Nuachtáin an Luain - Judy-Meg Ní Chinnéide
Plé ar na scéalta sna nuachtáin maidine dé Luain 19ú Bealtaine beo ar Eadra.

Plé ar na scéalta sna nuachtáin maidine dé Luain 19ú Bealtaine beo ar Eadra.
Bhí Tony Murphy ag caint le Cárthach faoi chluichí i graobh na Miumhan, cluichí i Laighean agus bua mór Chill Dara.
Siúl siar ar an 15ú Bealtaine sa stair le Judy-Meg Ní Chinnéide. Plé déanta ar 1536, nuair a chiontaítear Anne Boleyn ar chúiseanna adhltranas agus tréas, ar 1829, nuair a dhiúltaíonn Dónal Ó Conaill, nua-tofa mar theachta dála, leis an mionn a thabhairt ag séanadh an Pápa agus a chreideamh Chaitliceach, agus ar bhás Dhónail Uí Chonaill i Genoa agus é 71 bliain d'aois i 1847.
Comhrá le Jack Mac Íomhair de chuid Raidió Fáilte i mBéal Feirste faoi fheachtais i mBéal Feirste agus i nDoire idir láimhe ag mic léinn Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh chun comharthaíocht trí Ghaeilge a fháil ar champas.
Comhrá le Joe Breathnach de chuid ExtraG.ie faoi thuaras Uachtarán na Stáit Aontaithe, Donald Trump chuig an Araib Shádach, nuacht faoi Gerard Depardieu agus plé ar an chlár Uncharted with Ray Goggins ar RTÉ agus Leo Varadkar agus Lyra ar chlár na seachtaine seo aige.
Agallamh faoi Ghaelbhratacha 2025 le hEdel Ní Bhraonáin, bainisteoir an tionscnamh, i ndiaidh do na bratacha a bheith bronnta i gColáiste Mhuire gan Small i rith na seachtaine.
Agallamh le feachtasóir de chuid an ghrúpa CATU, Tomás, agus iad i mbun léirsiú os comhair Halla na Cathrach chun brú a chuir ar an chomhairle dul i ngleic le fadhbanna in árasáin go bhfuil siad freagrach as.
Beidh tús spleodrach le Craobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus ceithre chluiche mhóra ar bun ó bhabta a haon. Bhí Gary Sice, iarimreoir na Gaillimhe, linn agus muid ag breathnú ar na cluiché ar fad.
Beidh samhradh gnóthach ceolchoirmeacha ag Cór Dubhlinne. Bhí Kintilla Heusaff ag insint do Rossa faoi na himeachtaí atá le teacht.
Tuairisc ón Eilvéis le Neil Farran. Na scéalta is déanaí ó Eurofís 2025.
Nuacht i ndomhain an NFL gurb iad na Minnesota Vikings a bheidh ag imirt i mBaile Átha Cliath i gcoinne na Pittsburgh Steelers ar an 28 Meán Fomhair. Plé ag James agus Conchúr ar an nuacht seo, agus na cluichí idirnáisiúnta eile a bheidh ar siúl i mbliana.
Thug an t-iriseoir Grett O’Connor na sonraí dúinn faoi dianchúrsa atá á stiúradh aici an mí seo chugainn curtha ar bun ag TG4 agus Gréasáin na Meáin.
Thug an scríbhneoir Máire Zepf blaiseadh dúinn den méid atá i dán i bhféile na bliana.
Labhair muid le Martha Campbell, ball den ceolfhoireann, agus iad le páirt a ghlacadh sa mhór-fhéile don chéad uair.
Ar an gclár seo , labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin achainí curtha isteach ag an gConradh chuig Coiste Achainíocha Pharlaimint na hEorpa maidir le dúshláin títhíochta sna ceantair Gaeltachta.
San eagrán seo, Comórtas na hEorafíse agus athrú ceannaireachta sa HSE.
Agallamh le Seathrún Sardina, Gaeilgeoir den scoth ó Santiago sna Stáit Aontaithe, fear atá tar éis foclóir nua Gaeilge a bhaineann leis an intleacht shaorga – sin AI – a chruthú.
Do labhair Rossa Ó Sioradáin le Mollie Nic Giodaire faoi 'Irish With Mollie' ar líne thar timpeall an domhan!
Labhair Aindriú de Buitléir ón mbanna linn faoin singil nua Evelyn.
Agus Sloinne ar ár scáileáin arís, bhí deis cainte againn le Bríd Seoighe, léíritheoir na sraithe.
Comhrá leis an cheoltóir Conor Torbóid faoi 'Glór na Cathrach' - gig Gaelach a bheas ar siúl i suíomh rúnda i mBéal Feirste ar 10ú Bealtaine.
Comhrá le Adam Hutton faoin Phápa nua, Robert Francis Prevost, a ghlac leis an ainm Leo XIV.
Comhrá le Maedhbh Ní Chumhaill de chuid na Gaeil Óga faoin díospóireacht timpeall ar scort a chaitheamh chun camógaíocht a imirt.
Comhra le Caomhán Ó hÓgáin faoi 'Éigse na Bhruiséile' a bheas ag titm amach ar an tseachtain seo chugainn
Siúl siar ar an 8ú Bealtaine sa stair le Judy-Meg Ní Chinnéide beo ar Eadra. Plé déanta ar óglaigh a chuireadh chun bháis i 1916, deireadh an Darna Chogadh Domhanda i 1945 agus díothú na bolgaí i 1980.
Is athinsint den seanscéal clasaiceach atá againn sa leabhar nua Na Trí Mhuicín. Scríofa ag iar Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn agus maisithe ag Paddy Donnelly (Futa Fata). Tá an leabhar san iomaíocht do shé ghradam ag searmanas Ghradaim KPMG Children’s Books Ireland, a bheidh ar siúl ar 19 Bealtaine mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath.
Bhí Aoife O`Connor ag caint le Cárthach faoin conspóid Camogaíochta an tseachtain seo , agus na cluichí móra i gcúige laighean agus cluiche ollmhór i gcuige Mumhan.
Tá Ros na Rún ag druidim go tapa lena chloch mhíle 30ú séasúr craolta an Fhómhair seo, agus tá fonn ar léiritheoirí labhairt le baill dílse den lucht féachana.
Bhí Diane Cannon ar thuras go Nashville mar chuid de chlár faisnéise nua. Craolfar an clár ar TG4, Déardaoin, 8 Bealtaine, ag 9:30pm.
Ar an gclár seo, labhraíomar le Caoimhe Ní Shuilleabháin a chaith am sa Bhruiséil ag labhairt linn faoi Scoil na Sléibhte atá á eagrú aici d'fhoghlaimeoirí Gaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne le foghlaim Gaeilge fite fuaite leis an gcnocadóireacht! Chomh maith leis sin beidh Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoi Fhéile Éigse na Bruiséile sa Bheilg an mhí seo.