An Coimisinéir Teanga - Tuarascáil Bhliantúil
Labhair an Coimisnéir Teanga Séamas Ó Concheannain linn faoi tuarascáil na bliana 2024.

Labhair an Coimisnéir Teanga Séamas Ó Concheannain linn faoi tuarascáil na bliana 2024.
Insíonn an ealaíontóir dúinn faoina thaispeántas nua i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Cathaoirleach Comhchoiste na Gaeilge Catherine Connolly ag caint faoi na dúshláin atá ann do phobal na Gaeilge agus an fís ata aici don mhéad gur feidir a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn.
Ar an gclár seo, labhair Seoirsín Ní Mheachair linn ò Rhinebeck, Nua Eabhrac faoin gcúrsa "Blaiseadh na Gaeltachta", tionscnamh trasAtlantach a chomhreachtáil sí féin agus comhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste.
San eagrán seo, plé ar impleachtaí chultúrtha agus pholaitiúil na n-eachtraí ag Féile Glastonbury.
Tugann an ceoltóir agus cumadóir Niamh Ní Charra léargas dúinn ar chlár pacáilte na féile.
Bhuail an banna punc-rac as BÁC isteach chugainn le haghaidh roinnt ceoil agus comhrá. Beidh siad le feiceáil ar RTÉ1 mar chuid den sraith An Ghig Mhór.
Plé ar na nuachtáin náisiúnta maidin dé Luain le Judy-Meg Ní Chinnéide - beo ar Eadra óna 10r.n. gach Luan ar Raidió na Life.
Mír ó 'Dublin Dyke March' 27.06.25 - agallaimh le daoine ón tslua ag an chéad 'Dyke March' le breis agus 25 bliain anuas i mBaile Átha Cliath. Agóid pobalbhunaithe le tacaíocht ó ghrúpaí éagsúla aiteacha agus leispiacha a bhí sa 'Dyke March', a thit amach thar deireadh seachtaine Fhéile an Bhróid i mBaile Átha Cliath.
Plé ar na nuachtáin náisiúnta ar maidin Luain le Judy-Meg Ní Chinnéide - beo ar Eadra óna 10r.n.
Thug Rang 4 ó Gaelscoil Thaobh na Coille cuairt ar Raidió na Life le linn mí an Mheithimh 2025 chun páirt a ghlacadh i gceardlann raidió.
Agallaimh le Eoghan Ó Ceannabháin, Míde Nic Fhionnlaoch in éineacht le gníomhaithe eile ag frith-agóid eagraithe ag United Against Racism le cuir i gcoinne an eite fhíordheis.
Beidh an Tour de France ar ais a TG4 ón 28ú lá Meitheamh.
Imreoir Mhuineachain Dessie Mone agus iar-imreoir Chiarraí Éanna Ó Conchúir ag plé an féasta peile atá ar bun i bPáirc an Chrócaigh ar an deireadh seachtaine.
An Dr. Liz Coleman ag labhairt le Rossa faoi The Air We Share.
Cuireann Gavin Duff ar an eolas muid mar gheall ar oíche spleodrach ceol, craic agus cultúir!
Thug Róisín Ní Chinnéide na sonraí dúínn maidir leis an bhfeachtas SEAS.
D'inis Ener Nic Labhraí dúinn faoi na gradaim atá fógraithe an tseachtain seo.
Chuaigh Dáithí Mac Uait tríd clár na bliana dúinn.
Ar an gclár seo, labhair an scríbhneoir agus eagarthóir Mícheál Ó Conghaile linn le labhairt faoi Cheardlann Scríbhneoireachta atá á reachtáil ag Cló Iar-Chonnachta do dhaoine ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi roinnt féilte idirchultúrtha agus idirnáisiúnta i rith an tsamhraidh!
San eagrán seo, plé ar an gcoimhlint sa Mheánoirthear.
Sahra Heibe ag labhairt faoina cuid oibre ar son na teanga ar champas IADT agus í anois tofa ina Leas-Uachtarán d'Éagsúlacht agus Ionchuimsiú.
Bhuail an ceoltóir isteach chun a singil úr 'Nothing' a chasadh beo ar Afra-Éire le Ola Majekodunmi.
Ceithre chluiche sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais ar siúl ag an deireadh seachtaine agus cluichí suimiúla cinnte. Bhí Seán Denvir linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Comhrá le Jack Mac Íomhair de chuid Raidió Fáilte i mBéal Feirste faoi Liam Óg Ó hAnnaidh, nó mo chara, ag dul os comhair na Cúirte Dúiche i Westminister.
Comhrá le Jack Mac Íomhair de chuid Raidió Fáilte i mBéal Feirste maidir leis an choimhlint tagtha chun cinn idir agóideoirí agus póilíní i mBaile Meánach agus ceantair eile i gContae Aontroma le gairid.
Plé ar na nuachtáin maidine le Judy-Meg Ní Chinnéide ar an 16ú Meitheamh 2025
Bhí Conor 0`Shea ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. Tiobraid Arainn agus Gaillimh ar dtús agus Luimneach agus Baile Átha Cliath théis sin.
Plé le Judy-Meg Ní Chinnéide ar an 19ú Meitheamh sa stair: 1865: Cuirtear deireadh leis an sclábhaíocht sna Stáit Aontaithe 1953: Cuirtear Julius agus Ethel Rosenberg chun báis i Nua Eabhrac agus iad cúisithe as spiaireacht 1963: Filleann Valentina Tereshkova ar an domhain agus í mar an chéad bhean atá tar éis dul i mbun spástaisteal
Plé le Judy-Meg Ní Chinnéide ar an 12ú Meitheamh sa stair: 1960: Cuirtear cosc ar 'Country Girls' le Edna O'Brien in Éirinn 1962: Tagann deireadh le triail Nelson Mandela san Afraic Theas 1987: Iarrann Uachtarán Reagan ar cheannaire na Sóivéide Gorbachev Balla Bheirlín a leagan