Tá cúirt i California théis rialú go raibh na meáin shóisialta Instagram agus YouTube freagrach as dochar meabhairshláinte a dhéanamh do ghasúir agus do dhaoine óga. Cé chomh cinniúnach a d’fhéadfadh an breithiúnas a bheith do na meáin shóisialta trí chéile? See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 27, 2026•5 min
Léiríonn anailís atá déanta ag Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann ar an líon dochtúirí atá sa tír gur thimpeall ar Bhaile Átha Cliath agus ar chósta thiar na hÉireann is mó atá ganntan. 4,600 dochtúirí teaghlaigh atá in Éirinn, teastaíonn 6,000 a deir an Cholaiste. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 27, 2026•7 min
D’fheádfadh go mbeidh deighilt idir an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe mar gheall ar na tuairiscí go bhfuil rialtas Mheiriceá chun an cúnamh míleata a bhí le fáil ag an Úcráin, a úsáid sa gcogadh in aghaidh na hIaráine. Cúnamh míleata é seo a thug tíortha an Aontais Eorpaigh agus tíortha eile ó NATO le tacú leis an Úcráin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 27, 2026•7 min
D'fhreastal an Tánaiste agus an tAire Airgeadais Simon Harris ar chruinniú den Eurogroup, grúpa Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh, ar maidin, áit ar pléadh an tionchar an chogadh sa Mheán Oirthear ar gheilleagair na hEorpa. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 27, 2026•5 min
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta - Marion Ní Shúilleabháin. Nuacht an Tuaiscirt - Caoimhe Ní Chonchoille. Nuacht an Iarthair - Fódhla Ní Bhraonáin. Nuacht an Deiscirt - Conn Ó Muíneacháin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 27, 2026•30 min
An barr is deireanaí nuachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 27, 2026•57 min
Anocht i bPrág, imreoidh foireann sacair na hÉireann i gcoinne na Seicia sna babhtaí cáilithe do Chorn Sacair an Domhain. Mar dhuais, imreoidh na buaiteoirí i mBaile Átha Cliath Dé Máirt in aghaidh na Danmhairge nó na Macadóine Thuaidh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 26, 2026•5 min
Sa mBruiséil inniu, bhótáil Parlaimint na hEorpa le móraimh ollmhór go ndéanfaí níos deacra é d’inimircigh mí dhleathacha teacht isteach san Aontas. Mar chuid den pholasaí tá moladh go ndíbreofaí inimircigh mí dhleathacha chuig láithreacha taobh amuigh den Aontas. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 26, 2026•7 min
Tá bille curtha ós comhair na Dála ag na Sóisialaigh Daonlathacha go mbeadh sé de cheart bunreachtúil ag chuile dhuine sa tír fáil a bheith acu ar áit chónaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 26, 2026•8 min
Sa Dáil inniu chuir an freasúra i leith an rialtais gur bheag a bhí siad a dhéanamh le fuascailt ón gcostas ard maireachtála a thabhairt don phobal. Dúirt an Tánaiste Simon Harris go mb'fhéidir go mbeadh ar an rialtas gníomhú arís chun tacaíochtaí bhreise a chur ar fáil dhá rachadh rudaí in olcas i gCogadh na hIaráine. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 26, 2026•7 min
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Máire de Bhailís Nuacht an Deiscirt Dara O’Cinnéide Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain Nuacht an Iarthair Fodhla Ní Bhraonáin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 26, 2026•29 min
An barr is deireanaí nuachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 26, 2026•59 min
Tá ionadaithe aerlínte ós comhair Choiste Iompair an Oireachtais inniu agus iad ar fad ar aon-fhocal go gcaithfear deireadh a chur leis an teora 32 milliún paisinéir atá ceadaithe san aerfort. Tá an rialtas ag dréachtadh reachtaíochta leis an srian a chur ar ceal, ach faoi láthair tá an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ag meas an scéil. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 25, 2026•6 min
Tá beag is fiú déanta ag ceannairí na hIaráine den dul chun cinn atá dá maíomh ag Uachtarán na Stáit Aontaithe Donald Trump s’na cainteanna síochána idir an dá thír. Tuairiscítear go bhfuil plean síochána 15 pointe atá dá mbrú ag Meiriceá curtha as an áireamh ag an Iaráin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 25, 2026•6 min
