Meon na mBan - podcast cover

Meon na mBan

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Cúrsaí an tsaoil, cúrsaí reatha, tuairimíocht agus comhráite idir gháire agus dháiríreacht curtha i láthair ag mná idir óg agus aosta ó chúlraí éagsúla.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Meon na mBan: #MiseFosta, Foiréigean Baile agus Eagraíochtaí Tacaíochta

Spreagtha ag feachtais ar nós #MiseFosta labhraíonn Emma, Jill agus Katie ar na háiseanna agus eagraíochtaí tacaíochta atá ann do mhná na hÉireann i gcásanna foréigean baile agus ionsaithe gnéis. Sonraí teagmhála anseo: Women's Aid (24/7, saor in aisce, athteangaireacht ar fáil) 1800341900 Dublin Rape Crisis Centre (24/7, saor in aisce) 1800778888 stillhere.ie / safeireland.ie liostaí d'eagraíochtaí áitiúla timpeall na tíre

Jun 29, 202033 min

Meon na mBan: #Aisghair - dhá bhliain ar aghaidh

Agus dhá bhliain curtha dínn ó vótáil pobal na hÉireann ar son aisghair a dhéanamh ar an ochtú leasú, labhraíonn Aoife, Jill agus Lucy mar gheall ar an méid atá bainte amach againn mar phobal, agus na gnéithe den phlé ar gá dúinn dul i ngleic leo fós: cúrsaí oideachais, frithghiniúint, meon an phobail agus neart eile. #MeonnamBan

Jun 08, 202032 min

Meon na mBan: Éireannach: céard is brí leis i 2020?

Labhraíonn Katie Whelan (teagascóir agus iarrthóir PhD), Aine Scanlon (múinteoir bunscoile), Ailbhe Ní Riain (bainisteoir chamchuairt Kneecap) agus Síne Nic an Ailí (Cultúr Club, Féile Mothertongues, Iar-scoláire Fulbright) faoin Éireannachas agus céard is brí leis sin sa lá atá inniu ann.

May 18, 202034 min

Meon na mBan: Coraintín - Lá 1

Meon na mBan ag tíocht ó Laois, Béal Feirste, Cill Dara agu Baile Átha Cliath san eagrán seo ar Skype le linn dúnadh na scoileanna agus roinnt gnóanna de dheasca Covid-19. Lucy de Faoite, Fiona Ní Gháibhín, Emma agus Éirin Ní Chearúil.

Mar 17, 202032 min

Meon na mBan: Mná ag Ceol

Ar shocraíomar go n-eiseofar an podchraoladh seo mar gheall ar mná san earnáil cheoil ar lá sheoladh sceideal #ep2020? Lucy de Faoite, Fiona Ní Gháibhín agus Ailbhe Ní Riain. Glac páirt sa gcomhrá le #MeonnamBan ar Twitter @raidionalife

Mar 09, 202029 min

Meon na mBan: Bliain Bhisigh - ceisteanna pósta

Labhraíonn Ola Majekodmni, Ailbhe Ní Riain, Aoife Ní Dheisigh agus Deirdre Ní Chearra faoi bhás Caroline Flack, agus na freagrachtaí a ghabhann le húsáid na meáin shóisilta agus na mean. Cur leis an gcomhrá ag #MeonnamBan ar Twitter @raidionalife

Mar 02, 202029 min

Meon na mBan: Freagracht agus fulaingt ar na meáin shóisialta

Labhraíonn Ola Majekodmni, Ailbhe Ní Riain, Aoife Ní Dheisigh agus Deirdre Ní Chearra faoi bhás Caroline Flack, agus na freagrachtaí a ghabhann le húsáid na meáin shóisilta agus na mean. Cur leis an gcomhrá ag #MeonnamBan ar Twitter @raidionalife

Feb 17, 202027 min

Meon na mBan: Má bhíonn tú liom bí liom

Agus Lá Vailintín ar an tsúil, tá cúrsaí grá á phlé ag Katie Whelan agus Orlagh Woods: An mbíonn muid macánta linn féin agus lenár gcomhbhádóirí? An ionann TG4 agus leathair agus "fíordháta" oíche Vailintín? An bhfuil gá le lipéidí agus an bhfuil ag éirí linn ar Tinder? Na ceisteanna tábhachtacha idir lámha ag na cailíní daoibh anseo.

