Raidió na Life 106.4FM - podcast cover

Raidió na Life 106.4FM

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Stáisiún raidió lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne ag www.raidionalife.ie. Irish language community radio station based in Dublin and serving the greater Dublin area as well as the Irish language community nationally and worldwide on www.raidionalife.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Agallamh le Ramper - Fios Feasa

Agallamh leis an gceotóir Conallach Ramper. Tugann se léargas dúinn ar conas a tháinig a albam nua, Loner, le chéíle.

Mar 18, 20257 min

Snámh don Phalaistín - Aodhán Ó Dea

Comhrá le hAodhán Ó Dea, Leas-Ardrúnaí agus Stiúrthóir Forbartha ag Conradh na Gaeilge faoin tSnámh don Phalaistín - imeacht tiomsnú airgid atá á reachtáil acu.

Mar 13, 20259 min

Tionscnamh Nua ag an Zú - Róisín Healy

Mír ó sheoladh an tionscnamh nua ag Zú Bhaile Átha Cliath inné darb ainm 'Zoorassic Trial'. Comhrá le Róisín Healy atá mar bhainisteoir margaíochta leis an Zú.

Mar 12, 20255 min

Leighis ar an nGrá ach Damhsa - Cathal Murphy

Comhrá le Cathal Murphy, Oifigeach Dramaíochta ag Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide faoin Cheoldráma 'Leighis ar an nGrá ach Damhsa' atá ar siúl acu i rith na seacchtaine seo.

Mar 11, 20257 min

Canuint.ie - Andrea Palandri

Dr. Andrea Palandri ó Gaois atá tar éis achmhainn taighde is foghlaim nua a sheoladh do phobal na Gaeilge.

Mar 10, 202516 min

Tuairisc 11ú Márta 2025

San eagrán seo, plé ar na hairí rialtais uilig beag nó mór ag taisteal thar sáile do Seachtain Phádraig & ar Mark Carney mar cheannaire nua ar na Liberals i gCeanada.

Mar 10, 202530 min

Fada is Fairsing 11ú Márta 2025

Ar an gclár seo bhí Áine McGillycuddy agus Dan Cusack linn ò Chicago le labhairt faoina gciorcal comhrá ansin, Gaeilago agus eile. Chomh maith leis sin bhí Dic Breathnach ar ais linn, i Stiúideó Raidió na Life an uair seo, le labhairt linn faoina chuid drámaíochta agus a chruinnuithe le drámadòirì agus aisteoirí agus faoina bhfuil ag éirí leo go dtí seo.

Mar 10, 202523 min

Smedias 2025 - Áine Sheehan

Agus iad ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód, tá na Gradaim Smedia, nó na National Student Media Awards ag lorg iontrálaithe! Le neart rannóga Gaeilge agus dhá-theangach ann, bhí deis cainte againn le Áine Sheehan chun tuilleadh eolais a fháil futhu.

Mar 10, 20259 min

Misneach- Cumha - Breandán de Gallai

Labhair Breandán de Gallaí linn faoin gclár Cumha atá déanta aige do TG4 mar chuid den sraith Misneach. Tugann Breandán léargas cróga agus thar a bheith pearsanta faoin tragóid milteanach a tharla dó sa scannán speisialta seo.

Mar 10, 202518 min

Scéalta reatha_Félim Ó Maolmhána

Cheistigh na gardaí ionadaithe poiblí ó Shinn Féin maidir le liomhaintí faoi chalaois airgid i gcomhlucht ina rabhdar ag obair roimhe seo, rialtas nua na Gearmáine le bheith dian ar inimirce, agus casmairtí sa tSiria idir an réimeas nua agus lucht tacaíochta Assad a díbríodh le déanaí. Craolta: 100325

Mar 10, 202521 min

An Bhleaist Eolaíochta 2025

Bhí Raidió na Life i láthair ar lá speisialta na ngaelscoileanna ag an mBleaist Eolaíochta, agus labhair Judy-Meg le daltaí agus múinteoirí ó Scoil Ultain, Gaelscoil Thaobh na Coille, Gaelscoil Longfoirt agus Scoil Mológa.

Mar 07, 20258 min

Cúrsaí Gaeilge sa Dháil - Aengus Ó Snodaigh

Comhrá le Teachta Dála agus urlabhraí do chúrsaí Gaeilge ag Sinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, faoin oiread a thit amach i rith na seachtaine i dTeach Laighin ó thaobh na Gaeilge de.

Mar 07, 202515 min

'Sonas' - Áine Ní Bhreasláin

Áine Ní Bhreasláin faoin méad atá ar siúil aici ó d’fhag sí Raidió na Gaeltachta agus an clár nua 'Sonas' atá le craoladh ar 19ú de Mhárta ar TG4.

Mar 05, 202513 min

Féile na bhFéidearthachtaí 2025

Achoimre ar Fhéile na bhFéidearthachtaí - imeacht de chuid Gaeilge 365 i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, 4ú Martá 2025.

Mar 05, 20259 min

Trad na Tríonóide - Rian Breathnach

Labhair Rian Breathnach linn faoin bhféíle cheoil thraidisiúnta atá eagraithe aige i gColáiste na Tríonóide an tseachtain seo chugainn.

Mar 04, 202512 min

Fada is Fairsing 4ú Márta 2025

Ar an gclár seo bhí Molly O'Meara ag labhairt linn faoin bhféile ilchultúrtha Croílár a bheas ar siúl in Áth Luain mí Aibreáin. Chomh maith leis sin bhí Dónal agus Helen ón ngrúpa Preab-Ghaeltacht Bhaile Átha na bhFranc linn le labhairt faoi na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl acu do Sheachtain na Gaeilge.

Mar 04, 202525 min

Tuairisc 4ú Márta 2025

San eagrán seo, plé ar chúirt Zelensky go Washington, an gaol sin ag teipeadh, agus ag féachaint ar an suíomh san Eoraip le Starmer, Macron agus eile ag tacú go láidir le Zelensky.

Mar 04, 202529 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android