Agallamh le Storm Eaton Killgallen de chuid Raidió Fáilte i mBéal Feirste faoi chás Sarah Montgomery agus ar fhoréigean i gcoinne mná ó thuaidh. Plé fosta ar thogra nua 'Fuath Ban' a sheoladh le gairid chun scéalta ar fhuath ban a bhailiú. Tuilleadh sonraí faoin thogra 'Fuath Ban' anseo: forms.gle/jZ6uFPNq9QuxRsgq6
Jul 04, 2025•18 min
Agallamh beo le Ciarán Ó Meachair, comhairleoir de chuid Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoi thionchar AirBnB, dochair ar dheilbh Molly Malone agus Sráid na Parlaiminte le teorannú do choisithe.
Jul 04, 2025•14 min
Bhí Róisín Adams ag labhairt le Rossa faoin tsraith nua raidió faoin údar Cathal Ó Sándair. Tá an tsraith trí chlár le cloisint ar Raidió na Gaeltacht ar 1.30 dé Céadaoin. Ag tosú ar an dara lá de mhí Iúil.
Jul 02, 2025•11 min
Dhá chluiche iontacha i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine nuair a rachaidh Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann chun páirce i gcluichí leathchraobh na hÉireann. Bhí Paudie Ó Néill linn agus muid ag breathnú ar an dá chluiche.
Jul 02, 2025•27 min
Bhí Judy-Meg i mbun cainte le Cara ar maidin ar Eadra maidir leis an méid a tharla ar an lá seo, 2 Iúil, sa stair... Na heachtraí a phléitear ná an éirí amach ar bord an long sclábhaíochta, an Amistad, in 1839; an píolóta Amelia Earhart ag dul ar strae i 1937, agus tarlúint Roswell i 1947, nuair a fheiceann daoine UFOs sa spéir in New Mexico.
Jul 02, 2025•19 min
Labhair an Coimisnéir Teanga Séamas Ó Concheannain linn faoi tuarascáil na bliana 2024.
Jul 01, 2025•18 min
Insíonn an ealaíontóir dúinn faoina thaispeántas nua i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Jul 01, 2025•9 min
Cathaoirleach Comhchoiste na Gaeilge Catherine Connolly ag caint faoi na dúshláin atá ann do phobal na Gaeilge agus an fís ata aici don mhéad gur feidir a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn.
Jul 01, 2025•19 min
Ar an gclár seo, labhair Seoirsín Ní Mheachair linn ò Rhinebeck, Nua Eabhrac faoin gcúrsa "Blaiseadh na Gaeltachta", tionscnamh trasAtlantach a chomhreachtáil sí féin agus comhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste.
Jul 01, 2025•22 min
San eagrán seo, plé ar impleachtaí chultúrtha agus pholaitiúil na n-eachtraí ag Féile Glastonbury.
Jul 01, 2025•27 min
Tugann an ceoltóir agus cumadóir Niamh Ní Charra léargas dúinn ar chlár pacáilte na féile.
Jun 30, 2025•12 min
Bhuail an banna punc-rac as BÁC isteach chugainn le haghaidh roinnt ceoil agus comhrá. Beidh siad le feiceáil ar RTÉ1 mar chuid den sraith An Ghig Mhór.
Jun 30, 2025•18 min
Plé ar na nuachtáin náisiúnta maidin dé Luain le Judy-Meg Ní Chinnéide - beo ar Eadra óna 10r.n. gach Luan ar Raidió na Life.
Jun 30, 2025•10 min
Mír ó 'Dublin Dyke March' 27.06.25 - agallaimh le daoine ón tslua ag an chéad 'Dyke March' le breis agus 25 bliain anuas i mBaile Átha Cliath. Agóid pobalbhunaithe le tacaíocht ó ghrúpaí éagsúla aiteacha agus leispiacha a bhí sa 'Dyke March', a thit amach thar deireadh seachtaine Fhéile an Bhróid i mBaile Átha Cliath.
Jun 30, 2025•9 min
Plé ar na nuachtáin náisiúnta ar maidin Luain le Judy-Meg Ní Chinnéide - beo ar Eadra óna 10r.n.
Jun 30, 2025•57 min
Thug Rang 4 ó Gaelscoil Thaobh na Coille cuairt ar Raidió na Life le linn mí an Mheithimh 2025 chun páirt a ghlacadh i gceardlann raidió.
Jun 30, 2025•14 min
Agallaimh le Eoghan Ó Ceannabháin, Míde Nic Fhionnlaoch in éineacht le gníomhaithe eile ag frith-agóid eagraithe ag United Against Racism le cuir i gcoinne an eite fhíordheis.
Jun 27, 2025•7 min
Beidh an Tour de France ar ais a TG4 ón 28ú lá Meitheamh.
Jun 26, 2025•21 min
Imreoir Mhuineachain Dessie Mone agus iar-imreoir Chiarraí Éanna Ó Conchúir ag plé an féasta peile atá ar bun i bPáirc an Chrócaigh ar an deireadh seachtaine.
Jun 25, 2025•31 min
An Dr. Liz Coleman ag labhairt le Rossa faoi The Air We Share.
Jun 25, 2025•13 min
Cuireann Gavin Duff ar an eolas muid mar gheall ar oíche spleodrach ceol, craic agus cultúir!
Jun 25, 2025•7 min
Thug Róisín Ní Chinnéide na sonraí dúínn maidir leis an bhfeachtas SEAS.
Jun 24, 2025•7 min
D'inis Ener Nic Labhraí dúinn faoi na gradaim atá fógraithe an tseachtain seo.
Jun 24, 2025•9 min
Chuaigh Dáithí Mac Uait tríd clár na bliana dúinn.
Jun 24, 2025•19 min
Ar an gclár seo, labhair an scríbhneoir agus eagarthóir Mícheál Ó Conghaile linn le labhairt faoi Cheardlann Scríbhneoireachta atá á reachtáil ag Cló Iar-Chonnachta do dhaoine ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi roinnt féilte idirchultúrtha agus idirnáisiúnta i rith an tsamhraidh!
Jun 24, 2025•24 min
San eagrán seo, plé ar an gcoimhlint sa Mheánoirthear.
Jun 24, 2025•28 min
Sahra Heibe ag labhairt faoina cuid oibre ar son na teanga ar champas IADT agus í anois tofa ina Leas-Uachtarán d'Éagsúlacht agus Ionchuimsiú.
Jun 22, 2025•8 min
Bhuail an ceoltóir isteach chun a singil úr 'Nothing' a chasadh beo ar Afra-Éire le Ola Majekodunmi.
Jun 22, 2025•9 min
Ceithre chluiche sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais ar siúl ag an deireadh seachtaine agus cluichí suimiúla cinnte. Bhí Seán Denvir linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Jun 19, 2025•33 min
Comhrá le Jack Mac Íomhair de chuid Raidió Fáilte i mBéal Feirste faoi Liam Óg Ó hAnnaidh, nó mo chara, ag dul os comhair na Cúirte Dúiche i Westminister.
Jun 19, 2025•10 min