Bóthar an Cheoil - Neil Martin agus Damian McCann
An ceoltóir Neil Martin agus an stiúrthóir Damian McCann ag labhairt faoin scannán nua acu.

An ceoltóir Neil Martin agus an stiúrthóir Damian McCann ag labhairt faoin scannán nua acu.
Orlaith Nic Ghearailt ag labhairt faoin méadú atá le suíomh ghlampála ag an Picnic Leictreach i mbliana.
Bhí Séamus Ó Fátharta agus Aodan Comerford ag plé Comórtas na Masters in Augusta le Cárthach an tseachtain seo.
Aisling Ní Bheacháin ag insint dúinn faoi obair atá ar bun i Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.
Tá scéim nua ag TG4 agus iad ag lorg intéirneach nua. Cúán de Búrca ag labhairt le Rossa faoin feachtas seo.
Comhrá le Jack Mac Íomhair de chuid Raidió Fáilte faoin chonspóid timpeall ar an chomharthaíocht ilteangach sa Mhórstáisiún Lárnach nua i mBéal Feirste
Agallamh le Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga do Limistéar an Iarr-Thuaiscirt, i ndiaidh do bheith sa Bhruiséil mar chuid den fheachtas Tintéan don Ghaeltacht ar na mallaibh.
Labhair an file clúiteach linn faoina cnuasach nua-fhoilsithe le h-aistriúcháin ag Theo Dorgan.
Agus a singil nua Luas díreach eisithe, bhuail na popadóirí ealaíona isteach chugainn le roinnt cainte agus ceol a dhéanamh.
Ar an gclár seo , labhraíomar le hÁine Uí Fhoghlú ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid agus faoin Dochtúir McMonagle ó Oispidéal Phort Láirge ag obair sall sa Phalaistín. Phléamar féile cheiliúrtha ar chultúr na Palaistíne freisin, atá ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad i láthair na huaire.
San eagrán seo plé ar Gaelcholaistí BÁC agus slua príomh-oidí ag eirí as i mbliana, agus bainistiú scoileanna go ginearálta.
Agallamh le Hannah McDermott ó Irish Bloc Berlin faoi díbirt beirt Éireannach mar gheall ar agóidí faoi Gaza; Agallamh le Eve Higgins, laoch rugbaí na hÉireann
Ta Comórtas Cath na mBannaí ag dul ó neart go neart agus le cúpla lá anuas, tá sé fógraithe ag Cill Dara le Gaeilge go mbeidh urraíocht á thabhairt acu dóibh. Bhí deis cainte againn le Sarah Walsh chun tuilleadh eolais a fháil.
Agus an singil nua Ode to Joe's díreach eisithe, bhuail príomh-amhránaí an bhanna Adam Hutton isteach chun cainte linn.
Thug Rang 4 agus Rang 5 ó Ghaelscoil Choláiste Mhuire cuairt ar Raidió na Life le linn Sheachtain na Gaeilge 2025 chun páirt a ghlacadh i gceardlann raidió.
Diarmuid Johnson ag labhairt faoin féile filíochta i mí na Bealtaine.
Liam Carson ag insint faoin ócáid filíochta a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ar an gceathrú lá d’Aibreán.
Tá sraith nua ar RTÉ ag breathnú ar mhná i spórt iomaíoch. Seo agaibh stiúrthóir Cailíní Comhraic Seán Ó Baoill.
Beidh pop up Gaeltacht i Bar Rua ar an deichiú lá de mhí Aibréain. Laura Ní Aoidhne faoi agallamh faoin ócáid.
Ealaíontóir ildisciplíneach í Michelle Delea atá ag gabháil d’ailtireacht, filíocht, scannánaíocht agus cur chun cinn imeachtaí. Seo í ag labhairt faoin Biennale sa Veinéis.
Ar an gclár seo bhí Alex Hijmans ag labhairt linn faoina chuid colúnaíochta ar an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht le Tuairisc, agus a alt le deireanas faoi Binyavanga Wainana agus leabhar dá cuid scríbhneoireachta 'Conas scríobh faoin Afraic' i measc go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Áine Uí Fhoghlú ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid agus faoin Dochtúir McGonagle ó Oispidéal Phort Láirge ag obair sall sa Phalaistín.
San eagrán seo, plé ar an gCeann Chomhairle Verona Murphy agus cás Marine Le Pen sa Fhrainc .
Thug Antaine Ó Faracháin léargas dúinn ar an gclár iontach atá romhainn an deireadh seachtaine seo.
Labhair an scríbhneoir clúiteach linn faoi bhailiúchán filíochta speisialta atá roghnaithe aige.
Labhair Áine Hensey linn faoina mbua i nGradaim Cheoil TG4 2025 agus an obair atá déanta aici thar na blianta ag tacú leis an gceol Gaelach.
Labhair Caoimhe Ní Shúilleabháin linn faoin deis seo feabhas a chuir ar do chuid Gaeilge i dtimpeallacht álainn.
Saol na nGaeil, agallamh le Comhairleoir Hazel de Nortúin, Nuacht ó ExtraG.ie agus nathanna cainte.
Mír ón imeacht 'Here's to Old Ireland' eagraithe ag Roxanna Nic Liam mar chuid d'Fhéile Ealaíon na gCúig Lampaí. Agallaimh le Ciara Ní É, Ronan Francis Lynagh, Caoimhe Ní Mhaolagáin agus Néillidh Ó Maolagáin, Síomha Ní Aonghusa agus Roxanna Nic Liam. Ceol ó mhuintir Uí Mhaolagáin agus Ronan, agus píosa filíochta de chuid Ciara Ní É.
Agallaimh le Regina Uí Chollatáin, Príomhoifigeach agus Déan Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí UCD agus príomhthaighdeoir an tionscadail, agus Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha le Coimisiún na Meán, ag an Fhóram Plé ar na Meáin Gaeilge.
Agallamh beo le Caoimhe Ní Chathail de chuid Coiste Fhéile na Gealaí faoi na ceoltóirí fógraithe go dtí seo, an darna sraith ticéid bheith curtha ar fáil agus tionchar an ghéarchéim mhaonaithe Gaeilge ar an fhéile i mbliana. Tuilleadh sonraí ag https://feilenagealai.com/