Seachtain - podcast cover

Seachtain

Irish Independentwww.independent.ie

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Simon Harris tofa ach should all Taoisigh have Gaeilge?

Anois go bhfuil Simon Harris tofa mar Thaoiseach, d’fhógair sé go bhfuil sé i gceist aige freastal ar ranganna Gaeilge. Dúirt sé nach bhfuil mórán Gaeilge aige agus gur chóir dúinn níos mó a dhéanamh sa tír seo leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Ach an bhfuil sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge ag an Taoiseach? Labhraíonn Seachtain leis an Ollamh dlí Seán Ó Conaill ar an cheist. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 09, 202413 min

Donaldson’s DUP: Crith talún ó thuaidh

Cúisíodh Sir Jeffery Donaldson as líomhaintí gnéis stairiúla. Tá sé ráite ag Donaldson go séanfaidh sé na cúiseanna, ach tá na himpleachtaí le mothú sa chóras polaitíochta. Labhraíonn Tessa Fleming leis an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir. Foclóir: Líomhaintí gnéis - allegations of abuse Cúis - to charge Cathanna - battles Aniar aduaidh – to come out of nowhere I mbarr a réime - at the top of his game Creatlach Windsor – Windsor Framework Feisire Parlaiminte – Member of Parliament A mheáigh - to e...

Apr 03, 202418 min

Fine Gael agus Simon Harris: Exodus na TD's

Go dtí seo tá 11 Teachta Dála de chuid Fhine Gael ina dhiaidh a rá nach mbeidh siad ag seasamh sa chéad toghchán eile. An bhfeicfear níos mó acu ag éirí as? Labhraíonn Ciarán Dunbar le Fionnán Sheahan agus le Fergus O’Dowd TD. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 28, 202418 min

Biden under pressure as Palestinians starve / Gorta mór i ndán do Ghaza de réir an UN

De réir na Náisiúin Aontaithe (UN), tá baol ann go bhfuil na mílte duine chun bás a fháil mar gheall ar ghorta in Gaza. Tá brú ag teacht ar na Stáit Aontaithe chun iachall a chur ar Iosrael glacadh le sos cogaidh. Labhair Ciarán Dunbar le Gearóid Ó Muilleoir agus le hAngus Lambkin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 22, 202417 min

Leo Varadkar éirithe as - cén fáth?

Agus é ina sheasamh taobh amuigh de Theach Laighean inniu, d'fhógair Leo Varadkar go raibh sé ag éirí as mar cheannaire Fhine Gael, agus mar Thaoiseach na tíre. Labhraíonn Ciarán Dunbar leis an t-iriseoir Gráinne Ní Aodha faoin mórscéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 20, 20249 min

The Kerry Cowboy: Fame, feirmeoireacht and marriage proposals

Thosaigh Séaghan ag cruthú ábhar faoina shaol ar an fheirm siar i 2020. Anois, ceithre bliana ar aghaidh, tá os cionn 200k leantóirí aige ar TikTok, is láithreoir teilifíse é chomh maith, agus bíonn sé gnóthach na laethanta seo ag taistil ar fud na cruinne. Labhraíonn Séaghan le Ciarán Dunbar faoin 'thuas seal thíos seal' a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht agus an timpiste a d’athraigh a shaol. Some words you might find useful for this episode: Camchuairt - tour Mallachtaí - curses Dréimre - l...

Mar 14, 202417 min

'Níl' agus 'Níl': Cén fáth ar vótáil Éire i gcoinne an bhunreacht a leasú?

D’ainneoin gur iarr an rialtas agus gach páirtí sa Dáil seachas Aontú agus Independent Ireland ar mhuintir na hÉireann vótáil ar son ‘tá’ agus ‘tá’ in dhá reifreann (referendum) an tseachtain seo caite - ‘níl’ agus ‘níl’ an toradh a bhí ann. An mbeidh iarmhairtí polaitiúla ann amach anseo? Labhair Tessa Fleming leis an gComhfhreagraí polaitíochta John Downing. Foclóir: Ceardchumainn – trade unions Dul chun cinn - advancement Saoránaigh – citizens Saolré – life cycle Olltoghchán – general electio...

Mar 11, 202412 min

John Downing: Cár chuir an tIRA mo sheanathair?

John Downing’s grandfather was murdered and ‘disappeared’ over 100 years ago, anois ba mhaith leis corp a sheanathar a fháil agus a chur mar is ceart. Caitheann John súil siar ar stair na tíre ag an am sin agus ar an gcleachtas neamhthrócaireach seo. Láithreoir: Ciarán Dunbar Fuadaigh - abduct Gan tasc gan tuairisc – without a trace Na Dúchrónaigh - The Black and Tans Faisnéis - information Fealltóir - betrayer Spiaire - spy See omnystudio.com/listener for privacy information....

Mar 07, 202419 min

RTÉ: Cad atá i ndán dó - what next?

In this episode of Seachtain - the latest controversy involving RTÉ – and what it could mean for the broadcasters future. B’éigean do Chathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh éirí as i ndiaidh don Aire Catherine Martin diúltú a rá go raibh muinín aici aisti. Ba chor aisteach ar scéal RTÉ tar éis do chraoltóir náisiúnta na hÉireann a bheith sa nuacht go minic le bliain anuas, scannal i ndiaidh scannail. San eagrán seo, pléann Ciarán Dunbar an scéala is déanaí leis an iriseoir Gráinne Ní Aodha - is ...

Feb 28, 202420 min

Introducing Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Feb 23, 202458 sec
Hosted on Omny Studio
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android