Podchraoladh na Gaelgals - podcast cover

Podchraoladh na Gaelgals

Na Gaelgalslinktr.ee

Is meon é a bheith i do Ghaelgal! 👯


Gaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha & taisteal.


Lean muid ar Instagram, X agus Facebook nó seol ríomhphost


Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá

Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Corp agus Anam

Pléann Clíodhna, Lucy & Rachel a dtaithí pearsanta lena íomhá coirp & muinín coirp mar mhná óga & muid ag maireachtail i ré na meán sóisialta. Labhraíonn siad faoin earnáil faisean & an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an íomhá coirp i gcoitinne. Má bhíonn tú ag streachailt le híomhá coirp nó neamhord itheacháin is féidir eolas & comhairle a fháil ar www.bodywhys.ie nó ar www.hse.ie Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information....

Oct 07, 202143 minSeason 2Ep. 2

Ar Ais Arís!

San eagrán seo, cuireann Alswyn, Sinéad & Dúlra tús spleodrach leis an dara sraith & iad le chéile ag taifead san fhíorshaol den chéad uair le bliain go leith anuas! Tugann siad uasdátú maidir leis an méid atá ar siúl ag na Gaelgals timpeall na cruinne, déanann siad mionchíoradh ar chursaí Love Island i mbliana & leagann siad plean amach do 'Oileán Ghrá', Love Island do shaol na Gaeilge! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information....

Sep 23, 202136 minSeason 2Ep. 1

Bréagdíospóireacht High School Musical

San eagrán / díospóireacht seo, le céiliúradh a dhéanamh ar & críoch a chur leis an gcéad shraith de Phodchraoladh na Gaelgals, pléann na Gaelgals cé acu is fearr sna scannáin HSM: Gabriella nó Sharpay. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Jun 10, 202138 minSeason 1Ep. 20

Coláistí Samhraidh: The Good, The Bad, The Ugly

San eagrán seo, pléann Clíodhna, Alswyn & Sinéad na cuimhní órga, aisteacha & iontacha atá acu ón dtréimhse a chaith siad ag freastal ar Choláistí Samhraidh thar timpeall na tíre! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Jun 03, 202143 minSeason 1Ep. 19

Leabhair Power

San eagrán seo, pléann Rachel, Dúlra & Sinéad leitheoireacht an Bhéarla & leitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire. Labhraíonn siad faoi na leabhair a raibh an-tionchar acu orthu & na leabhair atá ar a liosta TBR (to be read) don samhradh beag seo! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

May 27, 202144 minSeason 1Ep. 18

Mála Mór In-athúsáidte

Labhraíonn Aoife, Lucy & Dúlra faoi chaomhnú na timpeallachta, na dúshláin a bhaineann leis & na hiarrachtaí a dhéanann siad le bheith níos cineálta don timpeallacht. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

May 19, 202145 minSeason 1Ep. 17

Léim Thart x Gaelgals

Fáilte roimh ár gcéad aoi! Labhraíonn Sinéad, Lucy & Alswyn le Ruairí Egan / Léim Thart, láithreoir raidió, podchraoltóir & cara dár gcuid. Pléann siad an t-ábhar is fearr leo ar fad: ceolchoirmeacha. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

May 12, 202136 minSeason 1Ep. 16

Grá Croí nó Crá Croí?

San eagrán seo, pléann Rachel, Clíodhna & Róisín cursaí grá & a dtaithí féin ag dul ar choinní thar na blianta. Labhraíonn siad faoin gcéad choinne a bhí acu riamh, drochchoinní & na deacrachtaí a bhí acu ag dul ar choinní le linn na paindéime, le cúpla scéal ón lucht éisteachta chomh maith. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

May 05, 202145 min

Cainteoirí Dóchais: Ná BÁC leis na Haters

San eagrán seo, pléann Clíodhna, Sinéad & Rachel an mire mothúchán a bhaineann le bheith i do nuachainteor Gaeilge sa lá atá inniu ann. Labhraíonn siad faoin aistear foghlama a bhí acu leis an teanga & an chomhairle a thabharfaidís do dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Apr 28, 202142 minSeason 1Ep. 14

Cupán Tay

In eagrán 13 pléann Aoife, Róisín agus Alswyn albam nua Taylor Swift, Fearless (Taylor’s Version), & an tionchar a bhí aici orthu ag fás aníos. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Apr 21, 202146 minSeason 1Ep. 13

Tapaigh an Deis: Cumann Gaelach Edition

Seo an dara eagrán ón bpodchraoladh beo a rinneamar le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. San eagrán seo phléigh Alswyn, Clíodhna, Dúlra & Sinéad na deiseanna oibre a fhuair siad mar gheall ar an gCuallacht & ar na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a bheith agat. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com Hosted on Acast. See acast.com/privacy for ...

