Clochdhánta - Colm Ó Snodaigh
Colm Ó Snodaigh ag labhairt linn faoin seó a dhéanann ceiliúradh ar a mháthair, an dealbhóir agus file Cliodhna Cussen. Beidh sé le feiscint in Amharclann Smock Alley ar an 15ú Samhain mar chuid de Fhéile IMRAM.

Colm Ó Snodaigh ag labhairt linn faoin seó a dhéanann ceiliúradh ar a mháthair, an dealbhóir agus file Cliodhna Cussen. Beidh sé le feiscint in Amharclann Smock Alley ar an 15ú Samhain mar chuid de Fhéile IMRAM.
Tugann Jerome O Drisceoil ón Gailearaí Green on Red léargas dúinn ar an ócáid a tharlós ar an 8ú-10ú Samhain.
Fiachna Ó Braonáin ag labhairt faoin albam nua aige le Tom Dunne agus Alan Connor, conas atá na Flowers agus chuile shórt eile.
Plé le Felim Ó Maolmhána maidir le toghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe, Brian Stanley ag seasamh mar iarrthóir neamhspleach san olltoghchán anseo agus toradh olltoghcháin sa tSeoirsia agus todhchaí na tíre sin ó thaobh an Aontais Eorpaigh agus an gaol leis an Rúis. Craoladh: 011124
Tá spriocdháta trádála don NFL ag teannadh linn agus Diontae Johnson imithe go dtí na Baltimore Ravens. Tá na Eagles ag dul go maith, ach an mbeidh siad in ann an NFC East a bhuachaint agus Jayden Daniels ag déanamh míorúiltí ar an bpáirc faoi láthair do na Commanders? Agus, cé acu a bheidh ar barr an NFC faoin Domhnach - na Packers nó na Lions?
Ar an gclár seo bhí Cabríní de Barra ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid. Chomh maith leis sin, chualamar scéalta daoine sa Soláthar Díreach agus na cúinsí maireachtála sna hionaid S.D. faoi láthair.
An t-amhránaí Andúil ag caint faoi amhrán nua aici, Dope, agus fadhbanna drugaí i mBaile Átha Cliath; Comhrá le iarrthóir Dála, an Comhairleoir Hazel De Nortúin; Na nathanna cainte agus nuacht ó ExtraG.ie
An t-aisteoir ag labhairt faoina charachtar Vince, cúrsaí Ros na Rún, Macnas agus fiú an t-am gur chas sé le Mick Jagger.
An scríbhneoir agus ceann de léiritheoirí na sraithe nua RTÉ a théann ar thóir sean-thraidisiúin na Samhna agus conas mar a cheilúrann muid an Samhain sa lá atá inniu ann.
Labhraíonn an t-údar linn faoin aistriúchán atá déanta aige de leabhar clúiteach Gaël Faye.
Tá WR nua ag na Kansas City Chiefs agus DeAndre Hopkins ag cabhrú le na gortuithe ar fad ag an bhfoireann i láthair na huaire. Brathnaíonn na leaids siar ar athimirt den Super Bowl ón bhliain seo caite ag an deireadh seachtaine, agus ar an chéad cluiche ag Russel Wilson mar Pittsburgh Steeler.
Bhí Paddy Ó Gríofa ag plé na rialacha nua a chonaic muid i bPáirc an Chrócaigh ar an deireadh seachtaine , agus chomh maith le sin cloisfidh muid céard a cheap na himreoirí Seán Ó Maoilchiaráin a bhí le Cúige Chonnacht agus Conor Ó Cuirrín a bhí ag imirt le cúige Mumhan sna cluichí sin.
Agallamh agus ceol leis na rapálaithe Blue Niall agus Talha Wize Wolf; Cuir síos ar Michael Hartnett; Nuacht le ExtraG.ie agus na Nathanna cainte.
Rónán Ó Dómhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán leis an gCoimisiún ag déanamh cur síos ar an gcód atá mar aidhm aige an phobal i gcoitinn ach páistí ach go háírithe a chosaint ó ábhar díobhalach, gríosú chun foiréigin, ciníochas agus an-chuid eile.
