Gaeilge na hArdteistiméireachta -  Siollabas Nua - podcast cover

Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Beidh deis ag daltaí na hArdteiste 2012 guth na bhfilí agus na n-údar eile atá ar an gcúrsa Gaeilge a chloisint ar Raidió na Life 106.4 FM sna seachtainí agus míosa amach romhainn. Sa chéad chlár den sraith nua seo, beidh cur síos ar an gcúrsa Gaeilge trí chéile. Leanfar idir seo agus saoire na Nollag le plé agus díospóireacht ag painéal múinteoirí ar ábhar an chúrsa litríochta. San athbhliain, beidh ocht gclár ag plé leis an mBéaltriail agus clár amháin ag cur treorach agus eolais ar fáil do dhaltaí ar an gCluastuiscint, Léamhthuiscint agus Ceapadóireacht. Is le cabhair ó chiste craoltóireachta Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a dhein an comhlucht léiriúchán Scéal Eile na cláracha seo do Raidió na Life 106.4FM.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Clár 11 - Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua - Raidió na Life

Clár 11. Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama. "An Gnáth Rud" Gearrscéal le Deirdre Ní Grianna lonnaithe i mBéal Feirste. Cloisfear guth an údair agus í ag léamh sleachta as a scéal agus tabharfaidh sí léargas dúinn ar an gcúlra. "Canary Wharf" Gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin. Beidh Orna ag léamh sleachta as an scéal Canary Wharf agus ag cur síos ar an gcnuasach.

Dec 16, 201127 min

Clár 10 - Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua - Raidió na Life

Clár 10. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille."Oisín i dTír na nÓg" Seanchas na Féinne – Niall Ó Dónaill.Tá scéal Óisín curtha le ceoil ag Colm Mac Séalaigh agus beidh leagan álainn le chloisint ar an gclár á chanadh agus á sheinnt ag Na Fíréin. Ar Lipéid Gael-Linn"Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne" Nessa Ní Shé a chuir in eagar. Plé.

Dec 09, 201128 min

Clár 9 - Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua - Raidió na Life

Clár 9. Painéal: Ciarán Ó Duinneacha agus Bernadine Nic Giolla Phádraig."Cáca Milis" le Brian Lynch.Sliocht as an gearrscannán le cead Igloo Films.Plé ar an scannaíocht mar mhódh múinte. "Gafa": An túdar Ré Ó Laighléis ag cur síos ar a úrscéal agus ag léamh sleachta as.

Dec 02, 201128 min

Clár 7 - Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua - Raidió na Life

Clár 7. Painéal: Ciarán Ó Duinneacha agus Bernadine Nic Giolla Phádraig."Hurlamaboc" Cloisfear sliocht as an úrscéal á léamh ag an údar Éilís Ní Dhuibhne agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an scéal seo a scríobh."Dís" Gearrscéal i bhfoirm comhrá le Siobhán Ní Shúilleabháin.

Nov 18, 201128 min

Clár 4 - Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua - Raidió na Life

Clár 4. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille. "Mo Ghrása idir Lúibíní" á léamh ag an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill agus cur síos uaithi ar chúlra an dáin. "Caoineadh Airt Úi Laoghaire" le Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Sliocht á léamh ag an aisteoir Audery Ní Fhearaíl.

Oct 28, 201128 min

Clár 3 - Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua - Raidió na Life

Painéal: Ruaidhrí Ó Báille agus Robbie Ó Cróinín. "Eiceolaí" le Biddy Jenkinson, á léamh aici féin agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an dán a scríobh. An Spailpín Fánach. Ní fios cé a chum. An t-aisteoir Tadhg Ó Bric ag léamh roinnt véarsaí i bhfoirm fileata agus cúpla véarsa á gcanadh ag John Spillane ón ndlúthdhiosca "More Irish Songs We Learned at School" atá ar lipéad EMI.

Oct 21, 201127 min

Clár 2 - Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua - Raidió na Life

Painéal: Micheál Ó Ruairc agus Áine Ní Ghlinn "Fill Arís" le Seán Ó Ríordáin. "An tEarrach Thiar" le Máirtín Ó Direáin". Cloisfear na filí ag léamh a gcuid dánta, a bhuíochas san do Ghael-Linn agus na dlúthdhioscaí atá eisithe acu leis na mbeirt shár fhile ag léamh a saothar féin.

Oct 14, 201128 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android