Apr 14, 202143 minSeason 1Ep. 12

Coiste na Cuallachta and the cófra of secrets

Bhí deis iontach againn chun podchraoladh beo a thaifeadadh le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. San eagrán seo phléigh Rachel, Aoife, Róisín & Lucy na cuimhní is fearr leo óna dtréimhse sa Chuallacht - gach rud idir Bál na Gaeilge & na rudaí is neamhghnách a aimsíodh sa chófra i Seomra na Gaeilge! Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com Hosted on A...

Apr 07, 202136 minSeason 1Ep. 11

Is fearr cairde ná ór

San eagrán seo, labhraíonn Lucy, Róisín agus Dúlra faoi thábhacht an chairdis, na hathruithe a thagann ar chairdis agus tú ag dul in aois, agus faoi na cuimhní is fearr atá acu ar a chéile Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Mar 31, 202146 min

Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, fiche bliain ag meath!

San éagrán seo, pléann Aoife, Alswyn agus Sinéad saol an duine óig sna fichidí i lár pandéime. Labhraíonn siad mar gheall ar na deacrachtaí, an éiginnteacht agus na foinsí brú a bhaineann leis an tréimhse seo sa saol agus conas dul i ngleic leo. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Mar 17, 202146 minSeason 1Ep. 9

Cad is brie le cheese?

An gcuimhin libh ceolchoirm Sean Kingston i Maigh Nuad nó an bhrionglóid ait a bhí ann 🤷‍♀️ Labhraíonn Róisín, Lucy & Rachel faoi cheol na 2000dí & an mhéid a airíonn na laethanta sin uathu! Éistigí beo ar Raidió Rí-Rá ag 8i.n. ar oíche Chéadaoin nó maidin Déardaoin ar aghaidh, pé áit a bhfaigheann sibh bhur gcuid podchraoltaí! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Mar 03, 202145 min

Mo Ghrá Gals

Agus an grá le mothú san aer na laethanta seo, déanann Clíodhna, Dúlra & Sinéad plé ar Lá Fhéile Vailintín, teacht chun cinn Galentines & féile nua atá cruthaithe acu, Gaelentines. Labhraíonn siad faoi na pleananna atá acu don fhéile is románsúla sa bhliain, grá na mban & na Gaeil ina saol ar mhaith leo aitheantas a thabhairt dóibh. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Feb 17, 202134 minSeason 1Ep. 7

Dian-YAS-áil

San eagrán seo, pléann Lucy, Alswyn & Aoife faoin tríú dianghlasáil, céard ata ar siúl acu, na nodanna atá acu dúinn ar fad le maireachtáil tríd & céard le déanamh má tá leadrán ort. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com . Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information....

Feb 03, 202146 minSeason 1Ep. 6

Féinchuram

San eagrán seo, pléann Sinéad, Rachel & Róisín an tábhacht a bhaineann le féinchuram, an chaoi go dtugann siad aire dóibh féin & an tiochar atá ag na meáin shóisialta orthú le linn tréimhsí deacra. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com . Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information....

Jan 20, 202138 minSeason 1Ep. 5

2020: GRMA, next.

An tseachtain seo labhraíonn Alswyn, Clíodhna agus Dúlra faoi na rudaí maithe a tharla sa bhliain 2020, rúin na hathbhliana do 2021 agus na rudaí a bhfuil siad ag súil leo i sa bhliain amach romhainn. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Jan 06, 202144 minSeason 1Ep. 4

Nollaig Hun-a

San eagrán seo labhraíonn Róisín, Lucy & Aoife faoin Nollaig, na rudaí a mbíonn siad ag súil leo, traidisiúin na Nollag & go leor leor cuimhní greannmhara á roinnt le chéile Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Dec 23, 202037 minSeason 1Ep. 3

Stair na ‘hIcke’

Labhraíonn Dúlra, Sinéad agus Rachel faoin ‘ick’, céard is brí leis, a scéalta greannmhara féin agus scéalta ónár lucht éisteachta! Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Dec 09, 202029 minSeason 1Ep. 2

Tús maith

Labhraíonn Aoife, Alswyn agus Clíodhna linn ar an gcéad eagrán den phodchraoladh faoi cé hiad na Gaelgals, conas ar chas an triúr ar a chéile agus an Ghaeilge ar líne. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Nov 26, 202036 minSeason 1Ep. 1

Podchraoladh na Gaelgals - Fáilte!

Gaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol, faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha, taisteal Podchraoladh nua gach coicís ar an Déardaoin Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Nov 22, 20205 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android