Feb 10, 202027 min

Meon na mBan - Diúltaithe

Ag tabhairt aghaidh ar suímh ina dtugtar droim láimhe dúinn - labhraíonn Muireann Ní Chearúil, Sara McNamara agus Lynn Rickard ar na mothúcháin a bhaineann leis an ndiúltú i saol na hoibre, i gcúrsaí grá, agus idir cairde.

Feb 03, 202027 min

Meon na mBan - Ciontach

Gráinne Sharkey, Éirin Ní Chearúil agus Sara McNamara ag labhairt ar an gciontacht pearsanta agus sóisialta, ag gabháil leithscéalta agus teanga leithscéalach na mban.

Jan 27, 202027 min

Meon na mBan - Spóirt na mBan

Labhair Sara McNamara le Máire Ní Bhraonáin (Anailisí Spóirt le Nemeton TV agus GAA BEO TG4) agus Máire de Staic (Na Gaeil Óga) mar gheall ar mhná sa spórt, faoina dtaithí pearsanta agus dul chun cinn na mban ag leibhéal náisiúnta.

Jan 13, 202028 min

Meon na mBan: Nollaig na mBan - bí níos Queer Eye!

Labhair Niamh Ní Chróinín, Edel Ní Bhraonáin, Sara McNamara, Róisín Ní Mhaoláin, agus Ciara Ní É, a bhunaigh Meon na mBan ar an gcéad lá riamh, os comhair slua i gClub Chonradh na Gaeilge Oíche Nollaig na mBan. Bhí comhrá acu faoi rúin na hathbhliana, spriocanna pearsanta agus faoin bhfís atá acu do 2020.

Jan 06, 202029 min

Meon na mBan: Slán le 2019

Labhraíonn Sara McNamara, Deirdre agus Éirin Ní Chearúil ag caint ar scéalta móra na bliana, i dtaobh na nuachta, agus sa bpopchultúr! Bígí ag súil le plé ar Greta Thunberg, athrú aeráide, tuilte Venice, tine Notre Dame, Maria Bailey, Meghan Markle, Queer Eye, agus neart eile!

Dec 16, 201927 min

Meon na mBan: Lá Idirnáisiúnta na bhFear

Ardaítear ceist na patrarcachta go minic ar #MeonnamBan, agus labhraítear faoi na fadhbanna a eascraíonn as an gcóras céanna. Ach an gcothaíonn sé fadhbanna do na fir chomh maith? Labhair Orlagh agus Emma le Gareth O'Hara agus Jeaic Mag Fhinn mar gheall ar an bhfearúlacht, steiréitíopaí, agus mothúcháin ar an eagrán speisialta seo den phodchraoladh. Meon na bhFear, más ea!

Nov 20, 201930 min

Meon na mBan: Idir áilleacht 's alltachta

Labhraíonn Edel Ní Bhraonáin, Deirdre Ní Chearúil, Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill agus Emma Ní Chearúil mar gheall ar na caighdeáin áilleachta atá leagtha amach ag an tsochaí agus an caidreamh atá againn leis an margadh céanna.

Nov 11, 201928 min

Meon na mBan: Tríocha Bliain ag Fás

Triocha bliain ag fás, ag flirteáil is faoi bhláth: an bhfuil brú agus buairt ag baint leis an uimhir tríocha i saol na mban agus cad as a dtagann siad? Tugann painéal na seachtaine Muireann Ní Chearúil, Róisín Ní Mhaoláin agus Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill aghaidh ar an gceist.

Oct 28, 201927 min

Meon na mBan: Obair & Oideachas

Labhair Katie Whelan, Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill agus Ola Majekodunmi faoina dtaithí san ionad oibre agus sa chóras oideachais. D'ardaigh siad ceisteanna spéisiúla agus pointí tábhachtacha faoin méid atá fós le déanamh ó thaobh cothromaíocht inscne.

Oct 14, 201927 min

Meon na mBan: "Patriarchy Chicken"

Lynn Rickard, Róisín Ní Mhaoláin, Sinéad Ní Scollaigh: tithíocht, taisteal & tuairimí an phainéil mar gheall ar shaol na cathrach.

Sep 30, 201927 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android