Nuacht a hAon - podcast cover

Nuacht a hAon

RTÉ Raidió na Gaeltachtawww.rte.ie
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

John Keady : Cathaoirleach Chumann Réalteolaíochta na Gaillimhe.

Tá an spásárthach, Artemis 2 ag déanamh a bhealach ar ais chuig an domhan taréis dó dhul thimpeall na gealaí. Beidh súil leis an árthach agus an fhoireann ceathrar tuirlingt san Aigéan Chiúin amach ó San Diego ag a 1.00 ar maidin amárach. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 10, 20264 min

Mícheál Ó hUanacháin : Tráchtaire ar Chúrsaí an Mheán Oirthir.

Amárach tá an Phacastáin ag reáchtáil dreas cainteanna síochána idir toscairí Meiriceánacha agus toscairí as an Iaráin le súil réiteach a fháil ar chogadh na Murascaille. Cén dóchas go ndéanfar aon dul chun cinn? See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 10, 20263 min

Dara Calleary : An tAire Coimirce Sósialta.

Tá Dara Calleary ar dhuine de na h-airí rialtais a bheidh ag casadh ar ball le ionadaithe feirmeoireachta agus ón tionscail iompair le plé a dhéanamh ar thacaíochtaí breise le dul i ngleic leis an gcostas ard breosla. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 10, 20267 min

Nuacht an lae: Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Máire de Bhailís Nuacht an Deiscirt Conn Ó Muineacháin Nuacht an Tuaiscirt Caoimhe Ní Chonchoille Nuacht an Iarthair Fódhla Ní Bhraonáin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 10, 202630 min

an TD Peadar Tóibín : Ceannaire pháirtí Aontú.

Deir Peadar Tóibín go gcaithfidh an rialtas labhairt leis na daoine atá ag ágóidíocht faoi chostas ard an bhreosla. Ní féidir, a deir sé, leis an rialtas an chluas bhodhar a thabhairt dóibh. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 09, 20264 min

an Seanadóir Seán Kyne FG agus an TD John Connolly. FF

Tá an bheirt a bhí gníomhach ag iarraidh an chuar bhótair sásta leis an bhfógra seo inniu, ach an bhfuil imní orthú faoi aon athchomharc dleathúil? Céard faoi na daoine a gcaithfear a gcuid tithe a leagan, le áit a dhéanamh don bhóthar? See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 09, 20269 min

Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Conall Ó Cíobháin Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 09, 202632 min

Máire Ní Bhraonáin : Tuairisceoir le Nuacht TG4/RTÉ.

Ag a gcomhdháil bhliaintiúil atá ar siúl i gCill Chainnigh, tá Aontas Múinteoirí Éireann ag rá go bhfuil géarghá le tuilleadh infheistíochta le gur féidir le múinteoirí tabhairt faoi na leasuithe atá déanta ar an tSraith Shinsearach Ardteiste. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 08, 20263 min

An t-Ollamh Brian Ó Broin : Tráchtaire ar chúrsaí reatha na Stáit Aontaithe.

Tá sos comhraic fógartha ag na Stáit Aontaithe agus ag an Iaráin atá súil a réiteoidh an bealach le deireadh a chur leis an aighneas atá idir an dá thír. An bua taidhleoireachta é seo ag Donald Trump nó an géilleadh atá ann aige nach féidir leis an Iaráin a cheansú? See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 08, 20266 min

Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Conall Ó Cíobháin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 08, 202630 min

Liam Mac an Mhaoir : Tuairisceoir RnaG.

Ag comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann i gCill Áirne ar maidin dúirt an tAire Oideachais, Hildegarde Naugton go raibh sí ag troid a coirnéal go dícheallach le cinntiú go mbeadh na h-acmhainní breise atá ag teastáil, ar fáil do na múinteoirí i seomraí ranga na tíre, chuile lá. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 07, 20267 min

Seosamh Mac Donnacha : Saineolaí Míleata agus Taidhleoireachta .

Tá rialtas na hIaráine ag diúltú Caolas Hormuz a ath-oscailt agus glacadh le moltaí faoi aon t-sos comhraic ainneoin bagairtí Uachtarán Trump na Stáit Aontaithe go scriosfadh sé stáisiún cumhachta agus droichid na tíre mura nglacfadh siad leis an socrú atá tairgthe. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 07, 20267 min

John Downing : Comhfhreagraí polaitiúil agus colúnaí leis an Irish Independent.

Ó mhaidin tá cúrsaí tráchta ina gcíor thuathail ar fud na tíre ag agóid atá dá reáchtáil ag feachtas ar a dtugtar ‘Éirinn in aghaidh an chostais ard breosla.’ Taobh amuigh de thranglam tráchta a chruthú, céard atá súil acu a bhaint amach? See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 07, 20267 min

Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Máire de Bhailís Nuacht an Deiscirt Conn Ó Muineacháin Nuacht an Tuaiscirt Caoimhe Ní Chonchoille Nuacht an Iarthair Máire Bríd Ní Chualáin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 07, 202628 min

Bertie Ó hAinmhire, Iar-Thaidhleoir agus Oibrí Deonach.

Dúirt an charthanacht Trócaire go bhfuil na milliúin duine ar fud an domhain i mbaol agus go bhfuil gearradh siar ollmhór déanta ar an maoiniú a fhaghann carthanachtaí, nuair is géire a theastaíonn sé, mar gheall ar choimhlint agus an tionchar atá ag athrú aeráide a deir Príomhfheidhmeannch Thrócaire, Seán Farrell. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 03, 20269 min

Breandán Varley, ón gcomhlacht Iompair Varley Transport.

Dúirt Cumann na nIomproirí, an IRHA gur gearr go mbeidh éigeandáil náisiúnta ann mar gheall ar an gcostas atá ar bhreosla, agus rinne siad achainní ar an rialtas pacáiste eile a chur ar fáil le cuidiú leo. Bhí cruinniú ag an gCumann leis an Aire Iompair Darragh O’Brien ar maidin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 03, 20266 min

Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee go mbeidh an tír seo ag cur an-bhéim ar iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht an Aontais Eorpaigh le linn tréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an gComhairle. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 03, 20266 min
Hosted on Omny Studio
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android