Ar an gclár seo labhraíomar le Mícheál Ó Conghaile faoin imeacht seo ar líne "Muintir na Gaeltachta in Éirinn agus na Maoraigh sa Nua-Shéalainn" a bhí ar siúl an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh ón uair seo anuraidh a rinne mé le Dan McWilliams, a bhí ag teagasc daltaí in Alberta Ceanada, ag an am mar chuid den chlár ICUF, ó Bhéal Feirste faoin teagasc agus faoin cíbearghaeltacht, Trasna na dTonnta a bheas ar siúl arís an tseachtain seo chugainn i mbliana....
Nov 30, 2021•29 min
Ar an gclár seo, labhraíomar le Barry Ó Séanáin, a oibríonn ar chúrsaí forbartha agus seachtracha le hIonad na nEalaíon Gaelaigh i gCathair Nua Eabhrac agus é ag labhairt linn faoi athoscailt foirgneamh nua an Ionaid mí na Nollag agus na féidearthachtaí nua a bheidh ann don phobal Gaelach sa chathair leis. Labhróidh sé faoin bhFéile is mó Gaelach a bheas acu freisin agus na himeachtaí éagsúla atá ar an gclár do na míonna amach romhainn!
Nov 23, 2021•26 min
Ar an gclár seo bhí Eóin Mac Domhnaill ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaig linn chun caint faoin seimineár spéisiúil a bheidh ag Buanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge ar spéis leo an dlítheangeolaíocht ar an 25 Samhain.
Nov 16, 2021•26 min
Ar an gclár seo labhraíomar le Greagóir Ó Dáire atá mar léachtóir in Uppsala ag labhairt linn faoin saol ansin sa tSualainn. Chomh maith leis sin bhí Ben Ó Ceallaigh, léachtóir i Roinn an Léann Ceiltigh in Ollscoil Aberystwyth ag labhairt linn faoin Roinn agus a chuid oibre ansin!
Nov 09, 2021•25 min
Ar an gclár seo, bhí Philomena Begley linn ón ngrúpa, an Ghaeltacht sur Seine i bPáras na Fraince tar éis don ghrúpa páirt a ghlacadh i gComhra 2021 Dé Céadaoin seo caite le labhairt faoi conas mar a d'éirigh leis! Chomh maith leis sin bhí Angus Lambkin arb as Béal Feirste dó ó dhúchas linn, atá ar a bhealach go Cabúl na hAfganastáine chun dul i mbun oibre sa tír le foireann Comhordaithe Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe.
Oct 19, 2021•29 min
Ar an gclár seo labhair Brónagh Ní Chuillinn linn faoi chrith talún in oirdheisceart na hAstráile le gairid agus an méid a thit amach ó shin. Chomh maith leis sin bhí an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Bhéal Feirste agus an imeacht, 'The Bunting Collection' a mbeidh sé féin ag seinm aige le Laoise Kelly agus Stephen Rea.
Oct 12, 2021•28 min
Ar an gclár seo bhí Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann ag caint linn faoi chomórtas Fulbright atá ar oscailt anois. Chomh maith leis sin bhí Béibhinn O'Sullivan ó Tharrtháil Rón Éireann ag insint dúinn faoi Wally an Rosualt a chuaigh ar thuras go Corcaigh, Dairbhre agus fud fad na hEorpa ar a shlí ar ais go dtí an Ciorcal Artach!
Oct 05, 2021•29 min
Ar an gclár seo labhraíomar le Manchán Magan faoi chúrsaí taistil domhanda agus cúrsa scríbhneoireachta a dhéanfaidh sé le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann faoin scríbhneoireacht taistil. Chomh maith leis sin bhí Máirtín Colféir ag labhairt linn faoina shaol i Kingston Ontario, Ceanada agus a chuid oibre i Montréal.
Sep 28, 2021•29 min
Bhí Ola Majekodunmi, Ambasadóir na hOíche Chultúir linn le labhairt faoin bhféile agus a ról féin. Chomh maith leis sin bhí Micheál Ó Duibh ag caint linn faoi thaighde a rinneadh faoi Ghaeil ar fud na cruinne agus an aip atá á fhorbairt aige!
Sep 21, 2021•27 min
Ar an gclár seo bhí ár dtuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag labhairt linn faoi na Cluichí Paralimpeacha agus ráth Foireann na hÉireann. Chomh maith leis sin chualamar an dara leath d'agallamh na seachtaine seo caite leis an ársa comhairc SSG Séamus Fennessy faoi chúrsaí san Afganastáin.