Deir Ceartas Sóisialta Éireann nach leor iad na beartais atá fógartha ag an rialtas le teacht i gcabhair ar an dream is measa atá buailte ag an ardú as cuimse atá tagtha ar phraghsanna breosla. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 25, 2026•9 min
Tá sé deimhnithe ag Sláinte Leanaí Éireann nach n-osclóidh an t-Ospidéal Nua Leanaí mar a bhí beartaithe faoi dheireadh na míosa seo chugainn. Seo an 18ú moill atá curtha ar oscailt an ospidéil. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 25, 2026•6 min
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta - Máire de Bhailís. Nuacht an Iarthair - Máire Bríd Ní Chualáin. Nuacht an Deiscirt - Conn Ó Muíneacháin. Nuacht an Tuaiscirt - Maighréad Uí Annluain. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 25, 2026•30 min
An barr is deireanaí nuachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 25, 2026•59 min
Inné sa Fhrainc sna toghcháin áitiúla chun comhairlí agus méaraí a thoghadh ar fud na tíre, bhí bua mór ag páirtithe an láir agus droch oíche ag na páirtithe eile is faide amach ar an eite chlé agus ar dheis. Céard a chiallaíonn na torthaí áitiúla seo do thoghchán na huachtaránachta an chéad bhliain eile? See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 23, 2026•6 min
Tá an bhagairt go n'inseodh Meiriceá láthaireacha ginte fuinnimh na hIaraine curtha ar athló ag Donald Trump Uachtarán na Stáit Aontaithe, mar gheall ar 'dul chun cinn suntasach' atá déanta a deir sé leis an Iaráin. Bunaithe ar an ráiteas, tá costas ola titithe 30% ar mhargaí domhanda. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 23, 2026•7 min
Tiocfaidh ceannairí an chomhrialtais le chéile anocht le socrú ar bheartais tacaíochta breosla don phobal. Cén tionchar a bheidh ag fógra sos comhraic chúig lá cogaíochta leis an Iaráin atá déanta ag Donald Trump Uachtarán na Stáit Aontaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 23, 2026•7 min
Tá an praghas ard díosail ag cur isteach go mór ar chomhlachtaí iompair, a deir James Anthony Mac Fhionnghaile ón gcomhlacht Bus McGinley i nGort a Choirce. Caithfidh an rialtas laghdú suntasasch a chur ar an dleacht ar pheitreal agus ar díosal, a deir sé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 23, 2026•8 min
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Marion Ní Shúilleabháin Nuacht an Deiscirt Conn Ó Muineacháin Nuacht an Tuaiscirt Caoimhe Ní Chonchoille Nuacht an Iarthair Fódhla Ní Bhraonáin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 23, 2026•30 min
An barr is deireanaí nuachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 23, 2026•1 hr
Tráthnóna inniu cuirfear an t-amhránaí mór le rá Dolores Keane ina baile dúchais Cathair Loistreáin i dtuaisceart na Gaillimhe. Bhí Dolores aitheanta mar cheannródaí agus meas idirnáisiúnta uirthi. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 20, 2026•5 min
Chuir Cumann Ailse na hÉireann fáilte roimh phleananna an rialtais nach mbeidh ar dhaoine a thagann slán ó ailse, fanacht chomh fada le go mbeadh cosaint árachais ar mhorgáistí ar fáil dhóibh. Tháinig an deá-scéala ar Lá Lus an Chrom Chinn, an ócáid bhliantúil le airgead a bhailiú don chumann. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 20, 2026•5 min
Beidh sé trí seachtainí amárach ó d’ionsaigh Iosrael agus na Stáit Aontaithe an Iaráin, ach fós tá ag éirigh le fórsaí na hIaráine an tráchtáil a stopadh i Murascaill na Peirse, ag Caolas Hormuz. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 20, 2026•6 min
Tá conspóid fós faoi chúrsaí fuinnimh agus an mhoill atá ar an rialtas gníomhú ar an gcostas ard breosla. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 20, 2026•5 min
Tá an cás cúirte a thug triúr fear i gcoinne Gerry Adams dá tharraingt siar acu. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 20, 2026•6 min
Nuacht an Iarthair. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mar 20, 2026•8 min