breac agus a saothar leis an University Express. Faighimid amach faoina taithí ag labhairt os comhair an Dáil, faoin tábhacht a bhaineann le cur chun cinn na hiriseoireachta sna hollscoileanna. Insíonn sí dúinn chomh maith faoin gCumann Drámaíochta i UCC agus Cumann Harry Potter na hollscoile, lena bhfuil sí mar chathaoirleach.
Apr 22, 2022•20 min
Labhraíonn Ciarán Ó Maonaigh le Seán faoi chúrsaí ceoil, scannánaíochta agus a shraith raidió nua - Ceol an Ghleanna - a bheidh a chraoladh gach oíche Déardaoin ag a 7 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Faighimid amach faoi na rudaí a spreag Ciarán mar cheoltóir, a thaithí ag stiúradh Sé Mo Laoch agus go leor eile.
Apr 22, 2022•21 min
Labhraíonn Aoife Granville le Seán faoina cuid ceoil agus an t-aistear iontach atá déanta aici sa cheol traidisiúnta. Faighimid amach faoi na ceoltóirí eile a bhí ina thionchar uirthi agus an cultúr ceoil sa Daingean. Insíonn Aoife dúinn faoin mbéaloideas agus cé chomh tábhachtach is atá a cuid oibre san ábhar sin di. Labhraíonn Aoife chomh maith faoina ról nua ar an gComhar Ealaíon agus feachtas atá tosaithe le pictiúrlann An Phoenix sa Daingean a shábháil.
Apr 15, 2022•30 min
Labhraíonn Medb Ní Dhúláin le Seán faoina chuid oibre mar léiritheoir agus físiriseoir, agus í ag obair le Meon Eile agus Below The Radar. Insíonn sí dúinn faoin dóigh a thosaigh sí ag obair sa teilifís, na rudaí a spreag í dul sa treo sin agus an tábhacht a bhaineann le scéalta agus an teicneolaíocht nua ina cuid oibre. Labhraíonn sí chomh maith faoin gCLG agus a club áitiúil, agus an tábhacht atá ag sin di.
Apr 15, 2022•30 min
Labhraíonn Éanna Ó Conchúir le Seán faoi Fhéile Ceoil Bhaile na nGall atá ar siúl thar an deireadh seachtaine (15-17 Aibreán), le scoth an cheoil, filíocht agus go leor eile.
Apr 15, 2022•11 min
Labhraíonn Siún Ní Dhuinn le Seán faoina ról mar Chomhordaitheoir Digiteach Gaeilge le RTÉ, an tábhacht a bhaineann leis an idirlíon agus na meáin shóisialta sa Ghaeilge agus an tsraith iontach Beo Ar Éigean. Tugann sí súil siar ar na cuimhní is fearr atá aici ó Bheo Ar Éigean agus a cairdeas le hÁine agus Sinéad, agus labhraíonn sí faoina priontaí ‘As An Nua’ agus iarchéim atá idir lámha aici faoi láthair.
Apr 15, 2022•28 min
Labhraíonn Michelle Nic Grianna faoin méid iontach atá ar siúl aici agus bainte amach aici sa chraoltóireacht. Insíonn sí dúinn faoi Barrscéalta agus an tábhacht a bhaineann leis an tsraith go háitiúil agus go náisiúnta. Faighimid amach faoi bhuaicphointí móra craoltóireachta Mhichelle (gradam do Phearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meáin Cheiltigh san áireamh), na rudaí is taitneamhaí faoi bheith ag obair ar Barrscéalta agus na scéalta is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi. Insíonn Michelle dúinn c...
Apr 08, 2022•26 min
Labhraíonn Róisín Adams le Seán faoin méid atá a dhéanamh i mbliana le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Chathail Uí Shandair, duine de na scríbhneoirí is rathúla agus is aitheanta riamh in Éirinn, a scríobh 120 leabhar do pháistí, foilsithe ag An Gúm. Faighimid amach faoi thaispeántas atá ag taisteal ar fud na tíre, sraith raidió agus leathanaigh ar líne ina bhfuil eolas fíorshuimiúil a chur in airde gach lá. Tugann Róisín léargas iontach dúinn ar an údar, an cineál duine a bhí ann ...
Apr 08, 2022•38 min
Labhraíonn Caitlín Ní Chualáin le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, Corn na mBan agus Corn Uí Riada a bhaint ag Oireachtas na Samhna, na daoine a bhí ina thionchar mhór ar a cuid amhránaíochta, agus na bealaí a dhéanann sí an sean nós a chur chun cinn ina cuid amhránaíochta agus ar an stáitse. Insíonn Caitlín dúinn faoi Raidió na Gaeltachta, atá ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód, agus an tábhacht a bhaineann leis an stáisiún.
Apr 08, 2022•30 min
Labhraíonn Manchán Magan le Seán faoin tsraith nua – An Fód Deireanach – a théann amach gach tráthnóna Déardaoin ar TG4 agus a shraith raidió / podchraoladh nua Home Stories, a thosóidh ar an 16 Aibreán. Faighimid amach faoina chamchuairt Arán agus Im agus na leabhair atá scríofa aige - Dána Gránna – Nasty Words for People, Thirty-Two Words for Field agus Tree Dogs, Banshee Fingers and Other Irish Words for Nature agus Sea Tamagotchi.