Sep 07, 2021•30 min
Ar an gclár seo chualamar ó Mháirtín de Cógáin faoina chuid ceoil agus faoi Fhéile na nGael i Milwaukee. Chomh maith leis sin beidh an t-ársa comhairc SS Séamus Fennessy ag labhairt linn faoi chúrsaí san Afganastáin i láthair na huaire tar éis dó labhairt faoi ar CNN le gairid agus am a chaitheamh sa tír thar na blianta.
Aug 24, 2021•28 min
Ar an gclár seo bhí Frank Reidy, iarcheannfort airm, ag labhairt linn faoi chúrsaí san Afganastáin i láthair na huaire le linn achrainn agus streachailte tar éis do na Stáit Aontaithe an tír a fhágáil agus an Taliban teacht i gcumhacht. Chomh maith leis sin bhí Seoirsín Ní Mheachair ó Dhaltaí na Gaeilge ag labhairt linn faoin gcaint a dhéanfaidh sí ag an Big Irish Campfire leis an Irish Echo.
Aug 24, 2021•30 min
Ar an gclár seo bhí Robert Henneberg ag labhairt linn faoina aistriú go hÉirinn le bheith ag obair le hAmbasáid na Gearmáine in Éirinn agus comóradh 60 bliain den tús de thógáil Balla Bheirlín. Chomh maith leis sin bhí Sheila Scott in Ottawa, Ceanada ag insint dúinn faoi na naisc idir Éirinn agus Ceanada agus leachtanna na hÉireann i gCeanada i measc eile.
Aug 17, 2021•30 min
Ar an gclár seo chualamar an dara leath den agallamh le Lonán Ó Lorgnáin i Melbourne na hAstráile ar chúrsaí sa chathair atá díreach tar éis teacht amach as dianghlasáil, ilteangachas agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Brian Ó Broin i New Jersey na Stát Aontaithe ag labhairt linn faoina úrscéal nua do dhéagóirí a tháinig amach le gairid dar teideal Eachtra ar Oileán na Rún.
Aug 10, 2021•29 min
Ar an gclár seo labhair ár dtuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh linn chun spléachadh a thabhairt dúinn ar na Cluichí Oilimpeacha, Simone Biles agus Foireann na hÉireann go dtí seo. Chomh maith leis sin bhí Lonán Ó Lorgnáin linn ó Melbourne na hAstráile le labhairt faoi chúrsaí sa chathair atá díreach tar éis teacht amach as dianghlasáil, ilteangachas agus go leor eile.
Aug 03, 2021•30 min
Ar an gclár seo bhí Tadhg Mac Eoin ag caint linn faoin duais a bhronn Foras na Gaeilge air le gairid agus a chuid taighde ar fhoclóireacht Gaeilge LADTA+. Chomh maith leis sin bhí Helen Concannon linn ag caint faoi champa samhraidh idirnáisiúnta 'Octagon' ar líne de chuid Bantreoraithe na hÉireann agus ceiliúradh 110 bliain na Bantreorach na hÉireann.
Jul 27, 2021•27 min
Ar an gclár seo, labhair Tomás Hoey linn faoina shaol i Minneapolis, a chuid scéalaíochta, a scéal grá lena fhear chéile Paul agus a ngarpháistí, a throid leis an ailse, a shaoire go dtí an Oileán Kaua'i le gairid, cultúr an oileáin agus go leor eile.
Jul 20, 2021•26 min
Ar an gclár seo labhair Ciara Ní Éannacháin linn ó Stiúideo Cuan faoi na cúrsaí samhraidh "Fís" atá á reáchtáil acu agus na scoláireachtaí atá ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin bhí Cormac Breathnach ó Fhoras na Gaeilge ag caint linn faoi bhua Tadhg Mac Eoghain, an chéad duine le Bonn Néill Uí Dhónaill a bhuachan agus an bronnadh ag Ambasáid na hÉireann i mBeirlín le gairid.
Jul 13, 2021•26 min
Ar an gclár seo labhair Daithí Irvine linn ó Latharna, gar do Bhéal Feirste arb as dó ó dhúchas, faoina thuras foghlama leis an nGaeilge agus na daoine a mbuaileann sé leo as gach cearn den domhan na laethanta seo ar chiorcail comhrá ar líne ó bhris paindéim Covid-19 amach anuraidh. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Bhrónagh Fusco, Oifigeach Ealaíona Pobail le Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich faoi Fhéile Griangraf Bhéal Feirste agus taispeántas mar chuid de dar teideal 'Unperson' ó Tom Franco, a thug...