Insíonn Oisín McCole dúinn faoi oíche úr-nua de cheol, filíocht, grinn agus amadaíocht atá á eagrú aige in Anseo Sráid Camden anocht.
Labhair muid leis an léiritheoir Ciarán Charles Ó Conghaile faoi gearrscannán atá i mbun léiriúcháin mar chuid den scéim ‘Céim Eile’ ag TG4 Fís Éíreann agus Ciste Chraoltóireacht na Gaeilge.
An fisiteiripeoir sinsireach Odhrán Ó hUallacháin ag caint linn faoi 'Teach an Saol'.
Tá iar-Ghinearál Airm na Breataine Mike Jackson a bhí ina chaptaen ar an reisimint pharaisiút ar Dhomhnach na Fola, nuair a maraíodh ceathrar déag a bhí i mbun agóide in aghaidh an imtheorannaithe ar an 30 Eanáir 1972, théis bháis. Labhair Ciarán Ó Prontaigh linn faoin scéal
Tá Davante Adams ina New York Jet – cén tionchar a bheidh aige sin ar an bhfoireann? Drochlá ag na Dallas Cowboys sa bhaile arís ar breithlá Jerry Jones. An féidir leo an séasúr acu a athrú, nó an bhfuil an iomarca fadhbanna acu? Labhróimid freisin faoin NFC North, an t-aon roinn atá tar éis ar a laghad ceithre cluiche a bhuachan go dtí seo.
Bhí ár saineolaí rásaí linn Sarah Lynam agus muid ag breathnú chun cinn ar lá mór rásaíochta ar an talamh cothrm in Ascot ar an Satharn.
An Dr. Tríona Ní Shíocháin ó Ollscoil na Gaillimhe ag caint linn faoi Tionól Taighde Dána 2024.
An Comhairleoir Cathrach Mícheál Mac Donncha ag caint linn faoi Bille na Críocha faoi Fhorghabháil.
Labhair Seán F. O Drisceoil, atá ina chónai in Albain le roinnt blianta, linn faoi Alex Salmond, Iar Chéad Aire agus feachtasóir ar son neamhspleachais na hAlbain. Fuair Salmond bás ar an satharn agus é ar cuairt chuig Tuaisceart na Macadóine. 161024
Ar an gclár seo chualamar ó Angus Lambkin a labhair linn faoi chúrsaí sa Phalaistín i láthair na huaire agus a chuid oibre i nGaza, théis na bliana is measa den chinedhíothú ar an tír le fada. Chomh maith leis sin, d'éisteamar le meascán ceoil speisialta a rinne Aindriú Mac an Rí do dhúnadh Club Chonradh na Gaeilge agus i gcuimhne Seosamh Ó Conchúir agus labhraíomar faoin gclár seo a rinne iaraoi ar an gclár seo Nadia Dobrianska le TG4 faoi éalú a teaghlaigh ón Úcráin go Corcaigh ag tús ionsaí n...
Ómós ar leith do Brian Hobbs, laoch tragóideach an Stardust; Agallaimh agus ceol nua leis na ceoltóirí Róis agus Fiach Moriarty; Na nathanna cainte; Nuacht le ExtraG.ie
Tugann Bríd De Róiste na sonraí ar fad dúinn faoi chomórtas na bliana.
Labhair muid le Máire Zepf, scríobhneoir na sraithe nua anime eachtraíochta mhearshiúlach do pháistí faoi thionchar mhiotaseolaíocht na gCeilteach.
Plé ar an chogaíocht, spriocanna Iosrael agus an fiú trúpaí de chuid na Náisiúin Aontaithe a bheith i nDeisceart na Liobáine. Máirtín Ó Duibhir, Iar-Oifigeach airm ag plé cúrsaí linn. 151024
Labhair an príomhoide, Antóin Ó Cléirigh, linn faoi scoil agus an oíche oscailte, a bheas ar siúl ar an gCéadaoin 16 Deireadh Fómhair. 141024
Lauren O’Neill, príomhfheidhmeannach Cruitirí na hÉireann, ag insint dúinn faoin cheiliúradh ollmhór ar an uirlis a tharlós ar an 19ú DF.