Apr 08, 2022•27 min
Labhraíonn Dónal O’Connor le Seán faoina shaothar leathan ceoil agus scannánaíochta. Insíonn sé dúinn faoina chúlra saibhir ceoil, saothar le bannaí ar nós Ulaid agus At First Light agus na rudaí a spreag é mar léiritheoir ceoil, agus a stiúideo féin RedBox Recording aige. Faighimid amach faoi Táin Media, na cláracha teilifíse atá léirithe aige (Seán Ó Riada: Mo Sheanathair agus Sruth, ina measc) agus albam nua de chuid Muireann Nic Amhlaoibh, Róisín Reimagined atá léirithe aige. Insíonn sé dúin...
Apr 01, 2022•33 min
Labhraíonn Gormfhlaith Ní Thuairisg le Seán faoin méid iontach atá bainte amach aici sa chraoltóireacht, a cuid oibre ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus leabhair iontacha atá aistrithe aici. Labhraíonn sí chomh maith faoi RnaG ag 50.
Apr 01, 2022•21 min
Labhraíonn Diarmuid Ó Meachair le Seán faoin duais mhór atá bainte aige mar Cheoltóir Óg na Bliana ag Gradaim Ceoil TG4. Faighimid amach faoin aistear ceoil atá déanta aige sa cheol traidisiúnta agus le hamhránaíocht ar an sean nós, agus an dóigh a dhéanann sé iad a spreagadh sa chéad ghlúin eile.
Apr 01, 2022•17 min
Labhraíonn Jill McMahon le Seán faoin obair iontach atá ar siúl aici le Gaeilge a chur chun cinn san oideachas, faoina taithí le Fulbright i Meiriceá, a banna ceoil nua Bandia agus Aonach Amárach, imeacht eisceachtúil atá eagraithe aici faoi dhó le faisean inbhuanaithe a chur chun cinn.
Apr 01, 2022•23 min
Labhraíonn Leah Ní Mhurchú le Seán faoin méid iontach a dhéanann sí le Gaeilge a chur chun cinn ar líne – lena cuntais féin ar TikTok agus Instagram, leis an Ghaeltokt, le físeáin do Bhloc TG4 agus an podchraoladh iontach Tae Is Plé. Insíonn Leah dúinn faoin méid atá ar siúl aici in Ollscoil na Banríona agus le Coiste Ghnó Chonradh na Gaeilge, agus faighimid amach faoin dá grá mór atá aici – Daniel O’Donnell agus Taylor Swift.
Mar 25, 2022•23 min
Labhraíonn Damian McCann le Seán faoina scannán Doineann. Faighimid léargas iontach ar an bpróiseas scannánaíochta, an smaoineamh taobh thiar den scannán agus an méid iontach atá bainte amach ag an scannán go dtí seo. Insíonn Damian dúinn faoi na rudaí a tharraing i dtreo na scannánaíochta é agus an tábhacht a bhain le Doineann a dhéanamh i nGaeilge.
Mar 25, 2022•41 min
Labhraíonn Seanán Ó Coistín le Seán faoin chathair Trier sa Ghearmáin, ina bhfuil sé lonnaithe faoi láthair, pobal na Gaeilge i Lucsamburg, a chuid oibre mar aistritheoir agus a ghnólacht Buachaill, a dhéanann fobhríste ar ardchaighdeán d’fhir.
Mar 25, 2022•26 min
Labhraíonn Seán Ó Muireagáin le Seán faoina shaothar scríbhneoireachta, idir filíocht, a chnuasach gearrscéalta Gáire In Éag agus a húrscéal nua. Faighimid amach faoin méid iontach atá bainte amach ag Seán le Gaelscoileanna ó thuaidh a chur chun cinn, a chuid craoltóireachta le Raidió Fáilte agus pobal na Gaeilge i mBéal Feirste.
Mar 25, 2022•27 min
Labhraíonn Colm Mac Séalaigh le Seán faoina shaothar ceoil - a shaothar féin, le Ty Bach agus na Fíréin. Faighimid amach faoina haistear ceoil, a chuid cumadóireachta agus buaicphointí móra. Insíonn sé dúinn faoin méid atá bainte amach aige san oideachas, le foirne CLG, coláistí samhraidh agus go leor eile.
Mar 18, 2022•49 min
Labhraíonn an stiúrthóir agus scríbhneoir Seán Breathnach le Seán faoina scannán nua Foscadh atá sna pictiúrlanna faoi láthair agus aitheantas iontach faighte aige. Faighimid amach faoin scannán agus an aistear scannánaíochta atá déanta ag Seán go dtí seo.
Mar 18, 2022•17 min
Labhraíonn Máire Eilis Uí Fhlatharta le Seán faoin dianchúrsa nua atá a chur ar fáil ag Acadamh Atlantach agus TG4, le deis a thabhairt do dhaoine a bheith ag obair san earnáil scannánaíochta. Faighimid amach faoin gcúrsa agus an méid iontach atá ag tarlú sa scannánaíocht in iarthar na tíre.
Mar 18, 2022•12 min
Labhraíonn Maggie Hannon le Seán faoina saothar ar an stáitse agus ar an teilifís. Faighimid amach faoina aistear drámaíochta agus an traenáil a rinne sí i bPrague, na drámaí ar an stáitse atá scríofa agus curtha i láthair aici (Sister Black agus Heart Shaped) agus a ról nua mar sadie ar Ros na Rún.
Mar 18, 2022•20 min