Jul 06, 2021•23 min
Ar an gclár seo labhair Eamon Ó Cíosáin linn faoi chinneadh Chomhairle Bunreachta na Fraince ar achomharc in aghaidh altanna i ndlí Molac a thug cosaint do ghnéithe áirithe d'úsáid teangacha réigiúnacha na Fraince. Chomh maith leis sin labhair Dylan James Mac Lochlainn linn faoin mbliain a bhí aige mar dhochtúir i rith na paindéime in Oxford Sasana.
Jun 29, 2021•29 min
Clár speisialta é seo d'Fhéile Bróid 2021 agus ceiliúradh de 300 clár de Fada is Fairsing! Ar an gclár tá agallamh speisialta le bunaitheoir an Queercal Comhrá Don Ó Donnacháin, duine a d'oibrigh go dian do phobal LADTA+ na Gaeilge agus a chaith blianta i mbun iriseoireachta timpeall na cruinne ón Éigipt, go dtí an Túnéis, go Libia agus an tSiria. Labhraíomar faoina chuid iriseoireachta, an staidéar a rinne sé i Nua Eabhrac agus sa Bhruiséil agus an obair atá idir lámha aige anois le Turas agus ...
Jun 22, 2021•53 min
Ar an gclár seo bhí Aodán Mac Séafraidh ag labhairt linn faoina am thar sáile san Astráil, stair na nÉireannach sa tír agus a chuid oibre le Turas, eagraíocht lonnaithe in Oirthear Bhéal Feirste, a oibríonn chun an Ghaeilge, Cultúr agus Oidhreacht Chúige Uladh a chur chun tosaigh.
Jun 15, 2021•30 min
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Breathnach ag labhairt linn faoi chás na Palaistíne i láthair na huaire, a chuid scribhneoireachta faoi agus conas is féidir linn tacú le muintir na Palaistíne uaidh seo in Éirinn.
Jun 08, 2021•27 min
Ar an gclár seo bhí Marcas Mac an Tuairnéir ag labhairt linn trí Ghaeilge na hAlbain (Ghaidhlig) faoina shingil úr Nochd, Féile Bróid agus tús na féile linn anois, agus go leor eile! linktr.ee/marcasmac Chomh maith leis sin bhí Pádraic Déiseach ag labhairt linn faoi réimse folúntas atá ar oscailt d'iarratais do dhaoine le Gaeilge le Parlaimint na hEorpa faoi láthair.
Jun 01, 2021•27 min
Ar an gclár seo, bhí Neil Farron, eagarthóir ar an iris Eurovoix, linn ag trácht ar bheith i láthair i Rotterdam don Chomórtas Eoraifíse! Chomh maith leis sin bhí Damian McElgunn ag labhairt linn faoin scannán Gaeilge a rinne sé faoin bpobal Gaeilge i Vancouver dar teideal 'Idir Muir agus Spéir'.
May 25, 2021•27 min
Ar an gclár seo, labhair Vikki Ní Bhréin linn faoi dheireadh seachtaine Gaeilge ar mhúin sí aige le lucht Gaeltacht an Mheánoirthoir (Midwest na Stáit Aontaithe). Chomh maith leis sin bhí Mícheál Furlong ag caint linn faoi Phop Up Gaeltacht Ceantar Cuain San Francisco.
May 18, 2021•28 min
Ar an gclár seo labhairt Hynek Daniel Janoušek linn ó Phrág i bPoblacht na Seice faoina shaol ansin agus an dochtúireacht atá idir lámha aige in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain.
May 11, 2021•23 min
Ar an gclár seo labhair Gearóid Ó Greacháin linn ó chraobh Darkness into Light na Bruiséile ar son Pieta House faoin ngrúpa agus an méid a bheidh ar siúl acu ar líne i mbliana. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le cuid de mo chéad chlár taifeadta ón mbaile i rith na dianghlasála - bliain ó shin anois.
May 04, 2021•30 min
Ar an gclár seo labhair Rónán Ó Dálaigh linn faoina tionscnamh Thriftify atá ag dul ó neart go neart le déanaí le custaiméirí in Éirinn agus ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhair Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain faoina aistriú ó Londain go hÉirinn le gairid, Comhdháil na Breataine ar líne ar an 19 Meitheamh agus faoina ról nua ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge.
Apr 27, 2021•29 min
Ar an gclár seo labhair Rossa Ó Snodaigh linn faoi Oileáin Mhanainn, an Mhanannais, obair atá ar siúl aige féin le muintir an oileáin agus cosúlachtaí agus difríochtaí idir cás na Manannaise agus cás na Gaeilge.
Apr 20, 2021•28 min